Seachtain Dheireanach le hAghaidh Iarratas ar an Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ní mór d’Ealaíontóirí agus Oibrithe Ealaíon Cruthaitheach ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar an Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona iarratas a chur isteach roimh an spriocdháta ag 1 i.n. ar an Déardaoin seo chugainn, an 12 Bealtaine. D’oscail an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an tairseach iarratas i lár mhí Aibreáin agus fuarthas líon mór iarratas ó shin i leith.
Ba cheart d’iarratasóirí na Treoirlínte agus Ceisteanna Coitianta a léamh sula ndéanann siad iarratas tríd an tairseach ar líne. Tá siad ar fad ar fáil ar gov.ie/basicincomearts. Ba cheart d’iarratasóirí a gcáipéisí tacaíochta (mar a leagtar amach sna Treoirlínte) a bhailiú sula ndéanann siad iarratas. Tá físeán gairid ann freisin chun cabhrú le hiarratais agus tá seirbhís glórphoist agus ríomhphost tiomnaithe ar fáil dóibh siúd a bhféadfadh cúnamh a bheith ag teastáil uathu chun an tairseach ar líne a úsáid.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Nuair a sheol mé an Scéim um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona ar an 5 Aibreán, mhol mé do gach ealaíontóir agus oibrí ealaíon cruthaitheach iarratas a dhéanamh ar an scéim seo ina bhfaighidh 2,000 iarratasóir incháilithe €325 sa tseachtain ar feadh 3 bliana. Is ábhar misnigh é leibhéal díograise na scéime seo a fheiceáil ón earnáil agus iarratais ag teacht isteach go seasta. Molaim d’aon duine incháilithe nach bhfuil iarratas déanta acu go fóill clárú agus iarratas a chur isteach tamall maith roimh an spriocdháta ag 1 i.n. Déardaoin, an 12 Bealtaine”.
Reáchtálfar an scéim phíolótach um Bhun-Ioncam do na hEalaíona thar thréimhse trí bliana (2022 – 2025) agus beidh sí ar oscailt d’ealaíontóirí incháilithe agus d’oibrithe san earnáil ealaíon cruthaitheach.
Is é cuspóir uileghabhálach na scéime ná aghaidh a thabhairt ar an éagobhsaíocht tuillimh a d’fhéadfadh baint a bheith aici le hobair sna healaíona toisc go gcuirtear an obair sin ar fáil ó am go ham, go tréimhsiúil nó bunaithe ar thionscadail go minic. Déantar taighde sa scéim ar an tionchar a bhíonn ag seasmhacht soláthartha ioncam bunúsach ar ealaíontóirí agus ar oibrithe ealaíon cruthaitheach.