Ár dTodhchaí Tuaithe: Fógraíonn Airí Humphreys agus Joe O'Brien €300,432 le haghaidh 193 dtionscadail áitiúla i gContae na Gaillimhe faoin Chiste Tacaíochta Pobail 2022
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aige i leith Forbairt Pobail agus Carthanachtaí, Joe O’Brien TD, tograí ráthúla i gContae na Gaillimhe faoin Chiste Tacaíochta Pobail 2022.
Seoladh an Ciste Tacaíochta Pobail 2022 i mí na Samhna 2022 le maoiniú de €10 milliún ar fáil. Cuireadh €100,000 den maoiniú seo ar leataobh chun tacú le Botháin na mBan. Is é príomhaidhm an chiste ná tacú le grúpaí, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste, lena mbillí leictreachais, chomh maith le cabhrú leo a n-áiseanna a fheabhsú.
Is ciste aonuaire é an Ciste Tacaíochta Pobail curtha ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus atá riartha ag Coistí Forbartha Pobail Áitiúla, le tacaíocht ón Údarás Áitiúil, i ngach ceantar.
Agus í ag fógairt na dtograí ráthúla i gContae na Gaillimhe inniu, dúirt an tAire Humphreys:
"Tá ríméad orm níos mó na €300,000 de mhaoiniú le haghaidh 193 dtograí áitiúla trasna chontae na Gaillimhe a fhógairt inniu mar chuid de Chiste Tacaíochta Pobail mo Roinne. Tríd an togra 'Ár dTodhchaí Tuaithe', ba mhaith liom tacú le tograí pobal-bhunaithe atá faoi stiúir ag muintir na háite i bpobail áitiúla trasna na tíre. Is lámh chúnta é an ciste seo do ghrúpaí agus clubanna áitiúla lena gcostais fuinnimh, cibé an bille leictreachais, costais árachais nó forchostais eile é. Cé gur beag iad na deontais seo, ba mhór an difríocht a dhéanfadh siad leis an obair riachtanach atá ar bun ag eagraíochta pobail áitiúla ina gceantar."
Dúirt an tAire Humprheys chomh maith:
"Tá an-mheas agam ar an obair iontach atá ar bun ag oibrithe deonacha i bpobail trasna na tíre, bíodh sé i gCoiste Halla an Pharóiste, an Cumann Forbartha nó an Grúpa Seanóirí áitiúil. Oibríonn na coistí áitiúla seo go dian le cinntiú gur féidir leo na soilse a choinneáil ar siúl agus seirbhísí agus imeachtaí iontacha áitiúla a reáchtáil a mbainfidh óg agus aosta taitneamh astu. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus An Coiste Forbartha Pobail Áitiúil as an gcúnamh a thug siad agus an maoiniú seo á riaradh."
Agus é ag fógairt na dtograí rathúla inniu, dúirt an tAire Joe O'Brien:
"Cuireann an Ciste Tacaíochta Pobail raon de dheontais bheaga luachmhara ar fáil chun cabhrú le grúpaí pobail níos lú agus le háiseanna a thacaíonn le pobail. Tá a fhios agam gur uirlis thábhachtach é an maoiniú seo chun cabhrú leis na grúpaí tábhachtacha seo agus b'eol dúinn go háirithe, le tionchar na gcostas fuinnimh reatha, go mbeadh tacaíochtaí breise ag teastáil ó go leor grúpaí chun cabhrú leo leanúint ar aghaidh ag cur a gcuid seirbhísí luachmhara ar fáil do na daoine ina gceantair. Ba mhaith liom tréaslú leis na tograí rathúla agus mo bhuíochas a ghabháil leo as an obair riachtanach a dhéanann siad agus iad ag cur seirbhísí ar fáil ina bpobail áitiúla."
Tá liosta na dtograí rathúla i gContae Gaillimhe ar fáil anseo.
CRÍOCH
Nótaí do na heagarthóirí:
• Tá an Ciste Tacaíochta Pobail dírithe ar áiseanna i bpobail faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú. Cuireann sé deontais bheaga ar fáil do ghrúpaí phobail i gcomhréir le Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail an cheantair.
• Seoladh an Ciste Tacaíochta Pobail i mí na Samhna 2022. Leithdháiltear an ciste aonuaire faoi Chlár Feabhsaithe Pobail na Roinne.
• Tá an maoiniú á riaradh go háitiúl ag Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ) trasna na tíre, le tacaíocht óna n-Údarás Áitiúl. Sonraí teangmhála na CFPÁ ar fáil anseo
• Liosta de chionroinnt de reir chontae ar fáil anseo