Réitítear an bealach le haghaidh téamh ceantair ar fud na tíre leis an mBille nua Teasa
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh an rialtas Scéim Ghinearálta an Bhille Teasa (Líonraí agus Forálacha Ilghnéitheacha), 2024. A bhuí le forbairt na reachtaíochta sin, réiteofar an bealach le haghaidh fás tionscail téimh ceantair in Éirinn, ar tionscal an-éifeachtúil ísealcharbóin é a chabhródh linn ár spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta aeráide a chomhlíonadh. Rud tábhachtach, bunófar leis an reachtaíocht freisin samhail rialála lena gcinntítear cosaint praghsanna do thomhaltóirí móra agus tomhaltóirí beaga an líonra teasa.
Le téamh ceantair, úsáidtear foinse láraithe teasa chun roinnt foirgneamh éagsúil a théamh ar fud limistéar geografach, ar limistéir é a d’fhéadfadh a bheith leathan. Fágann sé sin gur féidir roinnt cineálacha foinsí teasa a úsáid chun na mílte foirgneamh a théamh ar fud sráidbhaile, baile nó cathair ar fad. I measc na bhfoinsí teasa a d’fhéadfadh a bheith i gceist tá saoráidí dramhaíola amhail loisceoir an Phoill Bhig i mBaile Átha Cliath agus úsáideoirí móra fuinnimh amhail ionaid sonraí agus cuideachtaí cógaisíochta a bhfuil rochtain acu ar theas. Más foinse ísealcharbóin í an fhoinse teasa, is féidir an ceantar ar fad a dhícharbónú ar an toirt.
Sa Staidéar Náisiúnta Teasa 2022 ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), fuarthas amach go bhféadfadh téamh ceantair níos mó ná 50% den teas ar fad ar fud na tíre a sholáthar agus, rud ríthábhachtach, sainaithnítear an acmhainneacht atá ann an teicneolaíocht sin a úsáid i mbailte móra agus cathracha ar fud na hÉireann ina bhfuil an t-éileamh comhchruinnithe agus ina bhfuil a lán foinsí teasa le fáil. Mar an gcéanna, shainaithin Codema (Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath) gurb amhlaidh, ar bhonn comhchoiteann, atá dóthain foinsí dramhtheasa agus foinsí in-athnuaite i mBaile Átha Cliath chun níos mó ná 1 mhilliún teach a théamh agus go bhféadfaí freastal ar thart ar 80% den éileamh ar theas i mBaile Átha Cliath trí théamh ceantair faoin mbliain 2050.
D’oscail an tAire Ryan an chéad líonra téimh ceantair riamh in Éirinn i dTamhlacht, Co. Bhaile Átha Cliath, i mí Aibreáin an bhliain seo caite. Leis an líonra sin, baintear leas as dramhtheas ó Ionad Sonraí Amazon, lena soláthraítear teas ísealcharbóin d’fhoirgnimh phoiblí Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus d’Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath anois, agus é beartaithe teas a sholáthar do 133 árasán inacmhainne an bhliain seo chugainn agus do suas le 3500 teach eile idir an chéad trí bliana eile agus an chéad chúig bliana eile. Tá pleananna i bhfeidhm freisin chun dramhtheas ó loisceoir an Phoill Bhig a úsáid chun thart ar 50,000 foirgneamh sa limistéar máguaird a théamh.
Cé gur tharla sé san am atá thart gur bhraith a lán líonraí téimh ceantair agus chomhchoitinn ar fud na hEorpa ar fhoinsí fuinnimh neamh-inathnuaite amhail gás, bíonn téamh ceantair á úsáid anois mar phríomhtheicneolaíocht ina lán tíortha Eorpacha chun teas a dhícharbónú. Mar shampla, is le córais téimh ceantair ísealcharbóin a sholáthraítear 90% nó níos mó den teas ar fad i gcathracha inbhuanaithe amhail Cóbanhávan agus Stócólm.
