Ráiteas ón Aire Catherine Martin
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba mhaith liom go gcuirfí ar taifead m’fhíorbhuíochas do Shiún Ní Raghallaigh as an seirbhís tiomanta agus an díograis a léirigh sí agus í ina Cathaoirleach ar RTÉ tráth a raibh géarchéim san eagraíocht nach bhfacthas riamh. Is iontach a tiomantas do RTÉ agus don seirbhís phoiblí.
Ba mhaith liom soiléiriú a dhéanamh freisin maidir le cuid de na himeachtaí a thit amach i leith RTÉ le laethanta beaga anuas. Chuir mé ceist ar an gCathaoirleach i rith dhá chruinnithe ar an Luan agus ar an gCéadaoin an raibh baint ar bith aici féin nó ag an mBord le dhá phacáiste scarúna le feidhmeannaigh shinsearacha RTÉ a fhaomhadh le déanaí. Dúirt Iníon Ní Raghallaigh nach raibh baint ar bith aici féin nó ag an mBord lena fhaomhadh.
Ar Déardaoin, chuaigh Iníon Ní Raghallaigh i dteagmháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus dúirt sí liom nach raibh an méid a dúirt sí liom ar an Luain agus ar an gCéadaoin cruinn.
Dúirt Iníon Ní Raghallaigh gur chuimhin léi anois gur bhuail Coiste Íocaíochtaí Bhord RTÉ, ar a raibh sí ina cathaoirleach, le chéile chun pacáiste scoir de chuid Richard Collins a fhaomhadh Deireadh Fómhair seo caite. Chuaigh sí i dteagmháil leis an Roinn leis an eolas seo, rud a léiríonn go raibh fhios aici go raibh uirthi an taifead a cheartú.
Tá a’ fhios agam go maíodh gur chuir Iníon Ní Raghallaigh in iúl d’iar-Ard-Rúnaí mo Roinne gur fhaomh an Bord an pacáiste scoir do Richard Collins.
Phlé mé an cheist seo leis an iar-Ard-Rúnaí inné agus inniu le seiceáil arbh é sin an cás. Tá sí an-soiléir gur cuireadh in iúl di trí ghlaoch teileafóin go raibh próiseas idirghabhála neamhspleách maidir le pacáiste scor don Uasal Collins tugtha i gcrích ar deireadh, ach ní cuimhin léi gur dúradh léi gur fhaomh Coiste Íocaíochtaí an Bhoird é.
Bhí an-díomá orm nár thug an Cathaoirleach eolas cruinn dom nuair a luaigh mé é go sonrach dhá uaire i rith na seachtaine.
Scríobh mé chuig an gCathaoirleach tráthnóna inné ag iarraidh cruinniú léi maidin De hAoine. Chreid mé go raibh gá le cruinniú foirmeálta toisc go raibh loiceadh chomh dona sin ann mo cheisteanna a fhreagairt i gceart. Chuir mé an scéal in iúl do cheannairí an chomhrialtais tráthnóna Déardaoin chomh maith, chun iad a choinneáil go hiomlán ar an eolas.
Ar ndóigh, b’fhearr dom gan déileáil leis an ábhar seo beo ar an aer. Mar sin féin, ba agallamh é seo a socraíodh roimh ré, agus i bhfianaise an bealach a d’athraigh cúrsaí inné agus ar mhaithe le trédhearcacht, cheap mé go raibh orm dul i ngleic leis an ábhar.
An t-am ar fad, tá mé ag díriú ar RTÉ a athchóiriú agus cinnte a dhéanamh go gcuirtear é agus craoltóirí poiblí eile ar bhonn sábháilte inbhuanaithe amach anseo. Tá sé seo ríthábhachtach d’fhoireann an chraoltóra agus don lucht féachana i gcoitinne araon.
Gan mhoill gheobhaigh mé na saintuarascálacha miona a choimisiúnaigh mé maidir leis an mbealach ina bhfeidhmíonn RTÉ agus tá rún agam cinneadh Rialtais a fháil ar an múnla maoinithe a bheidh ann amach anseo do chraolachán seirbhíse poiblí in Éirinn.