Taispeántar leis an Treoirscéim Teasa agus Folláine na tairbhí soiléire sláinte fisiciúla agus meabhairshláinte a ghabhann le huasghráduithe fuinnimh tí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Colm Burke, an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Phoiblí, roimh fhoilsiú na tuarascála deiridh ar threoirscéim Teasa agus Folláine an rialtais inniu.
Taispeántar sa taighde gurbh amhlaidh, thar thréimhse trí bliana tar éis a n-uasghrádaithe éifeachtúlachta fuinnimh, a thuairiscigh rannpháirtithe go raibh laghdú ann sa líon uaireanta a thug siad cuairt ar a lia-chleachtóir ginearálta, sa líon uaireanta a chuaigh siad chuig an seomra éigeandála agus sa líon uaireanta a ligeadh isteach san ospidéal iad, go háirithe i ndáil le riochtaí riospráide, mar aon le laghdú sa líon oideas cógais a bhí acu.
Bhí an treoirscéim mar bhonn eolais faoi scéimeanna iarfheistithe an rialtais, go háirithe maidir le hathruithe ar an Scéim um Thithe Níos Teo, ar scéim í lena ndéantar uasghráduithe atá níos fairsinge agus a bhfuil luach níos airde acu a sholáthar do theaghlaigh ísealioncaim. Anuraidh, baineadh úsáid as 60% den chaiteachas iomlán ar scéimeanna iarfheistithe an rialtais chun uasghráduithe a bhí saor in aisce go hiomlán a sholáthar do theaghlaigh ísealioncaim agus fhuinneamhbhochta.
Ba é a bhí sa treoirscéim Teasa agus Folláine ná tionscadal idir-rannach agus idirghníomhaireachta a bhí faoi stiúir ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i gcomhar leis an Roinn Sláinte, le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Earcaíodh Scoil Sláinteachais agus Míochaine Trópaicí Londan (LSHTM) chun anailís neamhspleách a dhéanamh ar na tionchair shláinte.
Bunaíodh an tionscadal chun a scrúdú conas is féidir le huasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh ar thithe feabhas a chur ar shláinte agus folláine na ndaoine sin a bhfuil riochtaí riospráide ainsealacha orthu. Is í an tuarascáil a foilsíodh inniu an toradh atá ar an obair fhairsing a rinne na gníomhaireachtaí uile lenar bhain sna hocht mbliana atá imithe thart.
Dúirt an tAire Ryan:
"Is é atá san fhianaise sin a bheith againn ar an dóigh dhíreach ar féidir le héifeachtúlacht fuinnimh dul chun tairbhe do do shláinte ná taispeántas inláimhsithe in Éirinn go ngabhann tairbhí éagsúla leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus gur féidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh feabhas a chur ar riochtaí sláinte agus maireachtála foriomlána, agus gníomhú ar son na haeráide á nascadh le beatha daoine a fheabhsú. Rinneamar gnéithe den treoirscéim a phríomhshruthú cheana féin isteach sa Scéim um Thithe Níos Teo uainn atá ar fáil ar fud na tíre, rud atá ag dul chun tairbhe go díreach do roinnt dár dteaghlaigh is leochailí. Ós rud é gur ráthaíomar cistiú don scéim seo go dtí an bhliain 2030, feicfimid méadú breise sa líon iarfheistithe saor in aisce do theaghlaigh ísealioncaim.
"Ba é a bhí sa tionscadal Teasa agus Folláine freisin ná fíorshampla de chomhar trasrialtais, agus ceithre chuid leithleacha den earnáil phoiblí á dtabhairt le chéile agus cuspóirí beartais á n-ailíniú. Rud tábhachtach, tá na teaghlaigh a ghlac páirt ann ina gcónaí anois i dtithe a chruthaítear a bheith níos sláintiúla, níos teo agus níos compordaí."