Cé gur teicneolaíocht sheanbhunaithe é téamh ceantair, agus thart ar 70 milliún custaiméir téimh ceantair ann ar fud an Aontais Eorpaigh, is teicneolaíocht nua in Éirinn í agus ní ann sa tír ach do líonra téimh ceantair amháin, rud ar fhorbair Comhairle Contae Átha Cliath Theas é i dTamhlacht.
Dúirt an tAire Ryan:
"Trí Scéim Ghinearálta an Bhille seo a cheadú, tá an rialtas ag tabhairt aitheantas don acmhainneacht atá ag téamh ceantair rannchuidiú buan a dhéanamh le riachtanais teasa agus spriocanna aeráide na hÉireann.
"Sheol mé an chéad Scéim Téimh Ceantair riamh i dTamhlacht an bhliain seo caite, agus tá na píobáin do théamh ceantair á suiteáil cheana féin san fhorbairt nua tithíochta ag láithreán na Monarchan Buidéal Gloine. Beidh téamh ceantair ar bun againn ansin sa bhliain 2026, agus beimid in ann leanúint ar aghaidh suas an Life chun Lár Cathrach Bhaile Átha Cliath a théamh.
"Is féidir an rud céanna a dhéanamh ar fud na tíre ar fad. Thug mé cuairt ar gach Comhairle Contae sa tír, agus ba é an chéad cheist a chuir mé ar na Comhairlí sin ná cá bhfuil bhur bhfoinsí teasa? Tá an acmhainneacht ag téamh ceantair bailte ar fad a théamh, costais a ísliú do thomhaltóirí agus cabhrú linn ár n-astaíochtaí a laghdú.
"Tá an-áthas orm freisin go bhfuil mo roinn ag gabháil do phróiseas an Chiste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra chun tús áite a thabhairt do chistiú le haghaidh bonneagar náisiúnta téimh ceantair a fhorbairt. Creidim go mbeidh fíorthionchar ag an gcistiú ilbhliantúil cinnte sin ar théamh ceantair a fhorbairt in Éirinn."
Ar mhaithe le treoracha ón Aontas Eorpach agus ár n-uasteorainneacha astaíochtaí earnála a chomhlíonadh, tá spriocanna an-uaillmhianach ag Éirinn faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide chun suas le 2.7 TWh de théamh ceantair a sholáthar faoin mbliain 2030. Chun déanamh amhlaidh, beidh sé riachtanach tionscadail a mhéadú ó scála agus a luathú láithreach ar bhealach an-suntasach.
Beidh ríthábhacht ag baint le creataí reachtacha agus rialála a thabhairt isteach don earnáil téimh ceantair tríd an Scéim Ghinearálta seo maidir le deimhneacht beartais agus rialála a thabhairt d’urraitheoirí agus infheisteoirí féideartha tionscadal téimh ceantair in Éirinn. Ina theannta sin, tá leasuithe á ndéanamh ar an Scéim Tacaíochta le haghaidh Teas In-athnuaite chun tacaíochtaí a éascú do théamh ceantair. Cuireadh tús leis an bpróiseas chun teacht ar infheistíocht ón gCiste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra do thionscadail téimh ceantair freisin agus, a bhuí leis an ról gníomhach atá á imirt ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann agus ag údaráis áitiúla sa réimse seo, tá dul chun cinn inbhraite á dhéanamh ar phíblíne tionscadal a fhorbairt don earnáil.
CRÍOCH
Is féidir le téamh ceantair an teas dícharbónaithe a sholáthar a theastaíonn chun sciar suntasach de spriocanna teasa in-athnuaite na hÉireann a chomhlíonadh. Tugadh aitheantas sa bheartas náisiúnta in Éirinn don mhéid is féidir leis an téamh ceantair rannchuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide na hÉireann. Tá sé sin bunaithe ar fhionnachtana an Staidéir Náisiúnta Teasa 2022 ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, inar léiríodh an acmhainneacht shuntasach atá ag téamh ceantair freastal ar an éileamh ar theas in Éirinn trí fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a úsáid. Tá téamh ceantair freagrach as sciar an-bheag d’earnáil téimh na hÉireann faoi láthair. Meastar gur i bhfad faoi bhun 1% atá an figiúr, agus é ar cheann amháin de na sciartha is ísle de théamh ceantair san Eoraip.
