Seolann an tAire Ryan deontais nua grianphainéal fótavoltach do ghnólachtaí, d’eagraíochtaí poiblí agus do ghrúpaí pobail
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, tacaí nua rialtais ar fiú suas le €2,400 iad le haghaidh grianphainéil fhótavoltacha a shuiteáil. Tá na tacaí ar fáil do ghnólachtaí, d’eagraíochtaí poiblí agus do ghrúpaí pobail. Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (UFIÉ) a riarfaidh an scéim deontais nua.
Le grianphainéil fhótavoltacha, tiontaítear fuinneamh ón ngrian ina leictreachas. Ar an tslí sin, laghdaítear an méid fuinnimh a tharraingíonn foirgneamh as an eangach náisiúnta, agus billí leictreachais an fhoirgnimh á laghdú ansin.
Bunaithe ar na hardphraghsanna reatha leictreachais, d’fhéadfadh gnólacht suas le €3,000 in aghaidh na bliana a choigilt le córas grianphainéal fótavoltach a chistítear faoin scéim seo. Fágann sé sin gur féidir leis an tsuiteáil íoc aisti féin roimh i bhfad. Cabhraíonn sé sin le gnólachtaí agus eagraíochtaí (amhail clubanna spóirt) ar fud na tíre a chosaint ar mhéaduithe i bpraghsanna fuinnimh sa todhchaí (trí bhillí leictreachais a laghdú go mór).
Is ionann an fhógairt seo agus an chéim is déanaí de Scéim Tacaíochta Micrighiniúna an rialtais. Seoladh an chéad chéim den scéim i mí na Nollag 2021, agus deontais á dtairiscint le haghaidh grianphainéil fhótavoltacha a shuiteáil ar árais teaghlaigh. Is é €2,400 an deontas uasta atá ar fáil sa bhliain 2022, agus beidh sé gan athrú sa bhliain 2023. I mí Feabhra i mbliana, d’fhógair an rialtas taraif onnmhairiúcháin – an Ráthaíocht um Onnmhairiú Glan (CEG) – mar chuid den scéim. Tríd an taraif sin, féadfaidh soláthraithe fuinnimh micrighineadóirí a íoc as leictreachas barrachais a onnmhairiú ar ais isteach san eangach náisiúnta.
Ag labhairt dó faoi na tacaí is déanaí, dúirt an tAire Ryan:
"Tá an scéim tacaíochta nua seo ar cheann amháin de roinnt mhaith tionscnamh a chuirfear i bhfeidhm chun go mbeidh sé níos éasca agus níos cost-éifeachtúla d’úinéirí tí, do ghnólachtaí agus do chomhlachtaí poiblí grianphainéil a shuiteáil. Réabhlóid dín na hÉireann is ea í.
"A bhuí leis na deontais seo, beidh tuilleadh gnólachtaí, eagraíochtaí agus grúpaí pobail in ann tuilleadh smachta a ghlacadh ar a gcostais fuinnimh trí leas a bhaint as cumhacht na gréine – ní hé amháin go mbeidh siad in ann freastal ar a riachtanais féin ar dtús, ach íocfar iad freisin as aon fhuinneamh barrachais a tháirgfidh siad. Mar gheall ar na hathruithe a dhéanfar go luath ar dhíolúintí pleanála, ar na bealaí níos simplí chuig an eangach, ar na híocaíochtaí onnmhairiúcháin a fógraíodh, agus ar na tacaí caipitil atá ar fáil ó SEAI, is fiú go mór do dhaoine smaoineamh faoi aistriú chuig grianfhuinneamh chun airgead a choigilt agus chun cabhrú lenár n-astaíochtaí a laghdú."
Ag labhairt dó freisin, dúirt Declan Meally, Stiúrthóir Gnó: an Earnáil Phoiblí agus an tIompar, UFIÉ:
"Tá praghsanna fuinnimh níos airde anois ná ag am ar bith riamh, mar thoradh ar chogadh agus coinbhleacht nach bhfuil aon smacht againn orthu. Tá eagraíochtaí ag féachaint ar bhealaí inar féidir leo a spleáchas ar fhoinsí costasacha fuinnimh a laghdú agus aistriú chuig roghanna eile atá slán agus glan agus nach bhfuil chomh costasach céanna. A bhuí leis na deontais nua seo le haghaidh grianphainéil fhótavoltacha a shuiteáil, cabhrófar le gnólachtaí agus eagraíochtaí smacht a ghlacadh ar chostais fuinnimh anois agus a chinntiú go mbeidh soláthar slán leictreachais inathnuaite acu óna ndíon féin sa todhchaí."