Dúirt Colm Burke, an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Phoiblí:
"Leis an tionscadal seo, a soláthraíodh faoi Straitéis an rialtais chun Bochtaineacht Fuinnimh a Chomhrac agus faoin gCreat Éire Shláintiúil, léirítear conas is féidir torthaí sláinte níos fearr a sholáthar do dhaoine aonair agus an t-éileamh ar acmhainní cúram sláinte a laghdú trí aghaidh a thabhairt ar cháilíocht na tithíochta, arb é ceann de chinntithigh shóisialta na sláinte é. Tugtar leis an tionscadal tuilleadh tacaíochta don argóint ar son cur chuige uile-rialtais a ghlacadh i leith an bheartais sláinte agus an bheartais aeráide araon chun feabhsú marthanach ar shláinte an daonra a bhaint amach."
Rinne oifigigh sláinte poiblí de chuid FSS in Eagraíocht Cúram Sláinte Pobail 7 i mBaile Átha Cliath sláinte agus folláine na rannpháirtithe a mheasúnú agus a rianú thar thréimhse trí bliana tar éis a n-uasghrádaithe éifeachtúlachta fuinnimh.
Taispeántar sa taighde gurbh é an toradh a bhí ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh tí a shuiteáil tríd an scéim ná éifeachtaí tairbheacha do shláinte na sealbhóirí tí, agus fianaise ann ar fheabhas ar fud bearta éagsúla a bhaineann le sláinte fhisiciúil, le sláinte mheabhrach agus le folláine shóisialta.
Thuairiscigh rannpháirtithe go raibh laghdú ann sa líon uaireanta a thug siad cuairt ar a lia-chleachtóir ginearálta, sa líon uaireanta a chuaigh siad chuig an seomra éigeandála agus sa líon uaireanta a ligeadh isteach san ospidéal iad, go háirithe i ndáil le riochtaí riospráide. Chomh maith leis sin, tháinig laghdú, tar éis na n-uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh, ar oidis drugaí le haghaidh riochtaí riospráide na rannpháirtithe, mar a taifeadadh tríd an tSeirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil.
Tugtar le fios san anailís samhaltaithe na tionchair fhadtéarmacha a d’fhéadfadh a bheith ag uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh ar an mortlaíocht agus ar an ionchas saoil. Bheifí ag súil go dtiocfadh glanlaghduithe sa mhortlaíocht (agus go dtiocfadh ionchas saoil méadaithe) chun cinn dá ndéanfaí uasghráduithe den chineál céanna i measc grúpa níos mó.
Ag labhairt dó faoin tuarascáil deiridh ar threoirscéim Teasa agus Folláine an rialtais, dúirt an tOllamh Cúnta James Milner ó LSHTM:
"Go dtí seo, ní raibh ach beagán fianaise fíorshaoil ann ar na tairbhí don tsláinte a ghabhann le scéimeanna atá ceaptha chun éifeachtúlacht fuinnimh tithíochta a fheabhsú. D’aimsíomar gurbh é an toradh a bhí ar fheabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh na dtithe sin i mBaile Átha Cliath ná tairbhí soiléire do shláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte na gcónaitheoirí sa staidéar. Bhí a dtithe níos teo thar mhíonna an gheimhridh freisin.
"Táimid dóchasach go mbeifear in ann na torthaí sin a úsáid mar sprioc réadúil do thíortha measartha eile. Ní mór an gá práinneach le húsáid fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tithíocht a laghdú a bheith ina chuid lárnach d’aon ghníomhaíocht maolaithe aeráide."
Dúirt an Dr Christopher Carroll, Sláinte Phoiblí FSS:
"Léirítear sa tuarascáil ar an meastóireacht ar an scéim Teasa agus Folláine cé chomh tábhachtach agus atá cáilíocht na tithíochta mar chinntitheach sláinte in Éirinn. Ina theannta sin, taispeántar inti gur féidir le hidirghabhálacha atá spriocdhírithe ar aghaidh a thabhairt ar cháilíocht na tithíochta feabhas a chur ar fholláine fhisiciúil, meabhrach agus shóisialta na ndaoine sin atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh agus gur féidir leo úsáid na seirbhísí cúram sláinte agus neamhionannais sa tsláinte a laghdú freisin. A bhuí leis an tuarascáil, cuirtear leis an bhfianaise atá ann go ndéanann na timpeallachtaí ina gcónaímid difear don tsláinte ar leibhéal an daonra, agus tagann sí le fís Éire Shláintiúil, arb é atá ann ná go mbeadh gach duine in ann an tsláinte is fearr is féidir a bheith acu."
