D'fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) figiúirí nua inniu ar liostaí feithimh ospidéil a thasipeánann, faoi dheireadh mhí Aibreáin, go bhfuil 492,639 duine ar Liostaí Feithimh Gníomhacha (othar cónaitheach / cás lae, Ionscópacht ghastraistéigeach agus othair sheachtracha) ag feitheamh níos faide ná uasmhéid amanna feithimh Sláintecare, méadú 0.3% i gcomparáid le deireadh mhí an Mhárta.
Mhol tuarascáil Sláintecare Thithe an Oireachtais 2017 uasmhéid am feithimh nach mó ná 12 seachtain le haghaidh gnáthamh othair chónaithigh / cás lae nó Ionscópacht ghastraistéigeach agus suas le 10 seachtain le haghaidh coinne othair sheachtraigh nua.
Faoi dheireadh mhí Aibreáin 2023:
Tá níos mó daoine curtha le liostaí feithimh i mbliana ná mar a bhí tuartha. De réir an FSS tá cúpla cúis leis an treocht seo, lena n-áirtítear éileamh iarphaindéim agus léiríonn siad gurb amhlaidh an cás go hidirnáisiúnta m.sh., tá níos mó daoine ag feitheamh san NHS sa Bhreatain i gcomparáid le blianta eile.
Tá [external-link https://www.hse.ie/eng/about/who/acute-hospitals-division/hospital-activity/hospital-activity.html |antuarisc gníomhaíochta ospidéail is déanaí a fhoislíonn an FSS} go míosúil ar fáil ar líne anois. Tugann sé seo léargas rialta ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus na milliúin othar á fheiceáil agus á gcóireáil go bliantúil laistigh dár gcóras ospidéil amháin.
Ó na sonraí is déanaí atá ar fáil le 12 mi anuas, bhí 3.4 milliún othar seachtrach agus 1.7 milliún othar cónaitheach / cás lae. Anuas ar an gcúram ('sceidealaithe') seo, thug ár gcóras ospidéil cúram éigeandála ('neamhsceidealaithe') do 1.6 milliúin othar, a léiríonn méadú 10% ó leibhéil 2019 (réamh-paindéim) agus léiríonn sé an brú leanúnach ar ospidéil ó bhorradh an fhliú agus freastal méadaithe ar Rannóga Éigeandála.
Bhí tionchar ag na brúanna seo ar chuid mhaith d'ospidéil na tíre sa chéad cúpla mí den bhliain mar a bhí tuartha, agus dá dheasca tá roinnt liosta feithimh tar éis méadú go sealadach. Mar sin féin, tá go leor samplaí ann d’ospidéil aonair le feabhsuithe suntasacha ar amanna feithimh in ainneoin na ndúshlán sin.
Mar shampla, le bliain anuas tá Ospidéal na hOllscoile, Luimneach tar eis líon na n-othar atá ag feitheamh níos faide ná 18 mí le haghaidh coinne othar seachtrach a laghdú faoi 81% ó 17,883 go 3,465, agus tá Ospidéal Mhuire, An Uaimh tar éis líon na n-othar atá ag feitheamh níos faoide ná 18 mí le haghaidh coinne othar seachtrach a laghdú faoi 66% ó 2,458 go 849. Ag an am céanna, tá Ospidéal na hOllscoile, Tamhlacht tar éis líon na n-othar atá ag feitheamh níos faide ná 12 mí le haghaidh gnáthamh othair chónaithigh / cás lae a laghdu faoi 35%, o 419 go 271.
Leanann foilseachán liosta feithimh mhí Aibreán agus figiúirí gníomaíochta ón FSS agus an CNCC seoladh plean Gnímh Liosta Feithimh 2023 ag an Aire Sláinte ar an 7 Márta. Leanann plean 2023 an cur chuige ilbhliantúil le dul i ngleic le liostaí feithimh ráithe 4 2021 agus tugann sé eolas ar 30 gníomh a dhíríonn ar acmhainn a sheachadadh, cúram sceidealaithe a athchóiriú, agus athchóiriú cúraim sceidealaithe a chumasú. Tabharfaidh Plean 2023 maoiniú don FSS agus an CNCC chun liostaí feithimh a laghdú faoi 10% i mbliana chomh maith le leanúint ag laghdú amanna feithimh go suntasach i dtreo na spriocanna molta Sláintecare.