Fógraíonn an tAire Martin agus an tAire Humphreys go gcuirfear tuilleadh taifid stairiúla ar fáil ar líne
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá bliain bhreise de bhreitheanna, de phóstaí agus de bhásanna ar fáil anois ar an suíomh gréasáin www.irishgenealogy.ie . Áirítear ar na taifid atá ar fáil ar líne anois:
• Taifid chlár na mbreitheanna - 1864 go 1920
• Taifid chlár na bpóstaí - 1845 go 1945
• Taifid chlár na mbásanna - 1864 go 1970
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., fáilte roimh an eisiúint seo:
“Tá eisiúint shonraí cláir an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta mar chuid d’obair leanúnach i gcomhar le chéile idir mo Roinnse agus an Roinn Coimirce Sóisialaí, Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Oileán. Tá a fhios agam go mbíonn daoine ag súil go mór leis an uasdátú bliantiúil seo agus go mbeidh sé ina chuidiú mór ag daoine a bhfuil taighde ar siúl acu ar a sinsearacht Éireannach.”
Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí, Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Oileán, Heather Humphreys T.D., (a bhfuil freagracht uirthi as an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta):
“Tá ríméad orm gur chuir an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta bliain eile d’iontrálacha breitheanna, póstaí agus básanna stairiúla ón gclár ar fáil ar shuíomh gréasáin www.irishgenealogy.ie. Tá súil agam go mbeidh an t-eolas seo ina chuidiú ag duine ar bith a bhfuil suim acu sa ghinealas agus go spreagfaidh sé daoine ar mhaith leo taighde a thosú ar stair a theaghlaigh.”
Nótaí don Eagarthóir
Is iad na taifid atá á gcur ar fáil ná na hiontrálacha Chlár Breithe do 1920, na hiontrálacha Chlár Pósta do 1945 agus na hiontrálacha Chlár Báis do 1970. Léiríonn na hiontrálacha seo eolas tábhachtach a bhíonn bunriachtanach, go minic, chun cuidiú le daoine eolas a fháil faoina sinsearacht.
Áirítear ar na sonraí maidir leis na breitheanna:
• Céadainm(neacha) an Pháiste;
• Sloinne an Pháiste;
• Dáta Breithe;
• Áit Bhreithe;
• Ainm agus Seoladh an Athar;
• Ainm na Máthar agus Sloinne roimh Phósadh na Máthar má tá sí Pósta;
• Slí Bheatha an Athar;
• Síniú an Fhaisnéiseora (An duine a chláraigh do bhreith);
• Dáta Chlarú na Breithe.
Áirítear ar na sonraí maidir leis na póstaí:
• Áit an phósta;
• Dáta an phósta;
• Céadainm(neacha) agus Sloinnte na Brídí agus an Ghrúim;
• Aois ar lá an phósta;
• Staid (i.e. Baitsiléir, Bean Shingil nó Baintreach);
• Slí Bheatha na Brídí agus an Ghrúim;
• Ainmneacha agus Seoltaí Aithreacha na Brídí agus an Ghrúim;
• Slite Beatha Aithreacha na Brídí agus an Ghrúim;
• Sínithe na Brídí agus an Ghrúim;
• Sínithe na bhFinnéithe.
Áirítear ar na sonraí maidir leis na básanna:
• Dáta agus Áit an Bháis;
• Ainm agus Sloinne an Duine a Fuair Bás;
• Fireann nó Baineann;
• Staid an duine a fuair bás (i.e. Baistiléir, Bean Shingil nó Baintreach);
• Aois ar a lá breithe is deireanaí;
• Aicme, Gairm nó Slí Bheatha an Duine a Fuair Bás;
• Cúis Bháis agus Fad an Tinnis;
• Síniú, cáilíocht agus áit chónaithe an fhaisnéiseora;
• Dáta an chláraithe.
Soláthraíonn suíomh gréasáin www.irishgenealogy.ie :
• 6,694,516 iontráil ar Chlár Sibhialta na mBreitheanna;
• 1,921,886 iontráil ar Chlár Sibhialta na bPóstaí; &
• 6,911,000 iontráil ar Chlár Sibhialta na mBásanna.
