Foilsíonn Airí Humphreys agus O’Brien an dara Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Cuimsiú Sóisialta, Joe O’Brien TD, i ndiaidh an dara Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025 a fhoilsiú inniu.
Príomhghealltanas den Chlár Rialtais atá sa Treochlár cúig bliana agus leagtar amach ann bealach soiléir le bochtanas a laghdú agus le cuimsiú sóisialta a mhéadú.
Leagtar amach sa tuarascáil, a d’fhormheas an Chomh-aireacht inné, an dul chun cinn atá déanta maidir le spriocanna an Treochláir a bhaint amach le linn na tréimhse Deireadh Fómhair 2021 go dtí Meitheamh 2022.
Seachadadh cheana cuid de na gealltanais sa Treochlár ag an Rialtas mar chuid de Bhuiséad 2022.
Áirítear orthu siúd síneadh ar Shaoire do Thuismitheoirí agus ar Shochar do Thuismitheoirí go dtí seacht seachtaine; méaduithe ar na tairseacha ioncaim maidir leis an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht agus an ráta seachtainiúil Liúntais Breosla; agus soláthar €109 milliún d’fhonn uasghráduithe fuinnimh saor in aisce a sholáthar faoin Scéim um Thithe Níos Teo.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Le foilsiú na tuarascála seo, tarraingítear aird ar thiomantas leanúnach an Rialtais an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta a chur i bhfeidhm.
“Tá uaillmhian an Treochláir bochtaineacht sheasta in Éirinn a laghdú go dtí 2% nó níos lú mar thosaíocht ar fud an Rialtais agus tacaítear léi faoi Chlár an Rialtais.
“Aithnítear sa tuarascáil seo an dul chun cinn atá á dhéanamh againn i dtaca le dul i ngleic le bochtaineacht agus le cuimsiú sóisialta a mhéadú.
“I bhfianaise na ndúshlán a bhí romhainn le blianta beaga anuas, sílim gur rud suntasach é an dul chun cinn seo.
“Tarraingítear aird sa tuarascáil ar bhearta buiséid atá ceaptha chun tacú le teaghlaigh agus le saoránaigh leochaileacha, mar shampla, méaduithe ar an tairseach ioncaim maidir leis an Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht a thugann tacaíocht do theaghlaigh i bhfostaíocht atá ar ísealioncaim.
“Ó críochnaíodh an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn seo tá buiséad leasa shóisialaigh ba mhó i stair an Stáit fógartha ag an Rialtas, le €2.2 billiún breise i mbearta chun tacú leis na daoine is leochailí.”
Ag cur fáilte roimh an bhfoilseachán, dúirt an tAire O’Brien:
“Tá áthas orm an dara tuarascáil ar dhul chun cinn an ‘Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025’ a fhoilsiú.
“Tá seachadadh ghealltanas an Treochláir ina thosaíocht dom mar Aire atá freagracht as an Treochlár a chur i bhfeidhm, agus tá sé de rún daingean agam leanúint de bhearta a sheachadadh a thabharfaimid i dtreo ghealltanas an Treochláir a bhaint amach maidir le bochtaineacht sheasta a laghdú go dtí 2% nó níos lú faoi 2025.
“Tá sé seo níos práinní fós anois agus costais mhéaduithe mhaireachtála ag dul i gcion ar na saoránaigh uile, go háirithe grúpaí leochaileacha.”
Leanadh leis an obair gealltanais a sheachadadh le cuid acu bainte amach go hiomlán nó bainte amach le seachadadh ag leanúint ar aghaidh, agus go leor eile idir lámha. Tá seachadadh na ngealltanas uile mar thosaíocht Rialtais fós don tréimhse atá fágtha den Treochlár.
Dúirt an tAire O’Brien freisin:
“Leanfar leis an obair ar fud an Rialtais chun príomhghealltanais an Treochláir a chur chun cinn agus a sheachadadh.
“Beidh béim níos mó ar sheachadadh breise mar thoradh ar an athbhreithniú meántéarma atá á dhéanamh ar an Treochlár.”
Tá an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn agus an Cárta Tuairisce ar fáil ag www.gov.ie/socialinclusion.
CRÍOCH
Formheasadh an ‘Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025: Uaillmhian, Spriocanna, Gealltanais’ ag an Rialtas agus foilsíodh é i mí Eanáir 2020. Is í seo an dara tuarascáil maidir le dul chun cinn i dtreo spriocanna an Treochláir a bhaint amach. Is í príomhuaillmhian an Treochláir ná “bochtaineacht sheasta a laghdú go dtí 2% nó níos lú agus a dhéanamh cinnte de go mbeidh Éire ar na tíortha is cuimsithí go sóisialta san Aontas.” Sa Treochlár aistrítear an uaillmhian seo isteach ina 7 Sprioc, agus 66 gealltanas uathúil (gníomhartha) mar bhonn taca leo a thabharfar chun cabhrú leis na spriocanna a sheachadadh.
Faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2022:
Áirítear ar na gealltanais a seachadadh thar an tréimhse ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go dtí mí Mheithimh 2022:
-Méadú de €5 sa ráta seachtainiúil uasta maidir le Sochar Breoiteachta, Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall agus Pinsean Easláine.
-Feabhsuithe ar acmhainn a mheasúnú don Liúntas Míchumais chun dul chun socair dóibh siúd ar ráta íocaíochta laghdaithe agus dóibh siúd a ghlacann le hobair.
-Méadú seachtainiúil de €3 sa Liúntas Maireachtála Aonair a rachaidh chun socair dóibh siúd a bhfuil an Liúntas Míchumais nó an Pinsean Easláine á fháil acu agus a bhfuil cónaí orthu leo féin.
-Méadú de €5 san íocaíocht sheachtainiúil Liúntais Breosla a rachaidh chun socair dóibh siúd a bhfuil an Liúntas Míchumais nó an Pinsean Easláine á fháil acu, mar aon leis an Liúntas Breosla.
-Méadú sa Scéim Fóirdheontais Pá a íoctar le fostóirí a fhostaíonn daoine a bhfuil míchumas orthu.
Táthar ag tabhairt faoi Athbhreithniú Meántéarma ar an Treochlár le hathbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir leis na gealltanais a chur i bhfeidhm. Áirítear ann freisin measúnú ar uaillmhianta, spriocanna agus gealltanais an Treochláir atá ann cheana, chomh maith le hathbhreithniú ar tháscairí an Treochláir atá ann cheana. Cuirfidh comhairliúchán le gach ceann de na heilimintí sin, agus ceapadh soláthraí neamhspleách, Ipsos, chun tabhairt faoi rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara. Cuireadh tús leis an rannpháirtíocht sin agus críochnófar í faoi dheireadh na bliana. Bhí an chéim chomhairliúcháin ar bun ón 6 Meán Fómhair go dtí an 14 Deireadh Fómhair.