Tugann ealaíontóir léiriú ar thaifid luachmhara an Stáit i dtaispeántas speisialta sa Chartlann Náisiúnta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Osclaítear taispeántas uathúil, Shadowing the Archives, i dTeach an Chóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath, ina bhfuil saothar nua ó ealaíontóir cónaitheach an Chartlann Náisiúnta, John Beattie. Is toradh chónaitheacht dhá bhliain é an taispeántas, agus beidh sé ar oscailt don phobal go dtí an 8 Deireadh Fómhair.
Le dhá bhliain anuas, tá John Beattie ag breathnú ar an gCartlann Náisiúnta, agus ar obair a foirne ag caomhnú agus ag cur taifid an Stáit ar fáil. Tá cur amach aige ar chleachtais oibre laethúla na gcartlannaithe, á scáthú trí spásanna fisiceacha an Chartlann Náisiúnta; na limistéir stórála ollmhóra, an seomra léitheoireachta, an seomra caomhantais, an stór, agus an seomra digitithe ina n-áitreabh ar Shráid an Easpaig. Tá spéis ar leith ag Beattie i gcur chuige an Chartlann Náisiúnta maidir le taifid stairiúla a chaomhnú agus a ullmhú le cur ar taispeáint go poiblí, agus sa chaoi ar tugadh léargas nua ar phríomh-eachtraí i stair na hÉireann trí thaifid bhunaidh a chur i láthair go nuálaíoch i dtaispeántais, i leabhair agus in imeachtaí poiblí.
I nGailearaí II sa Chóiste, cuireann Beattie sraith i láthair ina ndírítear ar mhodhanna comhaimseartha agus traidisiúnta taispeána agus léiriúcháin d’ábhar cartlainne a bhaineann le heachtraí suntasacha stairiúla ó 1921 agus 1922, lena n-áirítear idirbheartaíocht an Chonartha Angla-Éireannaigh agus scrios Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann. Is gléas stórála praiticiúil é an bosca cartlainne, lena chód tagartha uathúil, d’obair an Chartlann Náisiúnta, ach is comhartha é chomh maith, ‘coimeádán’ scéalta staire éagsúla, agus sa taispeántas tá an bosca cartlainne oscailte, nochtaithe ina ghléas frámaithe, agus ina mheabhrúchán foirmiúil ar na próisis chartlainne atá mar bhonn agus mar thaca faoi thógáil na staire.
I nGailearaí I, chruthaigh Beattie suiteáil físe-teilgin dhúbailte dhubh agus bhán ina nascann sé píosaí scannán de phróisis chartlainne agus déanta taispeántais, le radhairc ar stáitse agus chóragrafaithe a scannánaíodh i gcomhar le Cónaidhm Aikido na hÉireann sa Chartlann Náisiúnta. Léirítear go mion i seichimh Aikido radhairc ghníomhaíochta mhoillithe; dráma na coimhlinte, chomh maith lena réiteach. Léirítear sa scannán freisin próisis ullmhúcháin chúramacha, agus riochtaí machnaimh.
Is ealaín chomhraic chosanta é Aikido ina úsáidtear teicnící casta agus caithimh chun neart agus móiminteam ionsaitheora a iompú ina choinne. Ciallaíonn Aikido ‘bealach le fuinneamh a chomhchuibhiú’ sa tSeapáinis. Tríd a phróiseas taighde, agus go háirithe a dhoiciméadú ar dhéanamh thaispeántas An Conradh, 1921: Taifid ón gCartlann, chuir Beattie spéis i gceisteanna réiteach coinbhleachta; próisis idirbheartaíochta; ‘córagrafaíocht’ na gcainteanna síochána; agus conas, i gcomhthéacs cogaidh, is féidir tús a chur le téarmaí na síochána a shamhlú.