Athdhearbhaíodh sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 an rannchuidiú suntasach is féidir le téamh ceantair a dhéanamh maidir leis an leibhéal fuinnimh in-athnuaite a mhéadú san earnáil teasa agus maidir le hastaíochtaí a laghdú. Cuirtear arís eile leis an ngealltanas sin sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, lena n-áirítear sprioc chun suas le 2.7 TWh de théamh ceantair a sholáthar faoin mbliain 2030.
Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, deimhnítear spriocanna an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, agus gealltar Scéim Ghinearálta de Bhille Teasa a dhréachtú chun samhail rialála a bhunú do théamh ceantair lena gcinntítear cosaint tomhaltóirí agus tionscal bríomhar téimh ceantair. Gealltar sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 freisin sainordú a thabhairt don earnáil phoiblí nascadh le téamh ceantair, nuair is indéanta.
Ar aon dul leis an ngealltanas a tugadh sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021, bunaíodh Grúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair chun moltaí a dhéanamh don Rialtas maidir leis an earnáil téimh ceantair a fhorbairt. Rinne an Grúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair breithniú ar théamh ceantair a fhorbairt in Éirinn agus ar an gcreat rialála a theastaíonn chun tomhaltóirí a chosaint. Dhírigh an Grúpa Stiúrtha ar na príomhréimsí a theastaíonn le haghaidh téamh ceantair a fhorbairt, is iad sin: rialáil; pleanáil; cistiú; agus taighde.
Leis an gcinneadh ón rialtas an 11 Iúil 2023, ceadaíodh an Tuarascáil ón nGrúpa Stiúrtha um Théamh Ceantair, agus tugadh ceadú don roinn Scéim Ghinearálta de Bhille Teasa a dhréachtú. Chuaigh an roinn i mbun caidreamh déthaobhach le ranna iomchuí rialtais, le hOifig an Ard-Aighne agus le Gníomhaireachtaí Stáit le linn an Scéim Ghinearálta a fhorbairt.
Forbraíodh na príomhfhorálacha den bhille chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Tá an Ciste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra ar cheann amháin de dhá chiste a bunaíodh i mbliana chun fáltais amhantair ó cháin chaipitil a bhainistiú chun cabhrú le déileáil le cuspóirí agus brúnna caiteachais amach anseo.
Is iad an dá chuspóir atá leis an gCiste ná acmhainní a sholáthar chun cabhrú le comhchiogalacht caiteachais phoiblí a bhainistiú agus chun infheistiú san aistriú chuig an aeráidneodracht agus in athchóiriú an dúlra. Tá suas le €3.15 billiún ón gCiste á chur i leataobh chun tionscadail ainmnithe chomhshaoil a chistiú ar bhonn ilbhliantúil idir na blianta 2026 agus 2030 chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin agus le torthaí comhshaoil níos fearr.
Tá an roinn ag obair faoi láthair ar chásanna gnó do chláir atá le moladh mar Thionscadail Ainmnithe Chomhshaoil faoi alt 20 den Acht fán gCiste um Éire sa Todhchaí agus fán gCiste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra, 2024.
Ceann amháin de chúig chlár ina spriocdhírítear ar ghníomhartha faoin Uasteorainn Earnála Timpeallachta Tógtha is ea Bonneagar agus Margadh Náisiúnta Téimh Ceantair a Fhorbairt, agus tá na cláir sin á n-ullmhú mar chuid de chlár foriomlán atá ceaptha chun gníomhartha riachtanacha teasa in-athnuaite a chur i gcrích faoin uasteorainn earnála timpeallachta tógtha.