Dúirt an Dr Margaret Fitzgerald, an Treoraí Sláinte Poiblí Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta in FSS ón mbliain 2016 go dtí an bhliain 2022 agus an Príomhthaighdeoir don tionscadal taighde:
"Ba phribhléid mhór í tacú leis an tionscadal seo, go háirithe an phríomhfhianaise ón taighde a sholáthar gur tháinig feabhas ar na torthaí sláinte do na daoine sin a raibh riochtaí ainsealacha riospráide orthu. Ba chúram fadtéarmach dian ar na haltraí agus ar na baill foirne tacaíochta riaracháin in FSS thar thréimhse ocht mbliana é, rud a rabhamar sásta tacú leis le linn thréimhse dhoiligh phaindéim COVID-19. Ní hé amháin go bhfacthas torthaí dearfacha d’othair agus do chúramóirí, ach chonacthas iad freisin san ualach laghdaithe ar sheirbhísí sláinte agus sa laghdú i gcostais chúraim. Ba thionscnamh iontach Sláinte Poiblí é."
Soláthraíonn SEAI roinnt tacaíochtaí deontais d’úinéirí tí ar mian leo éifeachtúlacht a dtithe a uasghrádú le haghaidh tithe a bheidh níos teo, níos sláintiúla agus níos compordaí.
D’fháiltigh William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SEAI, roimh an tuarascáil:
"A bhuí leis an taighde tábhachtach seo ó Scoil Sláinteachais agus Míochaine Trópaicí Londan, cruthaítear an líon mór tairbhí sláinte a ghabhann le huasghráduithe fuinnimh tí. Tionscnaíodh an Treoirscéim Teasa agus Folláine chun teacht ar an bhfianaise atá riachtanach, ach a bhí in easnamh roimhe sin, i gcomhthéacs na hÉireann ar na tairbhí sláinte a ghabhann leis an iarfheistiú, go háirithe i dtithe fuinneamhbhochta. Tá Éire ina ceannaire domhanda ina lán réimsí den aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, go háirithe i ndáil leis an gcur chuige a ghlacaimid i leith an stoc tithíochta atá againn cheana a iarfheistiú. Mar chomhlacht soláthair iarfheistithe náisiúnta, thacaigh SEAI le huasghráduithe a dhéanamh ar níos mó ná 145,000 teach ar fud na hÉireann ón mbliain 2019 i leith."
Tá scéimeanna iarfheistithe den chineál seo ina gcuid bhunriachtanach freisin d’aercháilíocht a fheabhsú, go háirithe do na daoine sin atá i mórbhaol na dtionchar sláinte atá ag an aerthruailliú. Leagadh béim ar na tionchair sin agus ar na gníomhartha chun aercháilíocht a fheabhsú sa chéad Straitéis um Aer Glan de chuid na hÉireann riamh, rud a foilsíodh sa bhliain 2023. Chuir an tAire Ryan an chéad tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn ar an straitéis isteach an tseachtain seo, rud ina dtugtar breac-chuntas ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ar na príomhghníomhartha go dtí seo. Leagtar amach sa Straitéis um Aer Glan an creat trasrialtais a theastaíonn chun aerthruailliú a laghdú agus chun aer níos glaine a chur chun cinn. Is í an aidhm dheiridh atá leis sin ná beatha daoine a shábháil, inchónaitheacht ár gcuid bailte agus cathracha a mhéadú agus feabhas a chur ar ár gcomhshaol.
Aithnítear sa straitéis freisin cé chomh tábhachtach agus a bhíonn an t-iarfheistiú mar phríomhní a bhrúnn feabhsuithe ar aercháilíocht chun cinn, ós rud é go mbíonn an dó cónaithe ar cheann de na foinsí aerthruaillithe is mó. Tá clár iarfheistithe uaillmhianach an rialtais ag rannchuidiú le haercháilíocht níos fearr agus ag comhlánú na rialachán nua um breoslaí soladacha a tugadh isteach sa bhliain 2022 agus a bhfuil dea-thorthaí ag teacht astu cheana féin. Cé go bhfuil sé róluath fós an tionchar cruinn a thomhas, tugtar le fios sna tásca tosaigh ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil feabhsuithe suntasacha tar éis teacht ar an aercháilíocht ina lán limistéar a mbíodh drochthionchar ag an dó breoslaí soladacha ar an aercháilíocht iontu.
