Foilsíonn an tAire Humphreys an chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le Bealaí chun Oibre 2021-2025
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhoilsigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, an chéad Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn maidir le Bealaí chun Oibre 2021-2025.
Is í seo an chéad tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn atá curtha ar fáil ag an gComhairle Chomhairleach don Mhargadh Saothair - grúpa de cheannairí tionscail, saineolaithe ceardchumainn agus saineolaithe mhargadh an tsaothair atá freagrach as maoirseacht sheachtrach a dhéanamh ar an straitéis.
Léiríonn an tuarascáil, atá ceadaithe ag an gComh-aireacht inniu, an dul chun cinn atá bainte amach ag ceangaltais Bhealaí chun Oibre le linn na tréimhse Iúil 2021 go Meitheamh 2022.
Seoladh Bealaí chun Oibre i lár na paindéime domhanda. Ba í príomhaidhm na straitéise ná chun an ráta dífhostaíochta a thabhairt ar ais go dtí nó faoi an leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim i 2019.
Feictear neart téarnaimh mhargadh an tsaothair sa chaoi go bhfuil:
Agus í ag tagairt do thorthaí na tuarascála, dúirt an tAire Humphreys:
“’Seoladh Bealaí chun Oibre ag tréimhse nuair a bhí éiginnteacht eacnamaíoch suntasach i bhfeidhm agus muid ag dul i ngleic leis an bpaindéim domhanda a bhí ina cúis leis na mílte agus na mílte duine a bpost a chailliúint.
“Níos lú ná 18 mí ó seoladh an straitéis uaillmhianach, is léir gur tháinig ár ngeilleagar chuige féin ar bhealach ar leith.
“Níl aon dabht faoi ach go bhfuil an téarnamh post níos láidre agus níos tapúla ná mar a bhíothas ag súil leis.
“Is léir an méid sin sa chaoi go bhfuil níos mó daoine ag obair in Éirinn anois ná mar a bhí riamh.
“Tá an ráta dífhostaíochta níos ísle anois ná mar a bhí roimh an bpaindéim.
“Agus tá an ráta Rannpháirtíochta sa Mhargadh Saothair tar éis ardú ó 62% roimh an bpaindéim go dtí 65.3% ó bhí dara Ráithe 2022 ann – ardú a tharla, den chuid is mó, de bharr níos mó ban ag dul isteach sa saothar margaidh.
“Agus muid ag tabhairt aghaidh ar 2023, tá sé tábhachtach go leanann muid ag cur i bhfeidhm, na ceangaltais atá de réir 'Bealaí chun Oibre'.
“Tá sé ríthábhachtach chomh maith, de bharr dúshláin domhanda cosúil leis an gcogadh sa Úcráin agus boilsciú, go leantar le raon tacaíochtaí fostaíochta trasna an Rialtais, tacaíochtaí a bhféadfaí cuir leo go tapaí má tharlaíonn meathlú.
“Ar deireadh ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gComhairle Chomhairleach don Mhargadh Saothair as ucht a gcuid ama agus díograise chun an Tuarascáil seo a chur le chéile, tuarascáil a léiríonn acmhainneacht ár ngeilleagair i ré dhúshlánach.”
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Comhairlí don Mhargadh Saothair agus Iar-Stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht Fostaíochta, Saothair agus Gníomhaí Sóisialta sa ECFE, John Martin:
“Tá dul chun cinn suntasach déanta agus na ceangaltais a leagadh amach le Bealaí chun Oibre i mbliana, bainte amach, agus cuireadh fáilte mhór roimh mhargadh saothair ag teacht chuige féin, ó thús na paindéime COVID-19.
“Agus muid ag tabhairt aghaidh ar 2023, baineann éiginnteacht faoi a bhfuil i ndán do gheilleagar agus do mhargadh saothair na hÉireann, mar is amhlaidh le tíortha idirnáisiúnta eile, de bharr an chogaidh san Úcráin agus an gá atá ann le rátaí arda boilscithe a thabhairt faoi smacht.
“Mar sin, tá sé ríthábhachtach go leanann an Rialtas le ceangaltais Bhealaí chun Oibre, a sheachadadh, ionas gur féidir a chinntiú go bhfuil seirbhísí fostaíochta poiblí, an córas breisoideachais agus oiliúna, agus an córas leasa oiriúnach don fheidhm agus muid ag dul i ngleic leis na dúshláin seo."
Tá an chéad Tuarascáil Bhliantúil maidir le Dul Chun Cinn ar Bhealaí chun Oibre 2021-2025 ar fáil anseo.
Seoladh Bealaí chun Oibre i mí Iúil 2021. Bhí 60 de na 83 ceangaltas straitéise le seachadadh faoi dheireadh R2 2022 nó bhí amlíne 'Leanúnach' acu nuair a seoladh an straitéis.
Faoi dheireadh Mheitheamh 2022, as na 60 gceangaltas:
Is grúpa neamhspleách de cheannairí tionscail agus saineolaithe mhargadh an tsaothair ceaptha ag an Aire Coimirce Sóisialaí í an Chomhairle Chomhairleach don Mhargadh Saothair . Is é ról na Comhairle ná comhairle a chur ar fáil don Aire agus don Rialtas maidir le bainistiú an mhargadh saothair go héifeachtúil, le príomhbhéim ar rátaí rannpháirtíochta a ardú, rátaí dífhostaíochta a ísliú agus méantréimhsí dífhostaíochta a ísliú. Ina theannta sin, tá sé de chúram ar an gComhairle tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil don Aire Coimirce Sóisialaí maidir leis an dul chun cinn atá déanta agus an straitéis Bealaí chun Oibre á chur i bhfeidhm.