Seóthaispeántas Náisiúnta 2020 Chomhairle na nÓg
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí an Taoiseach, an tAire Roderic O'Gorman, Chris Hadfield, Niall Horan, Denise Chaila agus Picture This i measc na rannpháirtithe ag Seóthaispeántas Náisiúnta 2020 Chomhairle na nÓg. I mbliain nach raibh cosúil le haon bhliain eile, fuair baill Chomhairle na nÓg Seóthaispeántas nach raibh cosúil le haon cheann eile.
Is imeacht débhliantúil é an Seóthaispeántas Náisiúnta, a bhí ar siúl mar imeacht fíorúil beo inniu an 5 Nollaig, a dhéanann ceiliúradh ar obair bhaill Chomhairle na nÓg. Cé nach bhféadfadh an t-imeacht a bheith ar siúl in aon spás amháin i mbliana, tháinig níos mó ná 600 duine óg as gach cearn den tír le chéile ag imeacht fíorúil chun a gcuid éachtaí a cheiliúradh agus chun spreagadh a fháil ó scata mór cainteoirí agus siamsóirí.
Thaispeáin an t-imeacht idirghníomhach speisialta seo, a bhí á óstáil ag Doireann Garrihy, an obair iontach a rinne gach ceann de na 31 grúpa Comhairle na nÓg trí fhíseán a coimisiúnaíodh go speisialta.
In ainneoin na gconstaicí go léir chinntigh gach Comhairle gur lean a gcuid tionscadal ar aghaidh i rith COVID-19. Níos mó ná sin, thug na baill freagra nuálach ar COVID-19, ag treisiú teachtaireachtaí sláinte poiblí, ag glacadh páirte i suirbhéanna agus ag cabhrú le daoine eile ina bpobal gan a bheith scoite amach. D'úsáid na 31 ghrúpa de Chomhairle na nÓg a gcuid guthanna chun cearta daoine óga a chosaint agus chun na rudaí atá tábhachtach do dhaoine óga in Éirinn a chur in iúl do chinnteoirí ar fud na tíre.
Ag labhairt dó le daoine óga ag an imeacht dúirt an tUasal Roderic O'Gorman TD, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige:,
“Go raibh maith agaibh as bhur ndíograis, bhur bhfuinneamh agus bhur dtiomantas. Táim tiomanta oibriú libh chun a chinntiú go n-éistear agus go dtuigtear an méid atá le rá agaibh, chun athrú bríoch a chruthú agus tionchar buan a fhágáil."
I mbliana bhí roinnt rannpháirtithe an-speisialta sa Seóthaispeántas. Thug an spásaire Chris Hadfield aitheasc inspioráideach do na daoine óga. Chuir Niall Horan iontas ar na daoine óga le nóta comhghairdis. Sheinn Picture This agus d'fhreagair siad ceisteanna ó na daoine óga. Chuir Denise Chaila an lucht féachana faoi dhraíocht le píosa corraitheach a cruthaíodh go speisialta don Seóthaispeántas.
Labhair triúr iarbhall de Chomhairle na nÓg, Chloe, Jamie agus Salomé go paiseanta faoin tionchar a bhí aici ar a saol. Dúirt Jamie, oibrí tacaíochta daltaí,
“Bhí an Chomhairle tábhachtach domsa mar d'éistfí liom ansin. Bhí tionchar ag an gComhairle ar gach rud a rinne mé i mo shaol, agus thug sí muinín dom tabhairt faoin saol. Bhí dea-thionchar ag an gComhairle orm is dóigh liom. Bíonn sé iontach nuair a bhíonn tú i do shuí le duine fásta agus iadsan ag rá “Ba mhaith liom éisteacht le do chuid smaointe, teastaíonn uaim go n-inseoidh tú dom cad atá uait”.
Labhair an Taoiseach, an tAire O'Gorman agus oifigigh rialtais leis na daoine óga agus ghabh siad buíochas leo as a gcuid oibre agus a dtiomantas dochreidte, agus d'athdhearbhaigh siad go bhfuil siad ag éisteacht le daoine óga.
Ba iad baill Chomhairle an nÓg réaltaí is mó an lae agus bhí a gcuid oibre, smaointe agus tráchtaireachta le feiceáil ar fud an Seóthaispeántais.
Críoch /
Is comhairlí leanaí agus óige iad Comhairle na nÓg i ngach ceantar údaráis áitiúil sa tír agus is iad an struchtúr náisiúnta aitheanta do leanaí agus do dhaoine óga (faoi 18 mbliana d’aois) guth a bheith acu i bhforbairt seirbhísí agus beartas áitiúil. Faigheann Comhairle na nÓg maoiniú agus tacaíocht ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
Eiseofar grianghraif ó Maxwell Photography.