Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 28 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 13 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
As na básanna a tugadh le fios inniu, tharla 12 i Márta.*
Ba é 77 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás. Ba é an raon aoise 51-93 bliain.
Tá 4,666 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 27 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 604 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 234,541 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Árann agus tá an fuílleach 239 cás leata i measc 20 contae eile.**
Amhail 8am inniu, tá 322 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 66 astu siúd san aonad dianchúraim.
Tugadh 18 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 25 Márta, tugadh 760,168 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
**Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) náisiúnta agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 27Már2021)** | Meán gluaisteach 5 lá (go dtí meán oíche an 27Már2021) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (ón 14Már2021 go dtí an 27Már2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 14Már2021 go dtí an 27Már2021) |
Éire | 604 | 620 | 164.5 | 7,834 |
Uíbh Fhailí | 22 | 29 | 443.8 | 346 |
Dún na nGall | 45 | 46 | 283.9 | 452 |
Baile Átha Cliath | 224 | 259 | 246.9 | 3,327 |
An Mhí | 25 | 31 | 227.6 | 444 |
Cill Dara | 36 | 42 | 220.2 | 490 |
An Longfort | <5 | 6 | 190.8 | 78 |
Tiobraid Árann | 26 | 20 | 188 | 300 |
An Iarmhí | 15 | 17 | 185.9 | 165 |
Laois | 19 | 15 | 162.9 | 138 |
Lú | 18 | 17 | 158.3 | 204 |
Loch Garman | 18 | 17 | 148.3 | 222 |
An Cabhán | 15 | 12 | 147 | 112 |
Ros Comáin | 6 | 6 | 136.3 | 88 |
Port Láirge | <5 | 7 | 127.4 | 148 |
Cill Mhantáin | 24 | 14 | 120.1 | 171 |
Gaillimh | 16 | 18 | 119.7 | 309 |
Ceatharlach | <5 | 1 | 119.4 | 68 |
Luimneach | 34 | 18 | 100.6 | 196 |
Sligeach | 0 | 1 | 70.2 | 46 |
An Clár | 12 | 6 | 64 | 76 |
Liatroim | 5 | 2 | 62.4 | 20 |
Maigh Eo | 10 | 10 | 59.8 | 78 |
Cill Chainnigh | <5 | 4 | 49.4 | 49 |
Muineachán | <5 | 2 | 45.6 | 28 |
Corcaigh | 20 | 18 | 42.4 | 230 |
Ciarraí | <5 | 2 | 33.2 | 49 |
~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.