Ráiteas ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála maidir leis an teagmhas domhanda TF
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ar an eolas faoi theagmhas domhanda a bhaineann leis an nuashonrú is déanaí ar bhogearraí slándála CrowdStrike. Tá an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála ag déanamh teagmháil lena chomhpháirteanna agus lena gheallsealbhóirí chun an méid tionchair ar chórais in Éirinn a dhéanamh amach ar an mbealach is fearr. Cé go bhfuil tionchair ann i roinnt earnálacha, tá na seirbhísí riachtanacha uile ag leanúint ar aghaidh ag oibriú mar is gnách. Mar an gcéanna, níl aon difear déanta do chórais TF an rialtais go fóill.
Is eol dúinn go bhféadfadh go mbeadh tionchair nach rabhthas ag súil leo ar shaoránaigh mar gheall ar an teagmhas, agus leanfaimid d’obair i gcomhar le haon soláthraithe a ndearnadh difear dóibh chun tuiscint a ghnóthú ar aon difear a d’fhéadfadh a bheith déanta dá gcóras agus chun cúnamh a thabhairt le linn an fhadhb a leigheas.
Tá an nuashonrú ag cruthú rud dá ngairtear 'Scáileán Gorm an Bháis' go coitianta nó lúb BSOD ar Windows. Is cliseadh córais é sin, áit nach féidir le córas oibriúcháin Windows oibriú a thuilleadh. Shainaithin CrowdStrike cúis na faidhbe, agus sholáthair sé comhairle maidir le conas a d’fhéadfaí an córas a chur ar ais trí thimréiteach a úsáid.
Is fadhb dhomhanda í an fhadhb. Tá sí ag déanamh difear do gach custaiméir de chuid CrowdStrike, agus níl sí teoranta d’Éirinn amháin.
Tá faisnéis faoin timréiteach ar fáil ar shuíomh gréasáin an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála.
Leanfaimid den eolas is deireanaí a thabhairt ar ár gcainéil meán sóisialta de réir mar is cuí ar fud an lae – ag https://twitter.com/ncsc_gov_ie agus ar leathanach an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála ar LinkedIn.
CRÍOCH
Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2011 agus is aonad oibríochtúil cibearshlándála é laistigh den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Tá trí phríomhról ag an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála. Is iad sin: