Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Sathairn, an 20 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 9 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tharla 7 de na básanna seo i Márta agus 2 bhás i bhFeabhra.
Is é 76 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise idir 64 agus 95 bliain.
Tá 4,585 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé hAoine, an 19 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 525 cás deimhnithe COVID-19. Tá 229,831 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 328 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 83 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 27 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 17 Márta, tugadh 639,586 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
Contae | Cásanna an lae inniu** (go dtí meán oíche an 19Már2021) Meán Gluaisteach 5 Lá na gCásanna Nua | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí an 19Már2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí an 19Már2021) | |
Éire | 525 | 503 | 150.2 | 7152 |
Uíbh Fhailí | 25 | 17 | 388.7 | 303 |
An Longfort | 7 | 7 | 276.5 | 113 |
Cill Dara | 17 | 31 | 237.7 | 529 |
Baile Átha Cliath | 266 | 226 | 224 | 3018 |
An Mhí | 33 | 28 | 210.7 | 411 |
Dún na nGall | 24 | 20 | 177.8 | 283 |
Ceatharlach | <5 | 6 | 154.6 | 88 |
Lú | 13 | 12 | 142 | 183 |
Tiobraid Árann | 13 | 16 | 134.1 | 214 |
Ros Comáin | 9 | 7 | 133.2 | 86 |
Gaillimh | 22 | 25 | 132.1 | 341 |
Port Láirge | 12 | 12 | 123.9 | 144 |
An Iarmhí | <5 | 9 | 123.9 | 110 |
Loch Garman | 29 | 17 | 118.2 | 177 |
Luimneach | <5 | 9 | 116.5 | 227 |
Cill Mhantáin | 8 | 10 | 103.2 | 147 |
Sligeach | <5 | 4 | 90 | 59 |
Laois | 5 | 7 | 83.8 | 71 |
An Cabhán | 5 | 8 | 80.1 | 61 |
Maigh Eo | <5 | 3 | 77.4 | 101 |
Muineachán | <5 | 2 | 73.3 | 45 |
Ciarraí | 0 | 6 | 56.9 | 84 |
An Clár | <5 | 5 | 53.9 | 64 |
Corcaigh | 21 | 14 | 45.7 | 248 |
Liatroim | 0 | 1 | 34.3 | 11 |
Cill Chainnigh | <5 | 3 | 34.3 | 34 |
~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.