Tá an tuarascáil iomlán ar an treoirscéim Teasa agus Folláine ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Bunaíodh an Scéim Teasa agus Folláine sa bhliain 2016 mar chomhthionscnamh beartais fuinnimh, shóisialta agus sláinte a bhí faoi stiúir ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide i gcomhar leis an Roinn Sláinte, le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Ba é aidhm an tionscnaimh ná feabhas a chur ar dhálaí maireachtála na ndaoine leochaileacha atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh agus a bhfuil riochtaí riospráide ainsealacha orthu. Leis an scéim, soláthraíodh uasghráduithe fuinnimh a bhí fairsing agus saor in aisce ar thithe incháilithe, rud a d’fhág go mbeadh na tithe níos teo agus níos sláintiúla le cónaí iontu. Aithnítear ar an leibhéal idirnáisiúnta na tairbhí sláinte agus folláine a ghabhann leis an éifeachtúlacht fuinnimh, ach bhí sé mar aidhm leis an scéim seo na tairbhí sin a bhailíochtú i gcomhthéacs na hÉireann.
Bunaíodh an treoirscéim in Eagraíocht Cúram Sláinte Pobail 7 (agus i limistéir Bhaile Átha Cliath 8, 10, 12, 22 agus 24 go sonrach). Roghnaíodh an limistéar tar éis breithniúchán cúramach a rinne na geallsealbhóirí uile, agus roghnaíodh é mar limistéar a chomhlíon na critéir riachtanacha agus a raibh tacaíocht láidir aige ó fhoireann bainistíochta Sláinte agus Folláine na hEagraíochta Cúram Sláinte Pobail don choincheap tionscadail. Osclaíodh an scéim d’iarratasóirí sa bhliain 2016 agus dúnadh í i mí Feabhra 2022.
Shainaithin foirne sláinte poiblí FSS daoine i dtreoirlimistéar a raibh riochtaí riospráide orthu agus a bhí i mbaol na bochtaineachta fuinnimh. Soláthraíodh do na teaghlaigh sin uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh saor in aisce ar a dteach, ar chuir foirne soláthair SEAI iad i gcrích.
Cuireadh na huasghráduithe ar an gceann deiridh de na tithe sa treoirscéim i gcrích i mí Feabhra 2024. I gcúrsa na treoirscéime, uasghrádaíodh 1,672 theach san iomlán.
Earcaíodh Scoil Sláinteachais agus Míochaine Trópaicí Londan (LSHTM) chun anailís neamhspleách a dhéanamh ar na tionchair shláinte. Rinneadh sláinte agus folláine na rannpháirtithe a mheasúnú agus a rianú thar thréimhse trí bliana tar éis dóibh a n-uasghrádú a fháil.
I gcás na sláinte fisiciúla, áiríodh na héifeachtaí seo a leanas leis na héifeachtaí dearfacha a bhí ag iarfheistiú an tí:
I gcás na meabhairshláinte agus na folláine meabhrach, aimsíodh sa mheastóireacht, i measc tairbhí eile:
Thuairiscigh na rannpháirtithe freisin:
Tugtar le fios ansin na tairbhí sóisialta tábhachtacha a ghabhann le héifeachtúlacht fuinnimh tí níos fearr. Is cosúil go raibh na héifeachtaí sin le sonrú fós thar an tréimhse leantach dhá bhliain. San fhothacar tithe a ndearnadh faireachán teochta orthu, bhí fianaise shoiléir ann gur tháinig méaduithe i dteochtaí geimhridh istigh as na feabhsuithe in éifeachtúlacht fuinnimh tí.
