Fógraíonn an tAire McConalogue scéim nua d'fheirmeoirí laonna
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. inniu go bhfuiltear tar éis beart nua tacaíochta a sheoladh don earnáil laonna. Is beart tacaíochta é an Scéim Náisiúnta um Leas Mairteola (NBWS) a cheaptar chun feabhas a chur ar shláinte agus fheirmeoireacht ainmhithe ar fheirmeacha laonna.
Cuirfidh an scéim seo tacaíocht ar fáil chun beathú mine a thabhairt do laonna diúla roimh agus i ndiaidh iad a bhaint den diúl, agus tástáil le haghaidh Rineatraicéíteas Tógálach Buaibheach (IBR) ina dtréada. Tá an dá ghníomh éigeantach d'fheirmeoirí ar mian leo páirt a ghlacadh sa scéim.
Tuillfidh feirmeoirí a ghlacann páirt i NBWS chomh maith leis an gClár um Éifeachtúlacht Carbóin Diúil (SCEP) €200/ in aghaidh péire bó lao.
Ag labhairt faoin scéim nua, chuir an tAire McConalogue béim ar a thábhachtaí agus atá sí ó thaobh sláinte agus leasa ainmhithe de.
“Tá earnáil laonna den chéad scoth againn faoi stiúir feirmeoirí a mbíonn i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar gach gné dá dtréad. Cuireann an scéim seo cothú laonna agus sláinte tréad chun cinn. Tá tábhacht ag baint le beathú mine do laonna agus tugann an scéim seo cabhair d'fheirmeoirí chun costais mhéadaithe a chumhdach agus iad ag tabhairt aire dá mbeostoc agus iad ag an tréimhse ina mbaintear den diúl iad.
“Táimid ag díriú ar IBR chomh maith toisc gur fadhb víreasach an-tógálach í ag gabháil d'eallach. Tugann an scéim seo dreasacht d'fheirmeoirí tástáil d'am na huaire a dhéanamh ar a dtréad, le gur féidir a leitheadúlacht sa thréad náisiúnta a mheas. Ag brath ar na torthaí, beidh feirmeoirí in ann comhairle a fháil maidir le conas stádas IBR a dtréad a fheabhsú. Cuirfidh torthaí na tástála diagnóisí IBR faisnéis ar fáil do gach feirmeoir rannpháirteach maidir le stádas IBR a dtréada, le go mbeidh feirmeoirí in ann, i gcomhairle lena tréidlia-chleachtóir, cur chuige saincheaptha d'IBR a fhorbairt mar chuid dá bplean sláinte tréada.
"In éineacht leis an SCEP, beidh an NBWS ina dtacaíocht ioncaim thábhachtach d'fheirmeoirí laonna. Ón uair a bhí mé i bhfreasúra, gheall mé tacaíochtaí €200 d'fheirmeoirí laonna agus anois, táim ag cur leis an ngealltanas seo."
Ní mór do rannpháirtithe beathú mine a thabhairt isteach do thréimhse ceithre seachtaine réamh-scoite agus dhá sheachtain iar-scoite chun strus ar laonna a laghdú sa thréimhse ina mbaintear den diúl iad. Íocfar €35 le feirmeoirí in aghaidh lao incháilithe suas le 40 lao ar a mhéad.
Rud eile, ní mór d'fheirmeoirí féachaint chuige go ndéanfar tástáil don IBR ar a dtréad trí thréidlia a fhostú chun suas le fiche ainmhí a roghnú, tástáil a dhéanamh orthu agus sampla fola a thógáil uathu le haghaidh antasubtaintí IBR.
I gcás ina bhfuil fiche buaibheach nó níos mó i dtréad, caithfear tástáil a dhéanamh ar an bhfiche sin ar fad. I gcás go bhfuil níos lú ná fiche buaibheach, caithfear tástáil a dhéanamh ar gach ceann acu. Íocfar suas le €300 le feirmeoirí in aghaidh an tréada, ag brath ar líon na n-ainmhithe a ndéantar tástáil orthu do IBR.
Ní mór d'iarratais a chur isteach ar líne trí www.agfood.ie agus is é an 12 Meán Fómhair an dáta deiridh. Ní ghlactar le hiarratais dheireanacha toisc go gcaithfear gníomhartha scéime a bheith críochnaithe roimh 1 Samhain 2023 le gur féidir íocaíochtaí a eisiúint do rannpháirtithe faoi lár mhí na Nollag 2023.
Ag críochnú dó, mhol an tAire McConalogue tábhacht na hearnála mairteola don gheilleagar.
