Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn an 29 Lúnasa 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 1,777 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé hAoine, an 28 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 142 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 28,720 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
“Deimhníodh ár gcéad chás de COVID-19 6 mhí ón lá inniu. Ba thréimhse an-deacair é i measc go leor daoine agus is beag duine nár imir éifeachtaí diúltacha na paindéime seo tionchar ar bhealach éigin orthu.
“Tréimhse inar tugadh dlúthpháirtíocht dhochreidte faoi deara a bhí ann freisin, áfach, tréimhse inar tháinig braistint pobail chun cinn. Tá nuálaíocht, comhoibriú, saorálaíochas agus carthanas, agus cineáltas ar scála ollmhór, tugtha faoi deara againn. Tá gaisce déanta arís agus arís eile ag ár n-oibrithe túslíne. Ach b’éard a bhuntacaigh leis seo uile ná an pháirt a ghlac gach duine trí na roghanna cearta a dhéanamh, roinnt mhaith uaireanta, gach lá. Tá slabhraí an tarchuir gearrtha againn agus tá moill curtha againn ar scaipeadh an víris le chéile. De réir mar a théann cásanna i méid arís, is é an t-iompar céanna seo a dhéanfaidh an difear arís eile, a dhéanfaidh sinn féin, ár dteaghlaigh agus ár bpobail a chosaint.