Molann an tAire McConalogue do gach gnólacht a chinntiú go bhfuil siad ullamh do rialuithe nua agraibhia na RA ar allmhairí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., tar éis moladh do gach gnólacht sa slabhra soláthair agraibhia idir Éire agus an Bhreatain Mhór a chinntiú go bhfuil siad ullamh do rialuithe nua Sláintíochta agus Fíteashláintíochta ar allmhairí de chuid na Ríochta Aontaithe a thosóidh ón lá amárach an 31 Eanáir 2024.
Ag labhairt dó i ndiaidh do chruinniú Comh-Aireachta inar thug sé féin agus an Tánaiste eolas cothrom le dáta ar thacaíocht do ghnólachtaí atá ag ullmhú do riachtanais na Ríochta Aontaithe, leag an tAire McConalogue béim ar an méid seo a leanas:
“Tá sé tábhachtach go n-aithníonn onnmhaireoirí agraibhia na hÉireann go léir gur athrú suntasach iad na riachtanais allmhairithe nua seo ón RA i dtimpeallacht trádála na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh tar éis Brexit le margadh na Breataine Móire. Ní mór do gach onnmhaireoir Éireannach agraibhia, dá gcustaiméirí sa RA, agus dá gcomhpháirtithe lóistíochta a chinntiú go bhfuil gach duine sa slabhra soláthair go dtí an Bhreatain Mhór ar an eolas maidir le cé atá freagrach as gach ceann de riachtanais nua na RA a chomhlíonadh.”
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag obair go dlúth le gach páirtí leasmhar san earnáil agraibhia chun tacú leo agus iad ag ullmhú le haghaidh athruithe na RA seo.
Luaigh an tAire:
“Bhí teagmháil fhairsing ag mo Roinnse, in éineacht le Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile leis an earnáil agraibhia le dhá bhliain anuas maidir le riachtanais nua na RA seo. Áiríodh leis sin raon leathan gníomhaíochtaí ardaithe feasachta, cláir mhionsonraithe oiliúna do ghnólachtaí ar phróisis um dheimhniú sláinte onnmhairithe thar raon grúpaí táirgí, infheistíocht in acmhainní breise chun tacú le deimhniú agus rannpháirtíocht áitiúil dhíreach le gnólachtaí bia aonair ag na foirne Roinne atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu.
Is athrú mór é seo do ghnólachtaí agraibhia atá ag trádáil leis an mBreatain Mhór agus is féidir liom a chinntiú don earnáil go leanfaidh mo Roinn agus mé féin ag obair leo chun dul i ngleic le haon saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa tréimhse amach romhainn nuair a chuirtear na hathruithe seo i bhfeidhm.”
Tá roinnt comhairle do ghnólachtaí ar riachtanais nua na RA ar fáil ag gov.ie/brexit.
CRÍOCH