Céad Bliain de Chogadh Cathartha na hÉireann - Comhchaint; Tionscnamh comhpháirtíochta nua ó Mhná 100 agus ó Mhuintir Ghlúin an Chonartha
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., taifeadadh de chomhchaint, a tharla ar an 7 Márta 2023, ag tabhairt le chéile sliochtaigh na dteaghlach a bhí ar son agus i gcoinne an Chonartha chun machnamh a dhéanamh ar thorthaí polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta an Chogaidh Chathartha, agus a dtionchair orthu go pearsanta a chur in iúl. Ghabh an tAire Martin buíochas ó chroí leis na rannpháirtithe – Nora Owen, Richard Mulcahy, Emer Nowlan agus Déirdre Brugha – as a bhflaithiúlacht agus a macántacht agus iad ag roinnt a bpeirspictíochtaí agus, in amanna, as a gcuimhní doimhne pearsanta agus pianmhara.
Ba í an Dr Sinéad McCoole a bhí ina cathaoirleach ar an gcomhchaint seo agus rinneadh é a thaifeadadh do Mhná100, i gcomhpháirtíocht le muintir ghlúin an Chonartha, ar an 7 Márta 2023, ag an am céanna le comóradh céad bliain roinnt de na hainghníomhartha is measa sa Chogadh Cathartha in Earrach 1923. Tá sé mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012- 2023.
D’oscail na rannpháirtithe a gcartlann teaghlaigh go fial agus rinne siad cur síos ar ghrianghraif luachmhara chun cabhrú linn tuiscint a fháil ar thionchar ollmhór an Chogaidh Chathartha ar a dteaghlaigh féin agus ar shaol laethúil daoine ar fud na hÉireann.
Dúirt an tAire Martin:
>‘Cuireann an chomhchaint seo, ina dtugtar le chéile muintir ó thaobhanna an Chonartha a bhí i gcoinne a chéile, léargas agus dearcthaí uathúla dúinn chun cabhrú linn tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar an Chogaidh Chathartha, go háirithe ar mhná agus ar theaghlaigh.
Tugann flaithiúlacht na muintire agus iad ag roinnt a gcartlann phearsanta agus earraí agus scéalta teaghlaigh tuiscint níos caolchúisí dúinn ar éifeachtaí buana na coimhlinte, go sonrach mar a chuaigh sé i bhfeidhm ar na teaghlaigh sin a bhí lárnach sna himeachtaí sin.
Ócáid stairiúil agus an-phearsanta a bhí sa chomhchaint seo - comhrá le garpháistí agus fionnóí na ndaoine a mhúnlaigh ár stair. Is sampla eile é den réimse leathan ábhair a bailíodh, a caomhnaíodh, a cuireadh sa chartlann agus a cuireadh ar fáil don phobal le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán seo a bheidh ina acmhainn luachmhar do staraithe agus taighdeoirí na tréimhse seo amach anseo.’
Déantar machnamh sa chomhchaint seo ar chúinsí pearsanta na bpríomhtheaghlach a bhí i gceist… bás, cailleadh tí agus seasmhachta, príosúnacht, stailc ocrais, cur isteach ar óige. Pléann na rannpháirtithe conas mar a cuimhníodh ar na heispéiris seo sna blianta ina dhiaidh sin.
Dúirt an tUasal Cathal Brugha MacSwiney, duine de mhuintir ghlúin an Chonartha:
‘Tá aidhm shimplí againn: scéalta ár dteaghlaigh a insint ina léirítear ár ndaonnacht chomhroinnte agus ní ár ndifríochtaí; cuimhneamh agus machnamh a dhéanamh ar ár stair chasta ionas go mbeidh ár muintir – thuaidh, theas, thoir agus thiar – in ann teacht le chéile, agus spreagadh a thabhairt do na glúnta atá le teacht.’
Le breathnú ar an gcomhchaint agus ar na píosaí comhthéacs a bhaineann leis agus ar an ábhar cartlainne breise a chuir baill eile den teaghlach ar fáil, tabhair cuairt le bhur dtoil ar Mná100.ie anseo .
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tionscnamh ban ar líne is ea Mná100, don chéim dheireanach de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Leanann sé leis an obair chun ról na mban sa tréimhse réabhlóideach a léiriú trí mheáin éagsúla mar aistí grianghraif, scannáin, podchraoltaí agus ailt. Téigh chuig www.mna100.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
Muintir Ghlúin an Chonartha:
Cuspóir an ghrúpa:
‘Agus muid ag dul tríd an tréimhse is dúshlánaí seo i nDeich mBliana na gCuimhneachán, socraímid cuimhneamh agus plé a dhéanamh go heiticiúil ar na daoine agus na himeachtaí ar fad ó 1921 go 1923 (ag baint úsáide as cur chuige cuimsitheach, neamhpholaitiúil agus duine-lárnach).
Is mian le muintir ghlúin an Chonartha (lena n-áirítear iad siúd ar son agus i gcoinne an Chonartha) cur lenár n-eolas agus lenár dtuiscint ar na fir agus na mná a bhí i gceist, a ndaonnacht, na himeachtaí a tharla, agus na hamanna casta inar mhair siad.
Mar sin tháinig muid le chéile mar theaghlaigh agus mar chairde chun na himeachtaí sin a thabhairt chun cuimhne, machnamh a dhéanamh ar a dtionchar, na deighiltí a lean a réiteach, agus na glúnta atá le teacht a spreagadh arís i dtreo na seirbhíse poiblí - chun cabhrú le hÉirinn a chruthú atá níos cuimsithí, níos cothroime, agus a ghlacann lena stair chasta agus éagsúlacht shaibhir chultúrtha.'