An tAire Heydon ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht, leag an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht as Taighde agus Forbairt, Martin Heydon, TD, béim ar an tábhacht a bhaineann le rochtain chomhionann agus rannpháirtíocht na mban agus na gcailíní san eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (STEM).
Agus é ag fáiltiú roimh théama na bliana seo – ‘Gach duine a thabhairt chun tosaigh ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe agus chothrom’, dúirt an tAire Heydon:
“Tá rannpháirtíocht na mban san eolaíocht, i mbeartas agus i gcinnteoireacht ríthábhachtach chun sochaí dhaonlathach atá comhionann, a fheidhmíonn go maith a chinntiú in Éirinn agus thar lear araon.
Ag labhairt dó ar rannpháirtíocht na mban san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus sa nuálaíocht, dúirt an tAire Heydon:
“In 2022, bhronn mo Roinn cistiú thart ar €20 milliún ar 40 tionscadal taighde. Tá taighdeoirí ban i gceannas ar thríocha a hocht faoin gcéad de na tionscadail. Bhí ráta ratha an-ard ann do bhan-chomhpháirtithe maoinithe na hÉireann ar thionscadail idirnáisiúnta atá páirt-mhaoinithe ag an Roinn seo, agus bhí bean ag feidhmiú mar phríomh-chomhpháirtí ar 10 gcinn de na 15 tionscadal, arbh ionann é agus os cionn 70% den chistiú”.
Tá an Dr. Dominika Krol, Oifigeach Taighde Sinsearach i dTeagasc, ina ceannaire ar cheann de na tionscadail ar éirigh leo cistiú DAFM a fháil in 2022. Déanann an Dr. Krol taighde ar gháis cheaptha teasa ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta éagsúla a thomhas agus imscrúdaíonn sí bealaí chun a dtionchair a laghdú trí chleachtais agus teicneolaíochtaí maolaithe a ghlacadh. Fuair sí cistiú de bhreis is €630,000 le déanaí do thionscadal taighde idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn ar ‘Fachtóirí Astuithe a Bheachtú le haghaidh Tuairisciú Fardail’, agus in éineacht leis an airgead a fuair a comhpháirtí sa Nua-Shéalainn, tugadh an cistiú iomlán go €1.5 milliún.
Maidir lena taighde, dúirt Dominika gurb é
"an sprioc atá agam cabhrú le hinbhuanaitheacht chomhshaoil thalmhaíocht na hÉireann a fheabhsú trí threoir dea-chleachtais a sholáthar a bhfuil an eolaíocht mar thaca léi". Dúirt sí ‘mar chuid de mo phost, déanaim mo dhícheall ionadaíocht a dhéanamh ar an raon éagsúil páirtithe leasmhara a mbuailim leo, amhail eolaithe, feirmeoirí, lucht déanta beartas agus an pobal i gcoitinne, san uaillmhian chomhroinnte dul i ngleic leis na dúshláin shochaíocha atá ann faoi láthair ar an mbealach is fearr. Trí mhná a áireamh i dtaighde eolaíoch, déanaimid é a fheabhsú, a dhéanamh níos oscailte agus níos cuimsithí, le héagsúlacht guthanna agus cúlraí ag tabhairt smaointe agus peirspictíochtaí úra ar fhadhbanna taighde, ag cuidiú leis an status quo a athrú, agus ar deireadh thiar feabhsaítear an próiseas taighde agus na torthaí don tsochaí''.
Dúirt an tAire Heydon:
''Tá sé ríthábhachtach go spreagfaí agus go bhfeicfí rannpháirtíocht na mban san eolaíocht agus sa nuálaíocht, agus is sampla iontach í Dominika agus a comhghleacaithe de seo. Ar Lá Idirnáisiúnta seo na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht, mholfainn do gach bean óg machnamh a dhéanamh ar ghairm sa réimse seo, go háirithe sna heolaíochtaí agraibhia, foraoise, mara agus bithgheilleagair, agus lorg daoine amhail Dominika a leanúint".