Clár Reachtaíochta an Fhómhair Foilsithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Príomh-Aoire an Rialtais, Jack Chambers TD an Clár Reachtaíochta ina bhfuil 38 Bille le foilsiú agus a bhfuil Airí chun tosaíocht a thabhairt dóibh i seisiún Oireachtais an Fhómhair seo chugainn.
Tá an clár ceadaithe ag an gComh-aireacht agus foilsíodh é i ndiaidh rannpháirtíocht le ranna rialtais, oifigí agus Oifig an Ard-Aighne agus i gcomhar le ranna rialtais, oifigí agus Oifig an Ard-Aighne.
Is éard a dúirt Príomh-Aoire an Rialtais, Jack Chambers:
“Fáiltím roimh chinneadh an Chomh-aireachta Clár Reachtaíochta an Rialtais a cheadú. Is ionann seo agus sceideal uaillmhianach de bhillí tábhachtacha ar fud raon réimsí, lena n-áirítear tithíocht, sláinte, comhshaol agus coimirce shóisialach, a chinnteoidh go mbeidh an tír ábalta dul i ngleic leis na dúshláin láithreacha a mbíonn orainn aghaidh thabhairt orthu chomh maith leis na gealltanais atá i gClár an Rialtais a sholáthar.”
Tabharfaidh an Rialtas tús áite do reachtaíocht le tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do dhaoine i ndáil leis an gcostas maireachtála agus leis na dúshláin fuinnimh a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear rith an Bhille Airgeadais agus an Bhille Leasa Shóisialaigh chun éifeacht a thabhairt do na hathruithe a sholáthrófar sa Bhuiséad.
“Buiséad costais maireachtála a bheidh i mBuiséad 2023 a bheidh dírithe ar chosaint agus ar thacaíocht a thabhairt do líonta tí, teaghlaigh agus gnólachtaí ar fud na tíre, fad a chinnteofar freisin go mbeidh geilleagar na tíre ábalta leanúint d’fhás agus téarnamh a bhaint amach,” a dúirt an tAire Chambers freisin.
“Maidir le tithíocht, tabharfaimid tús áite don Bhille Pleanála & Forbartha agus don Bhille um Luach Talún a Roinnt agus um Chriosanna Forbartha Uirbí chun a chinntiú go leanfar de thógáil tithe a sholáthar mar a gealladh sa Phlean Tithíocht do Chách.
I gcúrsaí sláinte, foilseofar an Bille um Fhíochán Daonna go ríghairid chun uasdátú a dhéanamh ar nósanna imeachta maidir le deonú orgán agus trasphlandú agus tabharfar tús áite freisin don Bhille Sláinte Poiblí (Pacáistiú Caighdeánaithe Tobac) agus don Bhille Sláinte (Foirceannadh Seirbhísí um Thoirchis (Criosanna Rochtana Sábháilte)).
I measc na mbillí eile a thabharfar tús áite dóibh an téarma seo beidh an Bille maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil, an Bille maidir le Ceart Cianobair a Iarraidh, an Bille Rialúcháin Cearrbhachais agus an Bille maidir le Córas Coigiltis Scoir Uathchláraithe ,” a dúirt sé freisin.
Ina theannta sin, leanfar ar aghaidh d’fhorbairt a dhéanamh ar na billí eile, iad a dhréachtú agus dul chun cinn a dhéanamh orthu tríd an Teach agus ní hamháin na billí sin atá ar an liosta tosaíochta.