Athbhreithniú agus Tuairim Bhliantúil 2022 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara foilsithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Athbhreithniú agus Tuairim Bhliantúil 2022 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara foilsithe.
Tarraingítear aird san athbhreithniú agus sa tuairim ar an tábhacht a bhaineann leis na hearnálacha talmhaíochta, bia agus mara i ndáil leis an ngeilleagar náisiúnta trí chéile. Leagtar béim sa tuarascáil ar na mílte post a bhfuil an earnáil agraibhia ag tacú leo i ngach cathair, baile, sráidbhaile agus paróiste sa tír.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue faoi Athbhreithniú agus Tuairim Bhliantúil 2022,
"Arís eile, is léir go mbaineann tábhacht mhór leis an earnáil agraibhia, an earnáil dhúchasach is mó agus is tábhachtaí sa tír. Is léir freisin go bhfuil ár bhfeirmeoirí agus iascairí, táirgeoirí bia, próiseálaithe agus an slabhra dáileacháin acmhainneach. Is fianaise ar an bpointe sin é an méadú a tugadh faoi deara ar luach na n-easpórtálacha agraibhia anuraidh, méadú a chiallaigh go raibh luach €15.4 billiún luaite le heaspórtálacha anuraidh, an figiúr is mó riamh arb ionann é agus méadú 51% ar an luach i gcomparáid le 2012.
“Bhí táirgí ar ardchaighdeán á n-easpórtáil againn chuig breis is 180 tír, agus tá níos mó táirgí déiríochta ná aon táirge eile á n-easpórtáil, táirgí arbh fhiú breis is €5 bhilliún iad don tríú bliain as a chéile. Easpórtálacha agraibhia a bhí i gceist le 9.5% de na hearraí ar fad a easpórtáladh as Éirinn. Anuraidh, mhéadaigh Meánioncam na dTeaghlaigh Feirme don tríú bliain as a chéile, 26% i rith 2021, agus fuair feirmeoirí Éireannacha íocaíochtaí díreacha agus caipitil a bhí cothrom le beagnach €1.9 billiún faoi scéimeanna a bhí á maoiniú ag an AE agus ag leibhéal náisiúnta.
“Ar ndóigh, bhí dúshláin bhreise le sárú ag an earnáil in 2022, agus chuir ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin leis an mbrú, rud ba chúis le méadú suntasach ar chostais ionchuir ag leibhéil feirme agus phróiseála. Cabhróidh na tacaíochtaí eisceachtúla breise a chuir mo Roinn ar fáil in 2022, agus na tacaíochtaí a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2023, leis an earnáil déileáil leis na dúshláin seo.”
In 2021, bhí 135,037 feirm, 808,848 heicteár faoi fhoraoiseacht agus beagnach 1,900 árthach iascaireachta in Éirinn. Bhí 170,400 duine nó 7.1% d'fhoireann oibre an oileáin fostaithe san earnáil, agus bhí beagnach 14% den fhoireann oibre sna réigiúin thuaithe agus chósta fostaithe san earnáil. Bhí beagnach 56,000 de na daoine sin ag obair san 2,000 fiontar bia agus dí ar fud na tíre.
Tá earnáil agraibhia na hÉireann dírithe ar an domhan mór, agus tá thart ar 90% de mhairteoil, caoireoil agus táirgí déiríochta na tíre á easpórtáil. Is í an Ríocht Aontaithe ár gcomhpháirtí trádála is mó agus tá 38% (€5.8 billiún) de na táirgí agraibhia ag dul i dtreo na Ríochta Aontaithe; tá 31% (€4.8 billiún) de na táirgí ag dul chuig tíortha Eorpacha agus tá 31% (€4.8 billiún) ag dul chuig tíortha eile ar fud an domhain. Ba iad na Stáit Aontaithe an dara ceann scríbe easpórtála is mó agus ba í an Ísiltír an tríú ceann scríbe is mó, tíortha a raibh táirgí Agraibhia a raibh luach sa bhreis ar €1.2 billiún á n-iompórtáil acu in 2021. Bhí táirgí déiríochta luach €5.1 billiún á n-easpórtáil don tríú bliain as a chéile, an earnáil easpórtála is mó, agus bhí luach €2.4 billiún de mhairteoil á heaspórtáil, luach €1.8 billiún de dheochanna agus cineálacha eile feola luach €1.6 billiún.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire mar fhocal scoir,
“Beidh neart dúshlán le sárú ag an earnáil as seo go ceann deich mbliana fad is a bheidh iarrachtaí á ndéanamh againn a bheith níos inbhuanaithe. Trí úsáid a bhaint as Fís Bia 2030 mar threochlár, is féidir linn a chinntiú go bhfuil sé mar aidhm ag an tionscal trí chéile díriú ar thrí cholún na hinbhuanaitheachta – timpeallacht, sochaíoch agus geilleagrach.”
Tá eolas agus anailís staitistiúil cothrom le dáta le fáil in Athbhreithniú agus Tuairim Bhliantúil 2022 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, eolas agus anailís atá bunaithe ar fhoinsí éagsúla, a bhfuil sé mar aidhm leis léargas mionsonraithe a thabhairt ar earnáil agraibhia na hÉireann mar aon le léargas ar an méid atá i ndán don earnáil amach anseo. San áireamh i bhfoilseachán na bliana seo tá caibidlí maidir leis an Earnáil Agraibhia agus an Geilleagar; Ioncam agus Struchtúir Feirme; Tráchtearraí agus Ionchuir Thalmhaíochta; Foraoiseacht; Iascaigh & Dobharshaothrú; trádáil na hearnála Agraibhia; Beartas Eorpach agus Idirnáisiúnta agus an Timpeallacht agus Forbairt na Tuaithe. Tá an tAthbhreithniú foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: gov.ie - Annual Review and Outlook for Agriculture, Food and the Marine 2022 (www.gov.ie)
Chomh maith leis sin tá tuarascáil dar teideal “Measúnú ar Impleachtaí Socheacnamaíocha an Aistrithe chuig Earnáil Agraibhia Ísealcharbóin” foilsithe ag an Roinn, tuarascáil ina dtugtar léargas ar an bhfianaise atá foilsithe faoi láthair agus céim thosaigh chun cinn i ndáil le haird a tharraingt ar an dúshlán a bheidh le sárú ag an earnáil agraibhia amach anseo agus ar na breithniúcháin chasta a mbeidh tábhacht ag baint leo i ndáil le cabhrú leis an earnáil a spriocanna maidir le gníomhú ar son na haeráide a chomhlíonadh.