Foilsíonn an tAire Foley dhá Threoir do Scoileanna Gaeltachta ar conas comhpháirtíocht a neartú le naíonraí agus le pobail Ghaeltachta chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD inniu, roimh fhoilsiú dhá threoir a bhfuil sé mar aidhm iontu tacú le scoileanna Gaeltachta i dtreisiú nasc idir bunscoileanna agus suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim, agus i dtreisiú na comhpháirtíochta idir scoileanna agus na pobail Ghaeltachta chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.
Toradh ar obair a rinne an Roinn Oideachais i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán agus Údarás na Gaeltachta is ea an Treoir do Scoileanna Gaeltachta: Comhpháirtíocht leis an bpobal chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, le hionchur ó COGG agus eagraíochtaí éagsúla Gaeilge ar an gCoiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta.
Dúirt an tAire Foley:
“Aithnímid tábhacht na scoileanna áitiúla sa phróiseas pleanála teanga i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na teanga agus an chultúir Ghaelaigh sa Ghaeltacht. Cuireann an Treoir seo comhairle phraiticiúil ar fáil do cheannairí scoileanna Gaeltachta agus pleananna á ndearadh acu chun an chomhpháirtíocht idir an scoil agus a pobal a neartú d’fhonn úsáid na Gaeilge a leathnú.”
“Tugann an treoir soiléireacht ar róil na n-oifigeach pleanála teanga agus an bhoird bhainistíochta i gcur chun cinn úsáid na Gaeilge. Táim an-sásta go dtugtar comhairle agus samplaí praiticiúla den chomhpháirtíocht a d’fhéadfadh an scoil a chothú leis an bpobal chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Cuirtear eolas ar fáil chomh maith maidir leis na hacmhainní agus na tacaí atá ar fáil do scoileanna Gaeltachta sna limistéir phleanála teanga.”
De réir mar atá leagtha amach in Acht na Gaeltachta 2012, tá rannpháirtíocht na scoile sa phróiseas pleanála teanga an-tábhachtach chun tionchar a imirt ar úsáid na Gaeilge a mhéadú sa phobal áitiúil. Tá gníomhartha an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta chun cáilíocht an oideachais trí Ghaeilge a neartú sna scoileanna Gaeltachta, bunaithe ar phrionsabal na comhpháirtíochta agus an chomhoibrithe le pobail scoileanna áitiúla.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Catherine Martin TD:
“Táim an-sásta leis an gcomhoibriú seo idir na ranna Stáit éagsúla chun na gnéithe tábhachtacha seo den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur chun cinn. Cuireann an chomhpháirtíocht seo go mór le baint amach na haidhmeanna comhroinnte chun úsáid na Gaeilge sa phobal agus sa chóras oideachais a neartú.”
Dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumas, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O Gorman TD:
“Fáiltím roimh an Treoir seo chun na naisc a neartú idir naíonraí agus bunscoileanna Gaeltachta. Cabhróidh an fhorbairt seo go mór le leanúnachas foghlama na leanaí, agus lena dteaghlaigh sa phróiseas aistrithe.”
Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, Jack Chambers TD:
“Léiríonn na hiarrachtaí seo tiomantas ar leith don Ghaeilge agus an chomhthuiscint faoin ngá atá ann le húsáid na Gaeilge a neartú sna limistéir phleanála teanga Ghaeltachta. Leis na socraithe nua seo á gcur i bhfeidhm, beidh níos mó comhoibrithe idir na hOifigigh Pleanála Teanga atá fostaithe faoin bpróiseas pleanála teanga agus na scoileanna áitiúla atá páirteach sa Scéim don Oideachas Gaeltachta, cur chuige a chuirfidh le rath an dá thionscadail.”
Tá an Treoir do Scoileanna Gaeltachta: Comhpháirtíocht leis an bpobal chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ar fáil anseo: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/65429-treoir-do-scoileanna-gaeltachta-comhphairtiocht-leis-an-bpobal-chun-usaid-na-gaeilge-a-chur-chun-cinn/
Eascraíonn an dara treoir, Naisc a threisiú idir Bunscoileanna agus Suíomhanna Luathfhoghlama agus Cúraim, as taighde, coimisiúnaithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar son na Roinne Oideachais. Is treoir fhianaisebhunaithe í seo a chuimsíonn peirspictíochtaí príomhoidí, múinteoirí, cleachtóirí, tuismitheoirí/caomhnóirí agus seirbhísí tacaíochta eile Gaeltachta.
