Fáiltíonn an tAire Sláinte agus an tAire Sláinte Poiblí roimh fhoilsiú Straitéis Ghníomhaíochta Aeráide FSS
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Hildegarde Naughton roimh fhoilsiú Straitéis Gníomhaíochta Aeráide Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Leagtar amach sa Straitéis seo uaillmhianta, gníomhartha agus spriocanna an FSS a chuirfidh ar a chumas glan-astaíochtaí niallais a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050, agus cúram sláinte atá inbhuanaithe don chomhshaol agus go sóisialta a sheachadadh. Ailíníonn sé go dlúth le gealltanais náisiúnta aeráide agus tógann sé orthu mar atá leagtha amach sa Chlár don Rialtas, san Acht Aeráide agus i bPlean Gníomhaíochta Aeráide an Rialtais uile.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá sraith gealltanas an-uaillmhianach agus dúshlánach glactha ag Éirinn, chun ár n-astaíochtaí a laghdú 51% faoi 2030 agus chun aerráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, rud a bhfuil mo chomhghleacaithe ar fud an Rialtais agus mé féin tiomanta do sheachadadh.
“Le seoladh a Straitéis Ghníomhaíochta Aeráide inniu, d’aithin FSS raon leathan réimsí inar féidir lorg carbóin na hearnála sláinte a laghdú agus ár n-athléimneacht i leith thionchair an athraithe aeráide a mhéadú. Áirítear ar a cuspóirí straitéiseacha tosaíochtaí náisiúnta na hearnála poiblí araon, amhail dul i ngleic lena timpeallacht thógtha, chomh maith le réimsí inar féidir le FSS beart uaillmhianach a dhéanamh agus tacú le huaillmhian na hearnála sláinte níos leithne. Beidh sé seo ina thacaíocht agus ina bhreis ar ár n -iarrachtaí náisiúnta.”
Luaigh an tAire Naughton:
“Ar an gcéad dul síos, cuirtear fáilte roimh an Straitéis seo leis an bhfreagra náisiúnta ar an dúshlán aeráide mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2023. Thairis sin, aithníonn sé an deis atá ag FSS dul i dteagmháil lena soláthraithe agus tacú le huaillmhéine aeráide, agus d’fhéadfadh sé seo athrú mór a dhéanamh ar dhul i ngleic le hastaíochtaí níos leithne san earnáil sláinte. Tá áthas orm freisin go n-aithníonn sé ról an taistil ghníomhach agus na soghluaisteachta, a nascann go dlúth le gnéithe sláinte agus folláine mo phunann féin.”
Cuireann an Straitéis Ghníomhaíochta Aeráide creat i bhfeidhm don FSS chun gníomhú ar fud sé réimse tosaíochta fócais, eadhon a thimpeallacht thógtha agus glas, iompar agus soghluaisteacht, soláthar, soláthar cúram sláinte, bainistíocht uisce agus dramhaíola, agus oiriúnú agus athléimneacht. Ailíníonn sé freisin le beartais náisiúnta aeráide agus le hoibleagáidí aeráide FSS mar chomhlacht earnála poiblí.
CRÍOCH
Leagann Straitéis FSS um Ghníomhú ar son na hAeráide amach cuspóir don FSS glan-astaíochtaí niallais a bhaint amach faoi 2050 agus cúram sláinte atá inbhuanaithe don chomhshaol agus go sóisialta a sheachadadh. Tógann sé ar chuspóirí náisiúnta aeráide mar atá leagtha amach i bPleananna Gníomhaíochta Aeráide uile-Rialtais agus ar na gealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí san Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin 2021. Tá an Straitéis tiomanta do ghníomhaíocht ar fud na saincheisteanna a bhaineann le húsáid fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh, astaíochtaí iompair agus soghluaisteachta, astuithe slabhra soláthair agus inbhuanaitheacht, múnlaí cúram sláinte níos glaise, laghdú dramhaíola agus athchúrsáil, úsáid uisce, cur chun cinn spásanna glasa agus athléimneacht an chórais sláinte i leith tionchair an athraithe aeráide.
Tá an Stát tiomanta do leasuithe i 2021 ar Acht na hÉireann um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin glan-astaíochtaí niallais a bhaint amach faoi 2050, agus laghdú 51% ar astaíochtaí faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 2018.
Is é an Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2023 an chéad phlean dá leithéid a ullmhaíodh faoi na hathbhreithnithe ar an tAcht Aeráide agus cuireann sé buiséid charbóin agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála i bhfeidhm do na hearnálacha sin de shochaí na hÉireann atá freagrach as tromlach na n-Astaíochtaí Gáis Cheaptha Teasa. Leagtar amach ann freisin treochlár chun spriocanna 2030 agus 2050 atá ceangailteach de réir dlí an Stáit a bhaint amach.