Fógraíonn an tAire Hackett oscailt na Scéime um Fheirmeoireacht Orgánach d'iarratasóirí nua tar éis bliain d'fhorbairtí nach bhfacthas cheana
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, go mbeidh an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach ar oscailt d'iarratasóirí nua ó Dé hAoine an 3 Samhain, agus go bhfanfaidh sí ar oscailt go dtí an 8 Nollaig.
Ag dearbhú oscailt na Scéime, dúirt an tAire Hackett:
“Tá lúcháir orm an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach nua a athoscailt go foirmiúil d’iarratasóirí nua. Tá fís láidir ag an Rialtas seo don fheirmeoireacht orgánach, agus is é athoscailt na scéime an fhorbairt is déanaí taobh istigh de roinnt blianta claochlaitheacha ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht. Táimid ag súil go léireofar an spéis ollmhór i measc feirmeoirí sna hiarratais ar an scéim.
“Níor fhacthas an leibhéal spéise reatha san fheirmeoireacht orgánach in Éirinn cheana. Le bliain amháin anuas, tháinig méadú faoi dhó ar líon na bhfeirmeacha orgánacha agus rinneadh infheistíocht shuntasach i bhforbairt an mhargaidh. Níos luaithe i mbliana, fuair mé maoiniú ón gCúlchiste Coigeartaithe Brexit chun an earnáil orgánach a chur chun cinn agus a fhorbairt, agus tá feachtas náisiúnta fógraíochta do thomhaltóirí á sheoladh ag Bord Bia ar an 6 Samhain. Tá bonn taca láidir ag móiminteam na hearnála orgánaí anois a bhuí le beartas Rialtais agus le gníomhaireachtaí stáit lena n-áirítear Teagasc agus Bord Bia, chomh maith leis na seirbhísí comhairleacha príobháideacha in ACA agus na Comhlachtaí Deimnithe Orgánacha. Is deis iontach í seo do go leor feirmeoirí chun inbhuanaitheacht a uasmhéadú agus chun féachaint chuige go seasfaidh a ngnó an aimsir tríd a gcostais ionchuir a laghdú. Táim díreach tar éis filleadh ó sheó trádála orgánach, Natexpo, i bPáras, áit ar bhuail mé le ceannaitheoirí ó na miondíoltóirí móra sa Fhrainc. Tá muinín acu as todhchaí na hearnála, agus leanfaidh Bord Bia ag cur bia orgánach na hÉireann chun cinn sa bhaile agus thar lear. Táimid meáite ar sprioc an Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide chun 10% den talamh a ndéantar feirmeoireacht orgánach uirthi a bhaint amach faoi 2030, agus chuige sin, tá ríthábhacht ag baint le tacaíocht fheabhsaithe an bhuiséid de €256 milliún d’ábhair orgánacha inár bPlean Straitéiseach CBT.”
Is beart agra-chomhshaoil í an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach faoi Phlean Straitéiseach CBT na Roinne. D’fhéadfadh feirmeoirí stoic thirim a théann i mbun conartha cáiliú d’íocaíochtaí bliantúla suas go dtí €300 in aghaidh an heicteáir le linn na tréimhse tiontaithe agus suas go dtí €250 in aghaidh an heicteáir nuair a bheidh stádas orgánach iomlán bainte amach acu. Tá rátaí íocaíochta níos airde ar fáil d’fheirmeoirí gairneoireachta orgánacha agus d'fheirmeoirí curaíochta orgánacha. Ina theannta sin, tugadh isteach íocaíocht rannpháirtíochta bhliantúil de €2,000 sa chéad bhliain den tiontú agus €1,400 in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin chun tacú le feirmeoirí orgánacha.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Hackett:
“Anuraidh thionóil mé an Fóram um Straitéis Orgánach, agus tá mo Roinn tar éis éisteacht agus plé a dhéanamh leis an bpobal feirmeoireachta agus le páirtithe leasmhara ar fud na hearnála. Is cúis sóláis ar leith í an tacaíocht ó na heagraíochtaí feirmeoireachta don fheirmeoireacht orgánach a fheiceáil. D'fhreagair mé trí phacáiste beart feabhsaithe a fháil a thugann tacaíocht bhunúsach dóibh siúd a théann isteach sa scéim. Is é an ceann is deireanaí díobh seo ná an mol trádála orgánach, atá ina mhargadh saor d’fheirmeoirí orgánacha chun táirgí a cheannach agus a dhíol. Tugtar tús áite d'fheirmeoirí orgánacha agus rochtain á dhéanamh acu ar ár scéim agra-chomhshaoil, ACRES freisin. Mholfainn do na feirmeoirí go léir a bhfuil suim acu dul i dteagmháil lena gcuid comhairleoirí chun na tacaíochtaí atá ar fáil a scrúdú agus iarratas a dhéanamh ar an scéim seo sna seachtainí atá romhainn.”
