Ardmholadh tugtha ag McConalogue d’Éachtaí na nÉireannach i Cheltenham
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Moladh Moladh ar leith tugtha d’éachtaí ceannródaíocha Rachel Blackmorear leith tugtha d’éachtaí ceannródaíocha Rachel Blackmore
Thréaslaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., le pobal rásaíochta na hÉireann as a gcuid éachtaí ag Féile Rásaíochta Cheltenham an tseachtain seo. Ní raibh cead ag an bpobal freastal ar an bhFéile Rásaíochta i mbliana agus bhí dianphrótacail i bhfeidhm roimh, i rith agus i ndiaidh an imeachta mar thoradh ar Phaindéim COVID-19.
Thréaslaigh an tAire McConalogue le póraitheoirí, úinéirí, traenálaithe, agus marcaigh an 23 capall Éireannach a bhuaigh ag an bhféile agus dúirt sé gur fianaise shoiléir é seo go bhfuil tionscal pórúcháin na hÉireann an-iomaíoch ag leibhéal domhanda. Thréaslaigh an tAire McConalogue le Rachel Blackmore go háirithe, an chéad bhanmharcach a bhuaigh an Cliathrás ar an láir Honeysuckle Dé Máirt. Bronnadh gradam Mharcach na Féile uirthi freisin, ó tharla gur éirigh léi sé rás a bhuachan.
Tá Rachel ag obair mar mharcach gairmiúil ón mbliain 2015 agus tá dul chun cinn déanta aici ó shin i leith; bhuaigh sí a céad rás i Cheltenham in 2019 agus cé gurb é Paul Townend a bhuaigh Craobh Marcach na hÉireann an séasúr sin, ba í Rachel a bhí sa dara háit ar liosta na marcach.
Chomh maith leis sin, thréaslaigh an tAire le Willie Mullins, an traenálaí Éireannach ar éirigh thar cionn leis i rith na seachtaine; d’éirigh leis sé rás a bhuachan ag an bhféile. Is onóir é seo atá bainte amach aige ocht mbabhta le 11 bhliain anuas.
Cé go bhfuil an moladh ar fad i ndáil leis na héachtaí seo á thabhairt do na póraitheoirí, úinéirí, traenálaithe agus marcaigh, tuigeann an tAire McConalogue go bhfuil go leor daoine eile ag obair sa tionscal rásaíochta freisin. Ní bheadh na héachtaí seo bainte amach gan gairmiúlacht agus díograis na ndaoine atá ag obair sa chúlra. Ina measc tá an fhoireann stáblaí, grúmaeirí, giollaí coimhdeachta agus daoine eile, ar ábhar bróid an t-aire a thugann siad do na capaill atá faoina gcúram.
Ar deireadh, ghabh an tAire McConalogue buíochas le Bord Rialála Rásaíocht Capall na hÉireann agus lena chomheagraíochtaí in Údarás Rásaíochta Capall na Breataine as a ngairmiúlacht agus as a chinntiú go raibh aird á tabhairt ar dhianphrótacail COVID-19 i rith na seachtaine. Is fianaise shoiléir é ar conas is féidir comhoibriú rathúil a úsáid chun torthaí dearfacha a chinntiú fiú amháin nuair a bhíonn dúshláin le sárú.
CRÍOCH