Tá sé mar aidhm ag Clár Comórtha an Chartlann Náisiúnta beocht a chur sna bailiúcháin agus iad a dhéanamh ábhartha trí iniúchadh a dhéanamh ar thionchar agus ar oidhreacht na n-imeachtaí a tharla le linn na tréimhse réabhlóidí. Trí thacú le freagairtí léannta, comhoibríocha agus cruthaitheacha, leanfaidh lucht an Chartlann Náisiúnta dá mbailiúchán a ghníomhachtú chun comóradh oscailte, éagsúil agus cuimsitheach a chumasú ar bhlianta deiridh dúshlánacha Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Ag labhairt faoin seoladh, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Mar Aire le freagracht as Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 a chomhordú, tacaím le hobair agus le léiriú cruthaitheach ealaíontóirí ar nós John Beattie agus iad ag plé le bailiúcháin stairiúla an Chartlann Náisiúnta agus institiúidí eile ar bhealaí nua agus nuálaíocha, ag iniúchadh agus ag léiriú an taifead cartlainne go cruthaitheach agus go healaíonta. Cuireann saibhreas comhshaothar mar seo, idir chúrsaí stairiúla agus chomhaimseartha, na taifid luachmhara seo ar fáil do lucht féachana nua agus tugtar ár ndúshlán ann súil eile a chaitheamh ar imeachtaí stairiúla. Is iontach an rud é toradh an chéad chónaitheacht seo a fheiceáil i scéim Ealaíontóir Cónaithe an Chláir.”
Beathaisnéis an Ealaíontóra
Is amharcealaíontóir é John Beattie, as Co. Dhún na nGall ó dhúchas, agus tá sé lonnaithe i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Léiríonn sé a shaothar go forleathan go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. In 2023, léirigh sé saothar nua dar teideal RECONSTRUCTING MONDRIAN (2013-2020), bunaithe ar stiúideo bunaidh Piet Mondrian i bPáras idir 1921 agus 1936, i gcomhar leis an Gemeentemuseum, Den Haag, Dánlann Hugh Lane, Baile Átha Cliath, agus The Foundation Reconstruction of Mondrian's Studio, An Ísiltír.
I measc léirithe íomhánna socra agus gluaisteacha tá: PERFORMING NGI.988 (2016), a léiríodh do chomóradh Stáit 1916 i gcomhar le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, the ESB Centre for the Study of Irish Art, agus Dánlann LAB, Baile Átha Cliath; agus An Artist, The Studio, and all the rest… (2006-2012), léiriúchán íomhánna gluaisteacha scannán dhá pháirt, a taispeánadh in The Royal Hibernian Academy.
Bronnadh roinnt cónaitheachtaí ar Beattie go dtí seo, lena n-áirítear Centre Culturel Irlandais, Páras, 2020; the Apexart Fellowship, Nua Eabhrac, 2015; Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath, 2011; Gailearaí & Stiúideo Bharra an Teampaill, Baile Átha Cliath, 2010; the RHA, Baile Átha Cliath, 2010; agus Fire Station Artists’ Studios, Baile Átha Cliath, 2006-2009.
Ceapadh John Beattie mar Ealaíontóir Cónaithe sa Chartlann Náisiúnta in 2021 mar chuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 Rialtas Éireann.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi John Beattie agus a shaothar: www.johnbeattie.ie
Nótaí don eagarthóir:
Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faigheann sé agus cosnaíonn sé taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.
Shadowing the Archives: Ealaíontóir Cónaithe, Cartlann Náisiúnta na hÉireann, 2021-2023
John Beattie
Ionad: Teach an Chóiste, Caisleán Bhaile Átha Cliath
Dátaí taispeántais: 15 Meán Fómhair go 8 Deireadh Fómhair 2023
Uaireanta Oscailte: Oscailte go laethúil. 10 r.n. - 12.30 i.n. agus 1.30 - 5 i.n. Dúnta idir 12.30 - 1.30 i.n.
Seoladh: Déardaoin, an 14 Meán Fómhair, 6 i.n.