Chuir an tAire Charlie McConalogue T.D fáilte roimh athoscailt na scéime feirmeoireachta orgánaí, ag rá:
“Is í an mhian atá agam ná tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí ar fud na hÉireann dul i mbun na gníomhaíochta talmhaíochta is fearr a oireann dá bhfeirme agus dá dteaghlach feirme agus is deis thar a bheith tarraingteach í an scéim um fheirmeoireacht orgánach d’fheirmeoirí. Tá an tacaíocht seo ag teacht ní hamháin trí íocaíochtaí scéime atá an-tarraingteach ach trí mhaoiniú don chur chun cinn ar mhaithe le líon na ndíolachán i measc tomhaltóirí a mhéadú freisin. Beidh sé seo tábhachtach freisin chun tacú lenár n-uaillmhian chun an limistéar talún a ndéantar feirmeoireacht orgánach air a mhéadú.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Ar mhaithe le leibhéal méadaithe na dtacaíochtaí a léiriú, forbraíodh áireamhán íocaíochtaí d’fheirmeoirí agus tá sé ar fáil ag https://cap-calculators.apps.rhos.agriculture.gov.ie
Léiríonn an t-áireamhán sin an luach a bheadh ann do gach feirmeoir dá n-aistreoidís go feirmeoireacht orgánach.
Beidh an Scéim oscailte d’iarratais ó gach earnáil ón Aoine 3 Samhain 2023. Fanfaidh sé ar oscailt go dtí an 8 Nollaig 2023.
Tá treoir maidir le próiseas iarratais na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí agus doiciméad le Ceisteanna Coitianta ann ar fáil ar shuíomh gréasáin na roinne chun cabhair a thabhairt d'iarratasóirí féideartha ag: Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach.
Tá sraith Bileoga Eolais Orgánacha nua cruthaithe ag Teagasc chun eolas a thabhairt d'fheirmeoirí atá ag cuimhneamh ar roghanna fiontraíochta orgánacha. Lena chois sin, tá treoir nua "Feirmeoireacht Orgánach - Treoir Céim ar Chéim maidir le hAistriú" forbartha agus tá sí ar fáil ar shuíomh gréasáin Teagasc.
Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na Scéime um Fheirmeoireacht Orgánach ar fáil ar leathanach feirmeoireachta orgánaí na roinne ag Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach.
Tá sprioc leagtha síos ag Clár Rialtais na hÉireann chun an limistéar talún orgánach a mhéadú faoi thrí go thart ar 336,000 heicteár roimh an mbliain 2027. Cuimsíodh an sprioc seo i bPlean Straitéiseach CBT na hÉireann, i bhFís an Bhia 2030 agus tá sprioc de 10% faoin mbliain 2030 ag ár bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide.
I gcás feirmeoir stoic thirim 40ha beidh an íocaíocht iomlán thar 5 bhliain den scéim um fheirmeoireacht orgánach 54% níos airde ná faoin CBT roimhe seo.
Tá sé mar aidhm an sprioc seo a bhaint amach trí thacú le feirmeoirí tiontú go feirmeoireacht orgánach tríd an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach (OFS), tacaíocht chomhairleach fheabhsaithe agus cur chun cinn méadaithe chomh maith le héileamh margaidh a fhorbairt.
Is é cuspóir foriomlán na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí ná buntáistí barrfheabhsaithe maidir le leas ainmhithe agus an comhshaol a sholáthar agus táirgeoirí a spreagadh le freagairt d'éileamh an mhargaidh do bhia a tháirgtear go horgánach.
Tá buiséad iomlán de €256 milliún leithdháilte ar an OFS thar shaolré Phlean Straitéiseach nua an CBT.
Tá comhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais Eorpaigh mar chomhpháirtíocht idir an tsochaí agus an talmhaíocht lena gcinntítear go bhfuil bia á chur ar fáil go seasmhach, lena gcosnaítear ioncam feirmeoirí agus an timpeallacht, agus coinnítear beocht i gceantair thuaithe. Cuireann tíortha de chuid an Aontais CBT i bhfeidhm ag leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.
Tá an Scéim Feirmeoireachta Orgánach cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an AE.
Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar www.gov.ie/cap