Lean an tAire agus dúirt:
“Molann an treoir seo cur chuige comhoibritheach chomh maith maidir le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus é mar chuspóir inti naisc a bhunú agus a neartú idir naíonraí Gaeltachta agus bunscoileanna Gaeltacht. Leis an treoir fhianaisebhunaithe seo, cuirtear comhairle phraiticiúil ar fáil d’fhonn a chinntiú go mbeidh an t-aistriú ón naíonra chuig an mbunscoil ina eispéireas dearfach do pháistí Gaeltachta. Aithnítear sa Treoir chomh maith, ról ríthábhachtach na dtuismitheoirí/na gcaomhnóirí mar phríomh-oideoirí na leanaí agus dírítear aird inti ar an ngá le cur chuige comhtháite agus comhoibritheach a bheith ann chun úsáid na Gaeilge a chothú a chothú i measc páistí sa seomra ranga agus lasmuigh de.”
Tugadh an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta isteach, mar ghné lárnach den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, d’fhonn tacú le scoileanna critéir theangabhunaithe a chomhlíonadh don tumoideachas. Ceann de na critéir do bhunscoileanna atá sa Scéim ná go mbunófaí naisc theanga agus chultúrtha leis na naíonraí áitiúla a bheadh úsáideach agus ar mhaithe leis an dá thaobh.
Chuir an tAire béim ar an ról lárnach atá ag naíonraí agus ag bunscoileanna maidir le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus a chothú sa phobal Gaeltachta áitiúil agus go bhfuil na naisc a chothaítear thar a bheith tábhachtach i dtaca leis an bpleanáil teanga ina gceantar féin.
Is féidir an Treoir do Bhunscoileanna Gaeltachta: Naisc a neartú idir Bunscoileanna agus Suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim a rochtain anseo: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/3b062-treoir-do-bhunscoileanna-gaeltachta-naisc-a-threisiu-idir-bunscoileanna-agus-suiomhanna-luathfhoghlama-agus-curaim-lfc/
CRÍOCH
• Is í sprioc uileghabhálach an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chinntiú go bhfuil eispéireas oideachais ardchaighdeáin agus ábhartha trí mheán na Gaeilge ar fáil do na daoine óga uile atá ina gcónaí i limistéir Ghaeltachta agus, ar an mbealach seo, tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga na dteaghlach agus na bpobal Gaeltachta. Is ionann an cuspóir seo agus cuspóir an phróisis phleanála teanga a bhfuil bunús reachtúil aige faoi Acht na Gaeltachta 2012.
• Seoladh cuireadh chuig scoileanna atá suite i limistéir pleanála teanga Gaeltachta páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta de chuid na Roinne Oideachais ó 2017 ar aghaidh. Is í príomhsprioc na Scéime ná tacú le heispéiris tumoideachais chun sealbhú agus saibhriú teanga na ndaltaí a neartú. Cuirtear acmhainní breise ar fáil do scoileanna sa Scéim chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a threisiú.
• Faoi láthair, tá 80% de bhunscoileanna na Gaeltachta rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Sin 105 bunscoil ag freastal ar thart ar 7,418 dalta.
• Tá 29 iar-bhunscoil, nó 100% d’iar-bhunscoileanna na Gaeltachta rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, agus tá siadsan ag freastal ar thart ar 6,686 scoláire.
• Faoin Acht Oideachais, 1998, tá bord bainistíochta na scoile freagrach as plean scoile a ullmhú, a athbhreithniú, a chur i bhfeidhm agus a uasdátú ar bhonn rialta chun oideachas d’ardchaighdeán a sholáthar do na daltaí go léir atá sa scoil.
• Faoin bpróiseas pleanála teanga, mar a leagtar amach é in Acht na Gaeltachta 2012, tá 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) sa Ghaeltacht. Is é Údarás na Gaeltachta atá freagrach as an bpróiseas seo a chomhordú ar fud na Gaeltachta faoi scáth foriomlán na Roinne Turasóireachta Cultúrtha Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM).
• Mar chuid den phróiseas pleanála teanga tá trí bhaile faoi leith sa Ghaeltacht sannta mar bhailte a d’fhéadfadh aitheantas a bhaint amach faoin bpróiseas, ach pleananna teanga a bheith ceadaithe ina leith, faoi réir fhorálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012. Is iad na bailte atá i gceist ná An Clochán Liath, Béal an Mhuirthead agus Daingean Uí Chúis. Go dtí seo (25 Bealtaine 2021) tá aitheantas bainte amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ag Daingean Uí Chúis agus tá plean teanga i leith an Chlocháin Léith á bhreithniú ag an RTCEGSM faoi láthair.
• Tá ról lárnach ag na hoifigigh phleanála teanga (OPT) atá fostaithe ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga áitiúla, le maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán (RTCEGSM), i gcur i bhfeidhm an phlean teanga do na ceantair áitiúla Ghaeltachta éagsúla.