Ráiteas ón Aire Catherine Martin maidir leis an tuarascáil ar chláir iomarcaíochta deonacha RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Adhmhaím torthaí na tuarascála a choimisiúnaigh RTÉ maidir lena gcláir iomarcaíochta deonacha i 2017 agus 2021, a rinne McCann Fitzgerald.
Léiríonn an tuarascáil seo an neamhaird iomlán do phrionsabail an chomhionannais, na cothroime, agus na trédhearcachta maidir le mar a caitheadh leis an bhfoireann le linn na tréimhse sin.
Chas mé leis an Ard-Stiúrthóir Kevin Bakhurst níos luaithe inniu, agus gheall sé dom go gcinnteodh na leasuithe atá curtha i bhfeidhm le míonna anuas maidir le ceannas agus maoirseoireacht san eagraíocht nach dtarlódh a leithéid arís.
Tá an tuarascáil seo curtha ar aghaidh anois chuig dhá sainchoiste comhairleach neamhspleách atá ag déanamh athbhreithniú ar rialachas, cultúr agus gnóthaí acmhainní daonna in RTÉ ar son an rialtais. Beidh an tuarascáil ina chuidiú dóibh agus iad i mbun a gcuid oibre, atá idir lámh faoi láthair, agus tá mé ag súil lena gcuid moltaí a fháil.