"Mar Aire, thacaigh mé go láidir leis an earnáil mairteola riamh anall le hí a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos iomaíche. I gcomhréir le Clár an Rialtais, tugann an scéim seo breis aitheantais d'fheirmeoirí laonna as an ról criticiúil atá acu san earnáil mairteola. Comhlánaíonn an scéim nua seo an Clár Cúig Bliana um Éifeachtúlacht Carbóin Diúil (SCEP) atá maoinithe faoi Phlean Straitéiseach CAP na hÉireann.
"Bhí aschur mairteola taobh thiar d'onnmhairithe ar fiú €3.1 billiún iad chuig breis agus 60 margadh ar fud na cruinne in 2022. Chun na margaí sin a choimeád, caithfimid leanúint orainn i mbun mairteoil a tháirgeadh atá ar ardchaighdeán ó eallach a bhfuil dintiúir Sláinte agus Leasa mhaith orthu."
CRÍOCH
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ
Tá téarmaí agus coinníollacha iomlána den scéim ar fáil ag an nasc seo a leanas:
• Tá an tréimhse tógála laonna ríthábhachtach i bhfiontair mairteola toisc gur féidir leis an ráta fáis a bhaintear amach le linn na míonna sin difear a dhéanamh d'fheidhmíocht saoil an ainmhí. Tugann barrfheabhsú cothaithe lao an seans is mó chun a acmhainn fáis géiniteach agus éifeachtúlacht tiontaithe bia iomlán a bhaint amach.
• Is galar víreasach é IBR a tholgann eallach agus a mbíonn niúmóine agus bás mar thoradh air de ghnáth ach féadann sé a bheith ina shiocair le caillteanais atáirgthe freisin, go háirithe ginmhilltí. Tá ionfhabhtú coitianta i dtréada déiríochta agus mairteola na hÉireann, ag cur le laghduithe ar a n-inbhuanaitheacht shóisialta, thimpeallachta agus eacnamaíochta. Meastar go mbeidh tionchar eacnamaíoch an ghalair nío Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 s mó ná €100 milliún sa bhliain.
• Mar chuid den iarracht fhoriomlán chun feabhas a chur ar shláinte ainmhithe a sainaithníodh laistigh den MACC Éifeachtúlacht Thalmhaíochta arna fhoilsiú ag Teagasc le déanaí, tá díriú ar IBR ar bhonn náisiúnta.
• Cuirfidh an beart IBR laistigh den Scéim Náisiúnta um Leas Mairteola faisnéis ar fáil do gach rannpháirtí ar láithreacht agus ar mhéid ionfhabhtaithe laistigh dá dtréad nó, de rogha air sin, fianaise go mb'fhéidir go bhfuil an tréad saor ó ionfhabhtú. Cuirfidh an faisnéis seo bonn láidir faoi tuilleadh plé a dhéanamh lena (d)tréidlia-chleachtóir ar chur chuige saincheaptha do IBR a fhorbairt laistigh dá bplean sláinte tréada, lena n-áirítear athbhreithniú agus mionathrú, de réir mar is gá, ar bhearta rialaithe reatha lena n-áirítear bithshlándáil agus vacsaíniú.
• I dteannta a chéile, fónfaidh na torthaí do phléití atá ag dul ar aghaidh idir páirtithe leasmhara faoi chlár díothaithe náisiúnta.
Tá an NBWS maoinithe ag leithdháileadh aonuaire 2023 don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ón gCúlchiste Coigeartaithe Breatimeachta a cuireadh ar fáil chun tionchair dhiúltacha Breatimeachta ar earnáil mairteola a chúiteamh.
Is féidir le feirmeoirí laonna páirt a ghlacadh sa scéim nua seo agus an scéim um Éifeachtúlacht Carbóin Diúil 5 bliana (SCEP) ag an am céanna.
Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 (PGA23), a seoladh i Mí na Nollag 2022, an dara huasdátú bliantúil ar Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019 atá ag Éirinn.
Is é an plean seo an chéad phlean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021, agus i ndiaidh buiséid charbóin uile-gheilleagair agus uasteorainneacha astaíochtaí earnálacha a thabhairt isteach.
Cruthóidh cur chun feidhme an Phlean Ghníomhaithe ar son na hAeráide poist, deiseanna nua eacnamaíochta agus cosnóidh sé daoine agus an pláinéad. Is féidir leat breathnú ar PGA23 agus ar a iarscríbhinn gníomhaíochtaí ANSEO nó cuairt a thabhairt ar www.gov.ie/climateaction