Fógraíonn an tAire McConalogue ceapachán Larry Murrin mar Chathaoirleach ainmnithe ar Bhord Bia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Tamhlaíochta, Bia agus na Mara Charlie McConalogue T.D inniu gur cheap sé an tUasal Larry Murrin mar an Cathaoirleach ainmnithe nua ar Bhord Bia atá ag teacht i gcomharbas ar an gCathaoirleach an tUasal Dan MacSweeney atá ag éirí as.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá neart taithí ag Larry Murrin ar fud earnáil an Ghnó Agraibhia agus tá a lán saineolais aige a úsáidfidh sé chun Bord Bia a stiúradh i gcur chun cinn agus i margaíocht ár gcuid táirgí bia, dí agus gairneoireachta sa bhaile agus thar lear. Mar an earnáil easpórtála dhúchasach is mó in Éirinn, imríonn earnáil an Ghnó Agraibhia tionchar tábhachtach ar gheilleagar na hÉireann, earnáil a bhfuil luach easpórtála thar 16 bhilliún euro ag baint léi sa bhliain 2023, arb ionann sin agus corradh le 9% de luach easpórtála na hÉireann. Imríonn Bord Bia tionchar tábhachtach chun an earnáil a chur chun cinn trí léargas straitéiseach, margaíocht agus tacaíocht bholscaireachta a thabhairt don earnáil chun cabhrú léi feabhas a chur uirthi ar bhonn leanúnach agus chun slite margaidh a fhorbairt.
Níl aon amhras orm ná go stiúrfaidh Larry Bord Bia a sprioc chun táirgí iontacha bia, dí agus gairneoireachta de chuid na hÉireann a thaispeáint don domhan mór, lena gcinnteofar fás agus inbhuanaitheacht ár ngnóthaí bia agus ár dtáirgeoirí tosaigh”.
Agus é ag trácht ar a cheapachán, dúirt Larry Murrin,
“Mar chleachtóir san earnáil ar feadh breis is 40 bliain agus mar dhuine a bhí ar fhochoiste bia tomhaltóra Bhord Bia ó bunaíodh é, tá lúcháir orm a bheith ceaptha mar Chathaoirleach (Ainmnithe) ar Bhord Bia.
Tá earnáil an ghnó agraibhia ar tí dul ar aistear nua atá lán le dúshlán agus deiseanna. Mar gheall ar mo thaithí ar a bheith ag obair le agus ag baint leas as seirbhísí Bord Bia le roinnt blianta, creidim go láidir go bhfuil muid slán in eagraíocht atá nuálach, eolasach agus uaillmhianach. Le linn mo thréimhse sa phost seo, táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhbhaill boird, POF Jim O’Toole agus a fhoireann feidhmiúcháin chun spriocanna na hearnála a chur chun cinn.”
Thug an tAire McConalogue aitheantas don Chathaoirleach atá ag éirí as, an tUasal Dan MacSweeney.
“Gabhaim buíochas le Dan MacSweeney as ucht a thiomantais agus a dhúthrachta ina ról mar Chathaoirleach ar Bhord Bia ar feadh na sé bliana seo caite. Tréaslaím é as ucht a cheannaireachta agus an méid a rinne sé don eagraíocht Bhí a rannpháirtíocht le Bord agus le Fochoistí Bhord Bia agus le gnóthaí is táirgeoirí bia ar fud na hearnála gnó agraibhia an-tábhachtach le tacú na hearnála gnó agraibhia i rith tréimhse a bhí lán le dúshláin shuntasacha. Guím gach rath ar Dan sna blianta seo roimhe.”
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Faoin gCathaoirleach ainmnithe: Larry Murrin
Beathaisnéis:
• Is comhbhunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Dawn Farms é Larry Murrin. Bunaíodh é sa bhliain 1985 agus tá 1,000 duine fostaithe ann ar fud a cheithre mhonarcha tháirgthe in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus sa Ghearmáin. Is Cathaoirleach é Larry ar ghnó an teaghlaigh, With Taste agus is páirtí é i mbialanna Fire and Sole i mBaile Átha Cliath. Trí With Taste, tá úinéireacht aige ar Eathos, slabhra caiféanna agus patisserie i mBaile Átha Cliath agus oibríonn sé iad. As Contae na Mí dó ó dhúchas, tá cónaí ar Larry i gCluain Tarbh lena bhean is lena chlann.
• Is iar-Uachtarán CGFnE é agus ba Chathaoirleach é ar Earnáil Bia is Dí na hÉireann ar feadh 12 bhliain. Bhí Larry ar fhochoiste bia tomhaltóra Bhord Bia ó bunaíodh é. Ceapadh é chun an iliomad coistí in earnáil an ghnó agraibhia lena n-áirítear Food Harvest 2020, Food Wise 2025 agus an coiste is déanaí Food Vision 2030.
• Is ar feadh tréimhse trí bliana a cheaptar an Cathaoirleach ar Bhord Bia agus rinneadh an ceapachán tar éis próiseas iomaíochta a bhainistigh seirbhísí Bord Stáit de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS).
• Sula ndéanfar an post a dheimhniú go hoifigiúil, tá ceanglas ann (faoi Buan-Orduithe Dháil Éireann agus Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú) ina bhfuil sé de chumhacht ag an gComhchoiste um Thamhlaíocht Bia agus na Mara iallach a chur ar Chathaoirleach Ainmneach comhlachta nó gníomhaireachta faoi choimirce an Ranna seo, freastal ar an Roghchoiste seo chun a t(h)osaíochtaí straitéiseacha don ról a phlé.