An tAire McConalogue ina óstach ar an gcéad chruinniú de Ghrúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia 2030
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’óstáil an tUasal Charlie McConalogue T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an chéad chruinniú de Ghrúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia 2030 inniu.
Leag an tAire McConalogue béim ar an ról suntasach atá ag earnáil na curaíochta i seasmhacht bhia agus bheatha na hÉireann trí tháirgí ardchaighdeáin a chur ar fáil don tionscal beatha ainmhithe agus don tionscal bia agus deochanna.
Leag an tAire amach a thacaíocht agus a uaillmhian chun an limistéar curaíochta a mhéadú, rud atá aitheanta mar cheann de na hearnálacha is éifeachtúla ó thaobh carbóin de i dTalmhaíocht na hÉireann, mar atá leagtha amach in Fís don Bhia 2030 agus sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 le limistéar curaíochta sprice de 400,000 heicteár faoi 2030.
Agus é ag labhairt leis an nGrúpa, dúirt an tAire:
“Tá ról an-tábhachtach ag an earnáil curaíochta maidir le cur lenár seasmhacht bia agus beatha. Cuireann sé gráin d'ard-chaighdeán ar fáil don tionscal bia ainmhithe agus tuí le haghaidh beathú agus leabú. Cuireann sé go mór freisin le hearnáil an bhia agus na ndeochanna, earnáil atá ag dul ó neart go neart.”
Ag an gcruinniú leis an nGrúpa, grúpa déanta de rannpháirtithe ó eagraíochtaí feirmeoireachta, tionscal agus Comhlachtaí Stáit, d’aithin an tAire McConalogue na deacrachtaí atá ag saothróirí curaíochta faoi láthair, agus dúirt sé, “Is maith is eol dom na hábhair imní atá ann faoi láthair i measc saothróirí curaíochta le praghsanna gráin níos ísle agus costais arda ionchuir mar aon le dálaí deacra aimsire a raibh tionchar acu ar chur an fhómhair agus an earraigh”.
Dúirt an tAire freisin
“ní mór dúinn díriú ar an iliomad deiseanna atá faoinár smacht a fhorbairt agus creidim gur féidir linn oibriú le chéile chun an earnáil thábhachtach seo a fhás sna blianta amach romhainn agus a hiomaíochas agus a oiriúnacht chomhshaoil a fheabhsú a thuilleadh ag an am céanna.”
“Creidim gur féidir linn an earnáil thábhachtach seo a fhás sna blianta amach romhainn agus muid ag obair le chéile. Tá earnáil na curaíochta thar a bheith tábhachtach d’éiceachóras foriomlán na hearnála agraibhia. Ó bhia go beatha go hearnáil na ndeochanna, is í earnáil na curaíochta cnámh droma an oiread sin gnéithe dár n-earnáil.”
Dúirt Cathaoirleach an Ghrúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia 2030, Matt Dempsey,
"Tá sé d’acmhainn ag Éirinn táirgeacht ardbharra curaíochta ar ardchaighdeán a tháirgeadh le haghaidh réimse leathan úsáidí. Is é príomhchuspóir an Ghrúpa Curaíochta de chuid Fís don Bhia seo spriocanna soiléire a leagan síos agus beartais a mholadh chun aschur a mhéadú i bhfianaise an ardleibhéil allmhairí san earnáil.”
“Is mór an onóir dom gur iarr an tAire McConalogue orm cathaoirleacht a dhéanamh ar ghrúpáil eolasach agus ionadaíoch dá leithéid agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis na baill chun treoirphlean a fhorbairt a spreagfaidh Earnáil Curaíochta na hÉireann agus í ag iarraidh aschur, éifeachtúlacht agus brabúsacht níos fearr a bhaint amach.”
Chuir an tAire de chúram ar an ngrúpa plean mionsonraithe agus moltaí a chur ar fáil faoi dheireadh mhí Iúil le plean deiridh a chur ar fáil le linn na ráithe deiridh de 2023.