Cuireadh 2,500 teach cónaithe sóisialta in úsáid ghníomhach arís le linn 2023
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien T.D., figiúirí inniu a thaispeánann gur cuireadh 2,481 teach cónaithe sóisialta folamh in úsáid ghníomhach le linn 2023 faoi Chlár na dTithe Folmha (Voids Programme).
Is príomhghníomh de phlean Tithíocht do Chách an Rialtais úsáid níos éifeachtaí a bhaint as an stoc tithíochta atá ann cheana. Tacaíonn Clár na dTithe Folmha (Voids Programme) le húdaráis áitiúla tithe folmha a ullmhú lena n-athligean agus cuireann sé leis an obair leanúnach chun dul i ngleic le folúntais agus dearóiliú chun réadmhaoin fholamh a athúsáid le haghaidh tithíochta.
Dúirt an tAire O’Brien:
"Cuidíonn athchóiriú agus filleadh ar úsáid réadmhaoine foilmhe leis an mbrú ar an stoc tithíochta atá ann cheana a laghdú, an soláthar a mhéadú, agus ar deireadh thiar, tithe a bhfuil géarghá leo a sholáthar do dhaoine.
Seachas aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le tithíocht shóisialta, bíonn tionchar dearfach ag athchóiriú na dtithe sóisialta neamháitithe seo ar phobail freisin. Cuireann sé cosc ar mheath agus ar thréigean réadmhaoine foilmhe, rud a d’fhéadfadh iompar frithshóisialta a bheith mar thoradh air i gcásanna áirithe.
Molaim údaráis áitiúla as a bheith ag obair linn chun na tithe seo a thabhairt ar ais in úsáid ghníomhach in 2023. Déanfaidh a n-iarrachtaí fíordhifríocht i saolta os cionn 2,400 teaghlach. Moltar do na húdaráis áitiúla go léir leanúint de bheith chomh réamhghníomhach agus is féidir chun gach réadmhaoin fholamh a thabhairt ar ais le húsáid trí úsáid a bhaint as an gClár Maoinithe do Thithe Folmha (Voids Funding Programme) chomh maith le cláir eile amhail an Scéim Ceannaigh & Athnuachana agus an Scéim Deisiúcháin & Léasaithe.
Tá sé ríthábhachtach dul i ngleic le tithíocht shóisialta fholamh chomh tapa agus is féidir freisin chun brí agus beocht na bpobal i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre a athnuachan agus a fheabhsú. Tríd an ngníomh Tithíocht do Chách seo táimid tar éis bogadh anois chuig staid um chothabháil phleanáilte ar an stoc tithíochta sóisialta chun an t-am slánúcháin agus athligean is tapúla is féidir a chinntiú don stoc tithíochta sóisialta.’’
As an €46 milliún a forchúitíodh d’údaráis áitiúla do Chlár na dTithe Folmha (Voids Programme) in 2023, thacaigh €3.4m le leanúint d’íocaíochtaí i dtreo cothabhála pleanáilte agus chuimsigh sé maoiniú i dtreo suirbhéanna ar riocht an stoic, rud a chuidíonn lena chinntiú gur féidir an stoc reatha a chur in úsáid arís níos tapúla.
Ó 2020 i leith, tá os cionn €163 milliún caite ag an Rialtas chun 10,820 teach a thabhairt ar ais in úsáid ghníomhach, is é seo beagnach leath (46%) de na tithe a cuireadh ar ais thar shaolré an chláir ó 2014 (23,315 aonad).