Tá an láithreán gréasáin saor in aisce agus ní gá clárú ná liostáil chun é a úsáid.
Is iad na blianta atá ar na taifid stairiúla de Bhreitheanna, de Phóstaí agus de Bhásanna ar láithreán gréasáin www.irishgenealogy.ie :
Breitheanna 1864 go 1920
Póstaí 1845* go 1945
Básanna: 1871** go 1970
** Tá na taifid bháis a théann ar ais go 1864 á n-uasdátú ag an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta faoi láthair. Áireofar na taifid seo ar na taifid atá ar fáil ar an suíomh gréasáin nuair a dhéanfar uasdátú air.
Úsáid an tsuímh - Sa bhliain 2020, tugadh 1,612,008 cuairt ar an suíomh agus agus féachadh ar leathanaigh an tsímh 4,689,508 uair. Léiríonn na figiúir seo gur tháinig méadú 9% ar líon na ndaoine a thug cuairt ar an suíomh gréasáin in 2020.
Cuirtear bliain eile d’iontrálaithe Breitheanna, Básanna agus Póstaí ar an suíomh gréasáin gach bliain.
Cuirfear roinnt clár eile atá i seilbh na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta ar fáil i dtionscadal eile a bhfuil an dá Roinn ag obair air. Áirítear ar na cláir sin taifead de phearsanra na hÉireann a maraíodh le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, cláir de chuid an airm a bhaineann le breitheanna, básanna agus póstaí agus cláir den chineál céanna a choimeádann na seirbhísí consalachta. Fógrófar tuilleadh sonraí faoin tionscadal seo in am trátha.
Roinnt Éireannaigh cháiliúla a rugadh sa bhliain 1920
Liam Cosgrave (13 Aibreán 1920 – 4 Deireadh Fómhair 2017)
Polaiteoir Fhine Gael a bhí ina Thaoiseach ó 1973 go 1977, Ceannaire Fhine Gael ó 1965 go 1977, Ceannaire an Fhreasúra ó 1965 go 1973, An tAire Gnóthaí Seachtracha ó 1954 go 1957, Rúnaí Parlaiminteach an Aire Tionscail agus Tráchtála agus Príomh-Aoire an Rialtais ó 1948 go 1951. Bhí sé ina Theachta Dála (TD) ó 1943 go 1981.
Maureen O'Hara (Maureen FitzSimons roimh phósadh di) (17 Lúnasa 1920 – 24 Deireadh Fómhair 2015)
Aisteoir cáiliúil a raibh páirt aici in go leor scannán, lena n-áirítear an sárscannán Nollag ‘Miracle on 34th Street’ (1947); ‘Rio Grande’ (1950) agus ‘The Quiet Man’ (1952).
James Henry Molyneaux, Baron Molyneaux de Chill Éad, KBE, PC (27 Lúnasa 1920 – 9 Márta 2015),
Polaiteoir aontachtach Thuaisceart na hÉireann, ar thugtaí Jim Molyneaux air go minic. Ba cheannaire Pháirtí Aontachtach Uladh é ó 1979 go 1995.
Nicholas Christopher Michael "Christy" Ring (30 Deireadh Fómhair 1920 – 2 Márta 1979)
Tá go leor iar-imreoirí, tráchtairí agus leantóirí iománaíochta den tuairim gurbh é Christy Ring an t-imreoir iománaíochta is fearr riamh. D’imir sé ar fhoireann sinsir Chorcaí sa tsraith agus sa chraobhchomórtas iománaíochta ar feadh ceithre bliana is fiche ó 1939 go 1963. Bhain sé curiarracht amach sna chraobhchomórtais maidir leis an méid uaireanta a d’imir sé (65), an méid scór a fuair sé (33-208) agus an méid boinn chraobh na hÉireann a bhuaigh sé (8).
Eilís Dillon FRSL (7 Márta 1920 – 19 Iúil 1994)
Údar Éireannach a bhfuil 50 leabhar dá cuid foilsithe, lena n-áirítear úrscéalta, scéalta bleachtaireachta agus leabhair do dhaoine óga. Tá aistriúcháin ar a saothar ar fáil i 14 teanga.