Fáiltíonn an Rialtas roimh thoradh an imscrúdaithe CICT ar chomharthaíocht praghsanna ag árachóirí mótair in Éirinn
Ó An Roinn Airgeadais; An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Airgeadais; An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, chuir an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar T.D., an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe T.D., an tAire Stáit, a bhfuil freagracht air as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, Séan Fleming T.D., agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Dlí na gCuideachtaí, Robert Troy T.D., fáilte roimh thoradh an imscrúdaithe CICT agus na gealltanais a rinne na páirtithe san imscrúdú sin. Thug siad dá n-aire freisin imní leanúnach CICT maidir leis an gcultúr laistigh de thionscal árachais na hÉireann.
Dúirt an Tánaiste
“Is toradh maith é seo ón CICT inniu agus fáiltím roimh an bhfíric go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh tuilleadh leis an mBanc Ceannais. Is é an rud is mó is gá dúinn a fheiceáil anois ná titim i bpréimheanna do thiománaithe. Is tosaíocht don Rialtas é an Bille Iomaíochta (Leasú) atá le teacht i mbliana, mar chuid dár dtiomantas foriomlán an earnáil árachais a athchóiriú. Leis an dlí nua, neartófar go mór cumhachtaí CICT, rud a thabharfaidh an cumas dó fíneálacha suntasacha a ghearradh as sáruithe ar dhlí na hiomaíochta. Leanfaimid lenár bPlean um Athchóiriú Árachais a chur i bhfeidhm, plean atá ag dul i bhfeidhm cheana féin ar chostais”.
Dúirt an tAire Stáit Fleming
“Léiríonn toradh an imscrúdaithe CICT an tábhacht a bhaineann le hárachas i gcoitinne agus tionchar a chostais agus a infhaighteachta ar thomhaltóirí, ar ghnólachtaí agus ar ghrúpaí pobail. Dá réir sin, tá sé beartaithe agam bualadh le CICT chun na torthaí a phlé tuilleadh”.
Tá an Rialtas tiomanta go hiomlán i gcónaí don chlár oibre um athchóiriú árachais a chur chun cinn, atá dírithe ar an bPlean Gníomhaíochta um Athchóiriú Árachais. Léirítear sa chéad Tuarascáil ar Chur i bhFeidhm an Phlean Gníomhaíochta de chuid Fhoghrúpa an Choiste Comh-Aireachta ar Athchóiriú Árachais, a foilsíodh i mí an Mheithimh, go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ar an obair, agus tá 34 de na 66 gníomh atá sa Phlean Gníomhaíochta curtha i gcrích anois. I measc na n-éachtaí is suntasaí go dtí seo tá tabhairt isteach na dTreoirlínte nua maidir le Díobháil Phearsanta, a laghdaíonn go mór dámhachtainí díobhála pearsanta, agus cruthú na hOifige chun Iomaíocht sa Mhargadh Árachais a Chur Chun Cinn. Tá pleananna i bhfeidhm freisin chun cumhachtaí CICT a neartú trí achtú ionchasach an Bhille Iomaíochta (Leasú).
Dúirt an tAire Donohoe
“Tá sé mar phríomhthosaíocht beartais ag an Rialtas seo i gcónaí margadh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche a chinntiú trí sholáthar árachais in Éirinn a dhoimhniú agus a leathnú. Maidir leis seo, leanfaidh an Rialtas ar aghaidh ag obair lena chinntiú go mbeidh tionchar dearfach ag cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta ar inacmhainneacht agus infhaighteacht árachais do dhaoine aonair, do ghnólachtaí, do ghrúpaí pobail agus do ghrúpaí deonacha ar fud na hÉireann”.
Dúirt an tAire Stáit Troy freisin
“Is toradh dearfach é seo do thomhaltóirí. Tá iomaíocht tábhachtach do mhargadh árachais sláintiúil agus níos déanaí san Fómhar seo foilseoimid an Bille Iomaíochta (Leasú). Tá sé seo ar cheann de na príomhthosaíochtaí atá agam maidir le rialachán cuideachta, agus léiríonn sé mórathrú i bhforfheidhmiú iomaíochta d’Éirinn agus tacóidh sé le hobair leanúnach chun margadh iomaíoch cothrom a chinntiú. Tá dul chun cinn seasta á dhéanamh ag an Rialtas chun an margadh árachais a athchóiriú agus táimid ag tosú ar thorthaí na hoibre seo a fheiceáil, is é sin costas an árachais do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí araon a laghdú sa deireadh”.
Críoch