Athoscailt na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí fógartha ag an Aire Hackett
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go mbeidh an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí ag athoscailt d'iontrálaithe nua sa chéad seachtain de mhí an Mhárta, faoi réir chead a fháil ó Choimisiún an AE. Táthar ag súil go mbeidh méadú suas le 30% ar líon na bhfeirmeoirí a bhíonn i mbun feirmeoireachta orgánaí in Éirinn i mbliana mar thoradh ar an athoscailt, faoi réir chead ó Choimisiún an AE.
Is éard a dúirt an tAire Hackett, agus an Scéim á hoscailt aici,
"Tá ríméad orm go bhfuilim in acmhainn tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí na hÉireann ar mhaith leo tabhairt faoi fheirmeoireacht orgánach. Glacann an fheirmeoireacht orgánach go fonnmhar leis an nádúr agus leis an bpróiseas nádúrtha chun bia orgánach a tháirgeadh, bia a bhfuil éileamh ag ardú ina leith anseo in Éirinn agus ar fud na hEorpa araon. Léiríonn athoscailt na scéime seo, lena mbaineann maoiniú agus raon breise do i bhfad níos mó feirmeoirí chun páirt a ghlacadh, tiomantas mo Roinne i dtaobh cuidiú le feirmeoirí an t-éileamh sin a shásamh."
Dúirt an tAire chomh maith, agus í ag tagairt don líon níos mó a dhéanfar soláthar dóibh,
"Táthar ag súil go mbeidh idir 400 agus 500 feirmeoir nua ábalta páirt a ghlacadh sa scéim. Is ionann sin agus infheistíocht bhreise shuntasach i bhfeirmeoireacht orgánach, ar féidir tabhairt fúithi mar gheall ar an €4 mhilliún breise a fuair muid i mbuiséad na bliana seo. Cuideoidh sé linn spriocanna a leagtar amach i gClár an Rialtais limistéar talún orgánach na hÉireann a bheith ag teacht le meán reatha an AE a bhaint amach le linn shaolré an Rialtais seo.”
Is beart agra-chomhshaoil atá sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí faoi Chlár Forbartha Tuaithe na Roinne. D'fhéadfadh feirmeoirí a ghlacann páirt sa scéim a bheith incháilithe d'íocaíocht bhliantúil suas le €220 an heicteár sa bhliain le linn na tréimhse aistrithe agus íocaíochtaí suas le €170 an heicteár nuair a bheidh stádas iomlán orgánach bainte amach acu. Tá rátaí níos airde ar fáil d'fheirmeoirí gairneoireachta agus curaíochta orgánaí.
Dúirt an tAire chomh maith, agus í ag moladh d'fheirmeoirí iarratas a dhéanamh ar an scéim,
"Táim sásta tús áite a thabhairt do na hearnálacha sin lena mbaineann an t-éileamh is mó sa mhargadh, is iad sin an earnáil déiríochta, an earnáil gairneoireachta agus an earnáil curaíochta, ach ba mhaith liom a mholadh d'fheirmeoirí óga chomh maith aistriú a dhéanamh chuig feirmeoireacht orgánach, dá bhrí sin, beidh mé ag déanamh soláthar sa phróiseas roghnúcháin chun sin a bhaint amach. Cinnteoidh mé chomh maith go dtabharfar aitheantas do thiomantas na bhfeirmeoirí sin nár éirigh leo páirt a ghlacadh sa scéim roimhe seo ach a lean den fheirmeoireacht orgánach, trí rochtain tosaíochta a sholáthar."
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,
"Tá an scéim agus an maoiniú ag teacht go dlúth leis na spriocanna atá sa Straitéis Náisiúnta Feirmeoireachta Orgánaí go dtí 2015 agus cuideoidh sé linn iad a sheachadadh. Mar sin, táim ag súil leis na sonraí ar fad a fhógairt nuair a osclóidh iarratais an 1 Márta. Idir an dá linn, mholfainn d'iarratasóirí ionchasacha am a chur i leataobh chun rannpháirtíocht sa scéim a mheas agus leas a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil ar mhaithe le haistriú."
Nóta d'Eagarthóirí:
An Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (OFS)
• Tá an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí ar cheann de na scéimeanna is rathúla faoin gClár Forbartha Tuaithe reatha. Ba é an sprioc a bhain leis an RDP tuairim is 16,000 heicteár de thalamh nua a mhealladh chun bheith faoi tháirgeadh agus chun tacú le 46,000 heicteár de thalamh aistrithe. Tá na spriocanna sin sáraithe mar go bhfuil tuairim is 74,000 heicteár talamh anois atá faoi tháirgeadh orgánach.
• Ní mór d'iarratasóirí ansin, an talamh orgánach atá acu a dhearbhú ina ndearbhú BPS bliantúil, a ghlacfar san áireamh agus rannpháirtíocht sa Scéim á mheas.
• Is dóigh go n-eiseofar litreacha chuig iarratasóirí a n-éireoidh leo i nDeireadh Fómhair, agus táthar ag súil go n-eiseofar íocaíocht na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí i mí na Samhna i mbliana.
• Tá 1,460 feirmeoir páirteach sa OFS reatha i láthair na huaire.
• Beidh na sonraí ar mar a dhéanfar agus cá ndéanfar iarratas ar fáil nuair a sheolfar an scéim go foirmeálta an 1 Márta.
CRÍOCH