Fógraíonn an tAire Catherine Martin Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr RTÉ
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., go bhfuil sí ag súil go mbeidh sí in ann sna laethanta amach romhainn Téarmaí Tagartha an Athbhreithnithe ar Rialachas agus Cultúr RTÉ a thabhairt chun críche a bhfuil sé ar intinn aici a choimsiúnú ar bhonn práinne.
Tá sé beartaithe ag an Aire Sainghrúpa Rialachais a bhunú chun an próiseas a mhaoirsiú.
Pléadh an cheist le comhghleacaithe Comh-Aireachta ag cruinniú an Rialtais ar maidin.
Rachaidh Roinn an Aire i gcomhairle le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an NUJ sula dtabharfar na Téarmaí Tagartha chun críche.
Tabharfaidh an tAire na Téarmaí Tagartha críochnaithe faoi bhráid an Rialtais sna laethanta amach romhainn.
Faoi réir an phlé bhreise seo le páirtithe leasmhara ábhartha agus le comhghleacaithe Rialtais sna laethanta amach romhainn, tá an tAire ag súil go dtabharfar aghaidh san athbhreithniú ar raon ceisteanna lena n-áirítear:
• cibé an bhfuil creat rialachais RTÉ oiriúnach don fheidhm agus an bhfuil sé ar aon dul leis an gcleachtas rialachais is fearr i gComhlachtaí Tráchtála Stáit, ag cur san áireamh reachtaíocht craolacháin, agus ceanglais an Chóid Chleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit;
• na torthaí ó athbhreithnithe Grant Thornton a choimisiúnaigh RTÉ maidir le ró-íocaíochtaí 2021-2022 (atá críochnaithe anois) agus tréimhse 2017-2019 (atá ar tí tosú) agus cad iad na ceisteanna rialachais ar leith ar gá aghaidh a thabhairt orthu ag eascairt as na hathbhreithnithe sin;
• cultúr na heagraíochta agus a thionchar ar leibhéil muiníne, rialachais, trédhearcachta agus cumarsáide agus ar athruithe ar cheart a dhéanamh;
• Scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag gné tráchtála oibríochtaí RTÉ ar a shainchúram seirbhíse poiblí.
Dúirt an tAire:
“Rinneadh an-dochar do RTÉ agus do chraoltóireacht seirbhíse poiblí mar gheall ar na nithe a nochtadh le cúpla lá anuas. Tá an Rialtas ag bogadh go tapa chun Téarmaí an athbhreithnithe sheachtraigh neamhspleách seo a thabhairt chun críche. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil na téarmaí cearta againn mar ní mór dúinn muinín an phobail as RTÉ a atógáil. Beidh mo Roinnse i dteagmháil le príomhpháirtithe leasmhara sna laethanta amach romhainn, chun na Téarmaí Tagartha a thabhairt chun críche. Idir an dá linn, d’iarr mé ar RTÉ a chinntiú go mbeidh comhoibriú iomlán ann le héisteachtaí Oireachtais agus go dtabharfar freagraí cuimsitheacha ar cheisteanna atá fós gan réiteach ar mhaithe le leas an phobail.”