Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán oscailte anois le haghaidh iarratas
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán oscailte anois le haghaidh iarratas.
Leis an Scéim Íocaíochta, cuirtear íocaíochtaí airgeadais agus tacaíochtaí sláinte ar fáil do dhaoine incháilithe a chaith am i bhForais Mháithreacha agus Naíonán agus na dTeaghlach Contae in Éirinn. Is príomhghné í de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais i dtaca le Marthanóirí agus le hIarchónaitheoirí na bhForas Máthaireacha agus Naíonán agus Teaghlach Contae.
Tá próiseas iarratais simplí i bhfeidhm chun cabhrú le gach duine rochtain a fháil ar na sochair a bhfuil teidlíocht acu ina leith. Is é an bealach is tapa agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ná é a dhéanamh ar líne ach cuairt a thabhairt ar www.gov.ie/paymentscheme . Dóibh siúd atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh ag baint úsáide as cóip chrua den fhoirm iarratais, is féidir í seo a íoslódáil ón suíomh gréasáin, nó is féidir le hiarratasóirí cóip a iarraidh tríd an bpost nó trí ghlao a chur ar líne chabhrach Oifig na Scéime Íocaíochta ag +353 1 522 9992.
Déanfaidh Oifig na Scéime Íocaíochta na hiarratais uile a phróiseáil chomh tapa agus is féidir. Tabharfar tús áite d'iarratais de réir aois an iarratasóra, agus mar sin déileálfar le hiarratais ó dhaoine scothaosta i dtús báire. Is é an chéad chohórt a phróiseálfar ná iarratais uathu siúd atá 80 bliain d'aois agus níos sine.
Tá tuilleadh acmhainní, lena n-áirítear leabhrán eolais, ceisteanna agus freagraí, agus eolas simplí faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin tiomnaithe na Scéime Íocaíochta – www.gov.ie/paymentscheme .