Leis an scéim, soláthrófar cistiú deontais ar fiú suas le €2,400 ar a mhéad é le haghaidh teicneolaíocht grianphainéal fótavoltach suas le 6 kWp ar a mhéad (thart ar 16 ghrianphainéal os cionn 25 m2) a shuiteáil. Soláthraítear leis an scéim deis do gach réimse den earnáil neamhbhaile a mbillí leictreachais a laghdú agus, ag an am céanna, a léiriú ar shlí infheicthe go bhfuil siad tiomanta don inbhuanaitheacht agus do na mórspriocanna atá ag Éirinn i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide a bhaint amach.
Chun iarratas a dhéanamh, logáil isteach ar tshuíomh gréasáin UFIÉ agus lean na céimeanna atá leagtha amach.
Príomhthairbhe de mhicrighiniúint is ea an t-airgead a shábhálann tú ar do bhillí leictreachais trí roinnt de do leictreachas féin a tháirgeadh – ach foinsí in-athnuaite a úsáid.
Bíonn obair á déanamh ar luas lasrach chun a chinntiú go bhfaighidh gach micrighineadóir íocaíochtaí go tapa as an leictreachas barrachais a théann ar ais isteach san eangach. Tá an chuid is mó de sholáthraithe ag fógairt a rátaí taraife don Ráthaíocht um Onnmhairiú Glan (CEG) cheana féin. Ní chaillfidh micrighineadóirí amach ar airgead nuair atá córais íocaíochta á gcur i bhfeidhm. Déanfar íocaíochtaí a shiardhátú chuig an dáta incháilitheachta nó an 15 Feabhra 2022 (an dáta ar ar achtaíodh na rialacháin iomchuí), cibé acu is déanaí.
Is é a bheidh i gceist leis an gcéim dheiridh den Scéim Tacaíochta Micrighiniúna ná taraif dreasachta don Phréimh Onnmhairí Glana a thabhairt isteach chun tacú le leictreachas a onnmhairítear chuig an eangach ó iarratasóirí neamhbhaile ar mhéideanna suiteála is mó ná 6 kWp agus suas le 50 kWp. Rachaidh an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) i mbun comhairliúcháin ar phlean cur chun feidhme le haghaidh tharaif na Préimhe Glaine Onnmhairiúcháin a bheidh comhdhéanta de thacaíocht ráthaithe taraifí onnmhairí do shuiteálacha nua. Beidh an taraif socraithe ar feadh 15 bliana.
CRÍOCH
Tá an Scéim Tacaíochta Micrighiniúna (MSS) ag spriocdhíriú tacaíocht do 380 MW de thoilleadh micrighiniúna suiteáilte chun rannchuidiú leis an sprioc faoin bPlean Gnímh don Aeráid go soláthrófaí 2.5 GW d’fhuinneamh ó ghrianfhoinsí inathnuaite a bhaint amach. Ag brath ar mhéid an phainéil, is ionann é sin agus breis agus 1 mhilliún grianphainéal, agus iad ar thart ar 70,000 foirgneamh.
Tá sé mar mhisean ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (UFIÉ) a bheith mar chuid lárnach de réabhlóid fuinnimh na hÉireann a sholáthar. Brúnn UFIÉ foinsí nua chun cinn chun úsáid breoslaí iontaise a ionadú agus is eagraíocht fhianaisebhunaithe é. Oibríonn UFIÉ i gcomhpháirt le saoránaigh, le pobail, le gnólachtaí agus leis an Rialtas.
Cistíonn Rialtas na hÉireann UFIÉ tríd an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Leagtar amach sa tábla seo (thíos) an deontas atá ar fáil le haghaidh gach méide córais.
Córas grianphainéal fótavoltach | Luach an deontais |
1kWp* | €900 |
2kWp | €1,800 |
3kWp | €2,100 |
4kWp | €2,400 |
5kWp | €2,400 |
6kWp | €2,400 |
*buaicmhéid cileavataí (gnáth-aschur tástála ó ghrianphainéal fótavoltach)
Leis an scéim, soláthrófar cistiú deontais ar fiú suas le €2,400 ar a mhéad é le haghaidh teicneolaíocht grianphainéal fótavoltach suas le 6 kWp ar a mhéad (thart ar 16 phainéal os cionn 25 m2) a shuiteáil.
Is féidir aon fhuinneamh barrachais a onnmhairiú chuig an eangach, agus cúiteamh á fháil ag custaiméirí as an mbarrachas (a onnmhairítear) óna soláthraí leictreachais faoi scéim na Ráthaíochta um Onnmhairiú Glan a mbainistíonn an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) í.
Tabhair faoi deara nach soláthraítear leis an scéim cistiú deontais do shuiteálacha ceallraí. Ní fhéadfar níos mó ná iarratas amháin a dhéanamh in aghaidh na huimhreach tagartha méadarphointe.