Ráiteas ó Ossian Smyth, an tAire Stáit, maidir leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda agus maidir le Leathanbhanda Náisiúnta Éireann
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
"Is é atá sa Phlean Náisiúnta Leathanbhanda ná tionscnamh an rialtais chun seirbhísí leathanbhanda ardluais a sholáthar do gach áitreabh in Éirinn.
"Faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, conraíodh Leathanbhanda Náisiúnta Éireann chun leathanbhanda ardluais a thógáil agus a sholáthar do 1.1 milliún duine a chónaíonn nó a oibríonn i mbreis agus 560,000 áitreabh laistigh den limistéar idirghabhála Stáit.
"Mar chuid den chonradh sin, chuir an Rialtas forálacha isteach lena gceanglófaí ar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann fógra a thabhairt don Aire faoi aon athrú beartaithe in úinéireacht nó i rialú agus toiliú a lorg ón Aire ina leith.
"I mí Iúil 2022, thug Leathanbhanda Náisiúnta Éireann fógra dom, mar Aire, faoin rún a bhí aige athrú úinéireachta a thionscnamh. Ar aon dul leis an gconradh faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, thug an Roinn seo faoi na próisis agus faoin dícheall cuí ba ghá. Tá an obair sin tugtha i gcrích anois, agus táim sásta an Rialtas a chur ar an eolas inniu faoin gcinneadh uaim toiliú leis an athrú úinéireachta atá beartaithe ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann.
"Foráiltear sa chonradh d’athrú féideartha úinéireachta, rud ar féidir leis tarlú i dtionscadail bhonneagair/fóntais ar mhórscála amhail an Plean Náisiúnta Leathanbhanda, go háirithe nuair a bhaineann tionscadal staid sheasta oibríochta amach.
"Faoin athrú beartaithe úinéireachta, déanfaidh Asterion Industrial Partners (Asterion), gnólacht neamhspleách Spáinneach bainistíochta infheistíochta a dhéanann speisialtóireacht i dteileachumarsáid, 80% den chuideachta a cheannach.
"Tá rún daingean ag an rialtas geilleagar inbhuanaithe atá nasctha ón taobh digiteach de a sholáthar agus tá líonra cumarsáide den chéad scoth á chur i bhfeidhm aige ar fud na tíre, rud lena gcumasófar do theaghlaigh, do phobail agus do ghnólachtaí glacadh le deiseanna digiteacha.
"Tá Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ar an mbóthar ceart chun an sprioc atá aige a chomhlíonadh, is é sin go mbeidh breis agus 100,000 áitreabh in-nasctha faoi dheireadh an tríú bliain dá chonradh (deireadh mhí Eanáir 2023). Is mó an líon nasc leis an líonra leathanbhanda ardluais ná an líon réamh-mheasta, agus níos mó ná 20,000 ceann de thithe agus de ghnólachtaí nasctha go dtí seo – ar an meán, bíonn níos mó ná 2,000 áitreabh á nascadh gach mí."
CRÍOCH
Is é is Asterion ann ná gnólacht neamhspleách bainistíochta infheistíochta a dhíríonn ar infheistíochtaí bonneagair a dhéanamh san Eoraip. Tá a cheanncheathrú lonnaithe i Maidrid, agus láithreacht aige i Londain agus i bPáras. Mar infheisteoir fadtéarmach uile-Eorpach atá ag obair i réimse an bhonneagair teileachumarsáide le blianta fada anuas agus a bhfuil punann mhéadaitheach sócmhainní snáithín tuaithe aige sa Ríocht Aontaithe, san Iodáil agus sa Spáinn, tá rochtain ag Asterion ar acmhainní, saineolas agus díoltóirí ar féidir leo luach suntasach a chur le hoibríochtaí Leathanbhanda Náisiúnta Éireann in Éirinn.
Chun an fhaisnéis is cothroime le dáta a fháil faoi imscaradh an tsnáithín ardluais laistigh den limistéar idirghabhála, téigh chuig suíomh gréasáin Leathanbhanda Náisiúnta Éireann.