Ceadaíonn an Rialtas Scéim Ghinearálta Bille maidir leis an dóigh a gcaithfear le Feirmeacha Teaghlaigh agus Sócmhainní Gnó faoi Scéim Chothrom na Féinne
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, sásta a fhógairt gur cheadaigh an Rialtas Scéim Ghinearálta Bille a bhfuil i gceist léi athrú a dhéanamh ar an dóigh a gcaitear le feirmeacha teaghlaigh agus gnólachtaí faoin Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais, ar a dtugtar Scéim Chothrom na Féinne freisin.
San athbhreithniú ar an Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais a foilsíodh sa bhliain 2015, gealladh go ndéanfaí athbhreithniú ar an dóigh a gcaitear le sócmhainní táirgiúla faoin scéim. Gealladh sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta go gcuirfí deireadh leis an idirdhealú in aghaidh gnólachtaí beaga agus feirmeacha teaghlaigh faoin scéim. An bhliain seo caite, cheadaigh an Rialtas togra beartais ar mhol na hAirí é le haghaidh athrú a dhéanamh ar an dóigh a gcaitear le sócmhainní den sórt sin faoin Scéim. Tá Scéim Ghinearálta Bille ceadaithe ag an Rialtas anois, rud lena dtugtar éifeacht don chinneadh beartais sin. Cheadaigh an Rialtas dréachtú na reachtaíochta de réir na Scéime Ginearálta freisin.
Dúirt an tAire Harris,
“Tá áthas orm gur cheadaigh an Rialtas an Scéim Ghinearálta Bille seo, rud a mbeidh tionchar dearfach aige ar úinéirí feirme teaghlaigh agus úinéirí gnó ar fud na tíre atá faoi chúram teach altranais faoi láthair nó atá le dul faoi amach anseo.
“Déanfaidh sé sin difear suntasach dóibh agus cuirfidh sé deireadh leis an idirdhealú a dhéantar ina n-aghaidh faoin dlí reatha. Ba mhaith liom an tAire Daly a mholadh as an obair atá déanta aige go dtí seo ar an tsaincheist seo. Mholfainn do pháirtithe polaitíochta obair linn chun an píosa reachtaíochta seo a rith mar ábhar práinne.”
Dúirt an tAire Daly,
“Is ionann an comhaontú seo ón Rialtas agus céim mhór i dtreo laghdú a dhéanamh ar an strus agus an éiginnteacht a bhfuil úinéirí feirme teaghlaigh agus úinéirí gnólachta bhig faoina réir faoi láthair agus a mbeadh na daoine a thiocfadh ina ndiaidh faoina réir amach anseo. Mar thoradh ar an gcomhaontú, beidh an fheirm teaghlaigh agus an gnólacht in ann leanúint ag feidhmiú agus ag rannchuidiú leis an bpobal áitiúil.”
I gcás daoine a úsáideann an scéim, íocann siad suas le 80% dá n-ioncam agus suas le 7.5% de luach aon sócmhainní atá ina seilbh chun freastal ar chostas a gcúraim. Ní chuirtear an luach ar theach an duine ar áireamh sa mheasúnú airgeadais ach amháin don chéad trí bliana den am a chaitheann siad faoi chúram.
Is é atá i gceist leis an gcinneadh inniu ná an teorainn 3 bliana sin a leathnú chuig feirmeacha agus gnólachtaí i gcás go leanann comharba teaghlaigh leis an bhfeirm nó an gnólacht a oibriú ar feadh tréimhse sé bliana. Tá luathphleanáil comharbais fós ar cheann de na príomhchuspóirí leis an mbeartas seo agus le beartais eile ón Rialtas, lena n-áirítear an beartas talmhaíochta.
Le taobh an chinnidh seo, tá sé tábhachtach go leanfadh teaghlaigh feirme agus ghnó ag dul i mbun pleanáil scoir agus comharbais ag luathchéim. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb amhlaidh, de réir an dlí, nach gcuirtear sócmhainní feirme agus gnó (ná aon sócmhainní eile) san áireamh sa mheasúnú airgeadais a dhéantar faoin Scéim i gcás gur aistríodh iad chuig daoine eile, an chéad ghlúin eile san áireamh, thar thréimhse 5 bliana sula bhfuil cúram teach altranais ag teastáil, rud a fhágann go bhfuil sé sin ar an gcur chuige is stuama ó thaobh airgeadais de.
Rachaidh an Roinn Sláinte i mbun Grinnscrúdú Réamhreachtach anois agus oibreoidh sí le hOifig an Ard-Aighne agus an reachtaíocht á hullmhú lena foilsiú.
CRÍOCH