Fógraíonn an tAire Donohoe laghdú sealadach ar dhleacht mháil ar bhreoslaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, inniu (Dé Céadaoin) laghdú sealadach ar na dleachtanna máil a ghearrtar ar pheitreal, díosal agus ola gháis mharcáilte.
Tionóladh cruinniú comh-aireachta neamhchorprach ar maidin agus thug an Rialtas cead don togra.
Tiocfaidh laghdú 20 cent ar dhleacht mháil in aghaidh an lítir peitril agus 15 cent in aghaidh an lítir díosail. Beidh laghdú 2 cent ar an dleacht mháil a ghearrtar ar ola gháis mharcáilte freisin. Tiocfaidh na laghduithe seo i bhfeidhm ó mheán oíche anocht agus fanfaidh siad i bhfeidhm go dtí an 31 Lúnasa 2022.
Ag labhairt dó tar éis an fhógra, dúirt an tAire Donohoe:
"Chonaiceamar go léir an méadú suntasach ar chostais fuinnimh le seachtainí beaga anuas, agus tá praghsanna ag na pumpaí ag ardú go dtí na leibhéil is airde riamh. Tagann sé seo sa bhreis ar na méaduithe ar phraghsanna gáis agus leictreachais a bhfuil go leor daoine ag dul i ngleic leo.
D'aithin an Rialtas na dúshláin a bhaineann le praghsanna ag ardú i mí Dheireadh Fómhair seo caite i mBuiséad 2022 nuair a chuireamar pacáiste beart cánach agus leasa shóisialaigh ar fiú os cionn €1 billiún iad i bhfeidhm, chun freagairt ar na dúshláin seo.
An mhí seo caite, chuaigh an Rialtas níos faide, agus d'aontaigh siad ar phacáiste eile €505 milliún, lena n-áirítear an creidmheas fuinnimh €200 agus íocaíocht chnapshuime €125 dóibh siúd a bhfuil teacht ar an liúntas breosla. Inniu, tá beart cánach breise á gcur ar fáil ag an Rialtas, chun costas breoslaí do theaghlaigh agus do ghnólachtaí a laghdú láithreach.
Meastar go laghdóidh na laghduithe sealadacha máil seo an costas a bhaineann le dabhach 60 lítear a líonadh, luach €12 do pheitril agus €9 do dhíosal.
Is sruth tábhachtach Ioncaim don Rialtas é dleacht mháil, agus bailíodh os cionn €5.8billiún anuraidh, agus tháinig os cionn €2bn de sin ó chánacha breosla. Laghdóidh an beart a fógraíodh inniu é seo faoi €320 milliún.
Tá sé tábhachtach go bhfuilimid soiléir – tá an Rialtas ag gníomhú anois leis an mbeart máil seo, chun freagairt do na harduithe praghais atá feicthe againn go dtí seo, ach freisin i bhfianaise na n-arduithe praghais breise a bhfuil súil againn a fheiceáil sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma.
Níl aon smacht againn ar na cúiseanna leis na brúnna praghais seo. Tá acmhainní teoranta ag an Rialtas, agus d'fhreagair sé chun tionchar na méaduithe praghais seo a mhaolú, ach ní féidir linn saoránaigh agus gnólachtaí a mhaolú ón tionchar iomlán."
Cuirfear rún airgeadais faoi bhráid na Dála tráthnóna agus beidh na laghduithe ar dhleacht mháil
i bhfeidhm ó mheán oíche anocht.
CRÍOCH