Clár Reachtaíochta do Shamhradh 2022 foilsithe ag Príomh-Aoire an Rialtais Jack Chambers
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an clár reachtaíochta foilsithe ag Príomh-Aoire an Rialtais Jack Chambers TD ina bhfuil 34 bille le foilsiú agus le dréachtú ar bhonn tosaíochta do shéasúr an Oireachtais atá amach romhainn.
Cheadaigh an Chomh-Aireacht an clár an tseachtain seo agus foilsítear é i ndiaidh dul i gcomhairle le gach roinn agus oifigeach rialtais agus le hoifig an Ard-Aighne.
Nuair a bhí an tAire Chambers ag foilsiú an chláir, dúirt sé gurbh éard a bhí ann “réimse leathan billí ar fud ranna an rialtais lena soláthraítear na gealltanais atá i gClár an Rialtais, chun cinntiú go bhfuil Éire i riocht maith chun freagairt do dhúshláin na tíre agus do dhúshláin idirnáisiúnta, chomh maith le feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála na ndaoine uile ar fud ár dtíre”.
Dúirt sé freisin:
“Is é a chuirtear san áireamh i measc na 34 bille a bhfuiltear le tosaíocht a thabhairt dóibh An Bille Sláinte (Díolúine do Leanaí ó Mhuirir Phoiblí d’Othair Chónaithe) lena mbaintear an oibleagáid dhlíthiúil atá ar leanaí faoi 16 bliana d’aois an muirear poiblí reachtúil d’Othair Chónaithe a ghearradh orthu nuair a thógtar isteach in ospidéil phoiblí iad.
“Le Bille an Bhoird Réitigh um Dhíobhálacha Pearsanta, faoin Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, cuirfear le ról an Bhoird Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (PIAB) agus déanfar é a athchóiriú chun líon na gcásanna a réitíonn PIAB a mhéadú, gan gá le dlíthíocht.
Ar na billí eile atá curtha san áireamh le haghaidh tosaíochta tá An Bille Rialtais Áitiúil (Saoire Mháithreachais agus Saoire Theaghlaigh do Chomhaltaí Tofa) lena bhforáiltear saoire mháithreachais do chomhaltaí a dtoghtar chuig údaráis áitiúla ar fud na tíre iad.
Sa Roinn Dlí agus Cirt, leis an mBille um Rialáil Cearrbhachais bunófar rialtóir nua don earnáil agus déanfar ceadúnú na ngníomhaíochtaí cearrbhachais a nuachóiriú agus le píosa reachtaíochta eile, arb é an Bille um Chúirt Teaghlaigh é, bunófar an Chúirt Teaghlaigh a bheith ina rannán ar leithligh laistigh de struchtúir na cúirte atá ann faoi láthair.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Chambers:
“Ina theannta sin, leanfar ar aghaidh de bheith ag obair ar na billí eile a fhorbairt, a dhréachtú agus dul chun cinn a dhéanamh orthu tríd an Teach agus ní hamháin na billí sin atá ar an liosta tosaíochta.”
CRÍOCH