Anuraidh, soláthraíodh 5,900 uasghrádú fuinnimh lánchistithe, beagnach, do theaghlaigh ísealioncaim faoin Scéim um Thithe Níos Teo de chuid an rialtais. Chomh maith leis sin, tacaíodh le 776 theaghlach breise atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh agus atá ina gcónaí i dtithe Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe agus i dtithe príobháideacha trí uasghráduithe a soláthraíodh faoin Scéim Deontas Fuinnimh Pobail agus faoin Scéim Náisiúnta um Fhuinneamh Tí a Uasghrádú (Ionad Ilfhreastail). Faoi Chlár Iarfheistithe Éifeachtúlachta Fuinnimh na nÚdarás Áitiúil, uasghrádaíodh 2,445 theach údaráis áitiúil sa bhreis. Fágann sé sin go bhfuil níos mó ná 9,000 teaghlach níos mó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh ina gcónaí i dtithe atá níos teo, níos sláintiúla agus níos compordaí i mbliana.
Sa bhliain 2024, caithfear €300 milliún san iomlán ar níos mó uasghráduithe lánchistithe a sholáthar trí scéimeanna bochtaineachta fuinnimh tiomnaithe SEAI agus trí iarfheistithe údaráis áitiúil. Leis an gcistiú sin, soláthrófar 6,325 uasghrádú saor in aisce faoin Scéim um Thithe Níos Teo agus 2,400 iarfheistiú B2 sa bhreis ar thithe údaráis áitiúil i mbliana. Is ionann é sin agus níos mó ná 57% de leithdháileadh iomlán an Rialtais le haghaidh iarfheistithe cónaithe.
Ar leithligh uaidh sin, tá rátaí deontais breisithe do theaghlaigh fhuinneamhbhochta agus do thithe Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe ar fáil freisin faoin Scéim Náisiúnta um Fhuinneamh Tí a Uasghrádú agus faoin Scéim Deontas Fuinnimh Pobail.
Aithníonn an rialtas nach dtagann na teaghlaigh uile a dteastaíonn tacaíocht uathu faoi na grúpaí thuas. Is é sin an fáth a bhfuil tacaíochtaí éagsúla ar fáil trí SEAI. Áirítear leo sin:
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin SEAI.
Áirítear na nithe seo a leanas leis an dul chun cinn a léirítear sa tuarascáil seo ar dhul chun cinn:
Is bunriachtanas iad na sonraí ardcháilíochta a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil faoi cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus faoi astaíochtaí náisiúnta. Is iad na sonraí sin an bonn fianaise don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun gur féidir léi dlúthfhaireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar ár n-astaíochtaí aerthruailleán agus gníomhú dá mbun sin.
I láthair na huaire, meastar go mbíonn an t-aerthruailliú in Éirinn mar chúis le tuairim is 1,300-1,400 bás anabaí gach bliain – deich n-uaire níos mó ná an líon daoine a fhaigheann bás ar ár mbóithre gach bliain. Ar na breoiteachtaí a ndéanann an t-aerthruailliú difear dóibh nó a ngéaraíonn an t-aerthruailliú iad tá stróc, galar croí, galar scamhóg, ailse scamhóg, asma agus néaltrú. Tugtar le fios i bhfianaise is déanaí fós gurb amhlaidh, maidir le tionchair shláinte an aerthruaillithe, go bhfuil siad níos fairsinge fós ná mar a measadh roimhe seo, agus baint ann le forbairt chognaíoch agus le meabhairshláinte.
Chomh maith leis sin, bíonn tionchair éagsúla ag aerthruailliú ar ár gcomhshaol, lena n-áirítear tionchair ar an mbithéagsúlacht, ar cháilíocht an uisce agus ar mhórsheirbhísí éiceachóras.
Tá nasc intreach ann idir na gníomhartha a theastaíonn chun ár n-aer a ghlanadh agus na gníomhartha a theastaíonn chun gníomhú ar son na haeráide toisc gur foinsí astaíochtaí CO2 freisin iad an-chuid d’fhoinsí aerthruaillithe. Leagtar béim sa Straitéis um Aer Glan ar bhearta a bhfuil mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna forluiteacha sin, amhail ár gcórais teasa a leictriú, éifeachtúlacht fuinnimh ár dtithe a fheabhsú, nó aistriú i dtreo feithiclí leictreacha agus amach ó bhreoslaí iontaise atá salach agus a chruthaíonn truailliú, mar shampla. Is léir freisin go gcomhlánaíonn an Straitéis um Aer Glan na Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide, ar pleananna bliantúla ón roinn iad.