Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 6 Aibreán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 16 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil:
Tá 174 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois. 81 aois airmheánach na mbásanna in Éirinn. As na 174 bás, bhí 114 fireann agus 60 bean.
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go bhfuil 370 cás nua deimhnithe de COVID-19 in Éirinn, amhail 1pm, Dé Luain an 6 Aibreán.
Tá 5,364 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Léiríonn taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte, suirbhé ar líne atá ionadaíoch go náisiúnta ar 1,270 duine fásta inniu, agus a dhéanfar faoi dhó sa tseachtain, an méid seo a leanas:
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Léiríonn ár dtaighde go bhfuil an leibhéal foriomlán imní fós ard ag 7 as 10 ach nár tháinig méadú suntasach air ó lár mhí an Mhárta, in ainneoin gur tugadh isteach bearta níos srianta."
Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:
"Tá ár gcóras Cúram Sláinte ag ullmhú le haghaidh borradh i gcásanna COVID-19 ach tá sé tábhachtach a mheabhrú do dhaoine go bhfuil gach gníomhaíocht éigeandála agus riachtanach á déanamh ag na hospidéil go fóill."
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Sathairn, an 6 Aibreán (4,916 cás):
Is féidir leat na sonraí is déanaí a fheiceáil ar Deais COVID-19 (Coróinvíreas).
CRÍOCH
Líon iomlán na gcásanna | 4916 |
Líon iomlán san ospidéal | 1265 |
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU | 169 |
Líon iomlán na mbásanna | 167 |
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte | 1263 |
Líon na gcnuasach curtha in iúl | 260 |
Aois airmheánach | 49 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
Inscne | Líon | mar % den Iomlán |
Baineann | 2633 | 53.6 |
Fireann | 2235 | 45.5 |
Anaithnid | 48 | 1 |
Iomlán | 4916 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
Aoisghrúpa | Líon | mar % den Iomlán |
<1 | 11 | 0.2 |
1 - 4 | 13 | 0.3 |
5 - 14 | 36 | 0.7 |
15 - 24 | 287 | 5.8 |
25 - 34 | 820 | 16.7 |
35 - 44 | 902 | 18.3 |
45 - 54 | 907 | 18.4 |
55 - 64 | 697 | 14.2 |
65+ | 1229 | 25 |
Anaithnid | 14 | 0.3 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
Tarchur pobail | 65% |
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe | 23% |
Taisteal Thar Lear | 12% |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
Tabhair ar aird:
Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.
Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.
Aoisghrúpa | Líon na gcásanna | Céatadán den iomlán |
<5 | 3 | 0.2 |
5 - 14 | 7 | 0.6 |
15 - 24 | 35. | 2.8 |
25 - 34 | 93 | 7. 4 |
35 - 44 | 111. | 8.8 |
45 - 54 | 188. | 14.9 |
55 - 64 | 191. | 15.1 |
65+ | 635 | 50.2 |
Anaithnid | 2 | 0.2 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
Ceatharlach | 12 | 0.2% |
An Cabhán | 115 | 2.3% |
An Clár | 60 | 1.2% |
Corcaigh | 362 | 7.4% |
Dún na nGall | 103 | 2.1% |
Baile Átha Cliath | 2692 | 54.8% |
Gaillimh | 112 | 2.3% |
Ciarraí | 89 | 1.8% |
Cill Dara | 175 | 3.6% |
Cill Chainnigh | 75 | 1.5% |
Laois | 25 | 0.5% |
Liatroim | 13 | 0.3% |
Luimneach | 140 | 2.8% |
Longfort | 21 | 0.4% |
Lú | 65 | 1.3% |
Maigh Eo | 107 | 2.2% |
An Mhí | 141 | 2.9% |
Muineachán | 52 | 1.1% |
Uíbh Fhailí | 66 | 1.3% |
Ros Comáin | 18 | 0.4% |
Sligeach | 28 | 0.6% |
Tiobraid Árann | 125 | 2.5% |
Port Láirge | 49 | 1% |
An Iarmhí | 107 | 2.2% |
Loch Garman | 21 | 0.4% |
Cill Mhantáin | 142 | 2.9% |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.