Seolann an tAire Ryan An Comhrá faoin Aeráid 2022
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
"Ní gá duit a bheith i do shaineolaí aeráide le go mbeidh luach ar do thuairim; ba mhaith linn cloisteáil ón oiread daoine agus is féidir. Múnlóidh sé seo an chéad Phlean Gníomhaíochta Aeráide eile."
Sheol an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan, Comhrá Aeráide 2022 inniu. Tugtar cuireadh do dhaoine ar fud na tíre a dtuairimí a chur in iúl maidir le conas is féidir linn go léir ár bpáirt a imirt chun ár dtodhchaí inbhuanaithe a chinntiú. Cuirfidh An Comhrá faoin Aeráid 2022 leis an gcéad atriall eile den Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus múnlóoidh sé é.
Tá ceistneoir ar líne oscailte anois, áit ar féidir le daoine a dtuairimí a thabhairt ar shiopadóireacht; athúsáid agus athchúrsáil; bia agus cur amú bia; ár dtithe a théamh agus beathaí inbhuanaithe; ár dtimpeallacht áitiúil; agus athrú aeráide. Is féidir le daoine a dtuairimí a chur in iúl freisin maidir le conas is féidir le gníomhartha sna réimsí seo ó dhaoine aonair, ó phobail agus ón Rialtas cabhrú linn an uaillmhian seo a bhaint amach maidir le bheith inár sochaí neodrach ó thaobh carbóin de.
Ag labhairt dó ar sheoladh An Chomhrá faoin Aeráid 2022, dúirt an tAire Ryan:
"Chun ár spriocanna aeráide uaillmhianacha a bhaint amach, beidh gá le hathruithe ar go leor gnéithe dár saol, lena n-áirítear ár dtithe agus ár n-ionaid oibre, an chaoi a gcuirimid cumhacht agus téamh iontu, an chaoi a dtaistealaimid, an chaoi a bhfásaimid ár mbia, an méid dramhaíola a chruthaímid, agus an chaoi a ndéanaimid bainistíocht ar an dramhaíl sin.
"Beidh ar gach duine, lena n-áirítear an Rialtas, pobail, tionscal agus daoine aonair, oibriú le chéile chun Éire a dhéanamh neodrach ó thaobh carbóin de do thodhchaí inbhuanaithe. Sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach do dhaoine a dtuairimí a nochtadh maidir le conas is féidir linn go léir cur leis an sprioc uaillmhianach seo, i.e. conas a rachaidh sé i bhfeidhm ar a saol ar bhealaí praiticiúla agus go tábhachtach conas is féidir linn, mar rialtas, dul i gcaidreamh le daoine, iad a chumasú agus a chumhachtú chun na deiseanna a chuireann an t-aistriú seo i láthair a oiriúnú agus a bhaint amach. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn ar Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2021, ach tá tasc ollmhór againn an bhearna a líonadh idir an áit a bhfuilimid anois, agus an áit ar gá dúinn a bhaint amach faoi 2030, agus 2050.
"Tá na réamh-mheastacháin ghéara maidir le hastuithe gás ceaptha teasa, a d’eisigh an EPA le déanaí, mar bhonn ag an bpráinn agus an tábhacht a bhaineann le gníomh cinntitheach a dhéanamh, ní hamháin do dhaoine aonair agus do ghnóthaí ach ar fud an Rialtais. Má tá aon earnáil ann nach ndéanfar gníomh ann anois, cruthófar ualach níos mó dúinn go léir sna blianta amach romhainn."
Dúirt an tAire freisin:
"Má éiríonn linn bheith inár sochaí agus geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, cabhróidh sé seo linn dul i ngleic le tionchair na haeráide atá ag athrú. Má chloistear ó dhaoine ar fud na tíre in aoisghrúpaí éagsúla agus in áiteanna éagsúla, is féidir linn tacú le céimeanna dearfacha gníomhaíochta aeráide – bearta a mbeidh daoine ábalta a dhéanamh. Ní gá duit a bheith i do shaineolaí aeráide le go mbeidh luach ar do thuairim; ba mhaith linn cloisteáil ón oiread daoine agus is féidir. Cuirfidh sé seo go léir leis an obair leanúnach ar Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2023."
Is féidir le saoránaigh agus le pobail cuairt a thabhairt ar thairseach an Chomhrá faoin Aeráid agus tuairimí a roinnt maidir lenár gcomhspriocanna, an méid atá bainte amach, agus cad eile a d’fhéadfaí a dhéanamh chun tacú le pobail maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide. Tá an Treoir ar Bhéarlagair Aeráide deartha chun cabhrú le daoine an t-ábhar agus na ceisteanna a léamh.
CRÍOCH
Chun gach duine sa tsochaí a bheith rannpháirteach, a chumasú agus a chumhachtú chun cabhrú linn an Plean Gníomhaíochta Aeráide bliantúil a chomhdhearadh, bhunaigh Rialtas na hÉireann an Comhphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide (CNGA).
Tá 3 phríomhaidhm ag an CNGA:
Cuirtear an CNGA ar fáil trí chlár bliantúil imeachtaí – dírithe ar ár gComhrá Aeráide.
Mar chuid den Chomhrá faoin Aeráid 2021, bhíomar i dteagmháil le breis agus 3,800 duine, d’eagraíomar ceardlanna le Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí (PPNanna), labhraíomar le páirtithe leasmhara éagsúla, agus le daoine óga (trí ghrúpaí Chomhairle na nÓg). Foilsíodh na torthaí seo inár dTuarascáil um Chomhráite faoin Aeráid. Chualamar glór ón bpobal atá freagrúil, a bhraitheann práinne agus atá díograiseach oibriú leis an Rialtas. Bhíomar in ann a aithint cá bhfuil daoine ag déanamh athruithe, agus cá háit a mbraitheann siad go bhfuil easpa eolais, eolais, acmhainní nó acmhainne acu.
I mbliana, táimid ag cur leis an méid a d'fhoghlaim muid anuraidh agus táimid ag cur lenár gclár. Táimid i gcomhpháirtíocht le grúpaí pobail agus comhlachtaí ionadaíocha chun caidreamh a dhéanamh le trasghearradh leathan de shochaí na hÉireann, lena n-áirítear iad siúd a bhféadfadh ár n-aistriú chuig neodracht carbóin dul i bhfeidhm go mór orthu. Tá sé mar aidhm againn an Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide a dhéanamh inrochtana do chách trí na Comhráite Aeráide agus impímid ar gach duine a dtuairimí a chur in iúl; is é ár dtodhchaí é!