Cuan oscailte ag an Aire McEntee – an Ghníomhaireacht Reachtúil Nua um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'oscail an tAire Dlí agus Cirt Eiléana Nic an tSaoi Cuan go foirmiúil inniu, an Ghníomhaireacht nua um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe (FBGI).
In éineacht leis an Aire Roderic O'Gorman agus an tAire Stáit Séamus de Brún, d'fhógair an tAire Nic an tSaoi freisin gur ceapadh an Dr. Stephanie O'Keeffe ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Cuan, tar éis comórtas oscailte a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Agus í ag labhairt ag an oscailt, dúirt an tAire Nic an tSaoi:
"Is lá mór é an lá inniu do gach duine a raibh baint acu le bunú Cuan.
"Ba thosaíocht agamsa gníomhaireacht reachtúil FBGI a bhunú agus táim muiníneach go mbeidh Cuan ina cheann feadhna lena chinntiú go gcuirfimid na tionscnaimh agus na hathruithe i bhfeidhm nach nglacfar beag ná mór le haon chineál foréigin baile, ghnéasaigh ná inscnebhunaithe ar fud na sochaí.
"Agus an Rialtas agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ag leagan amach agus ag cur Cuan i bhfeidhm, tháinig siad i gcomhar lena chéile go díograiseach. Thacaigh na páirtithe polaitiúla go léir leis an reachtaíocht a bhunú, agus tá tuiscint agus tacaíocht nach bhfacthas riamh roimhe againn le haghaidh na hoibre seo ar fud na sochaí.
"Tharla sé seo ar fad tar éis dúinn a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leis an earnáil. D'éist muid le gach duine, íospartaigh agus marthanóirí san áireamh, sular dhréachtaíomar Straitéis an Rialtais maidir le FBGI. Léiríodh dearcadh an-láidir go raibh gá le heintiteas dírithe a bhí ag tiomáint cur chuige comhleanúnach uile-Rialtais chun fíorathrú buan a bhaint amach.
"Tá lúcháir orm go nglacfaidh an Dr. Stephanie O'Keeffe, a bhfuil ardchumas inti agus taithí as cuimse aici, leis an gcúram anois an ghníomhaireacht a reáchtáil. Mar gheall ar an taithí fhairsing atá aici ar sheachadadh seirbhíse ar fud na tíre, ar fhorbairt foirne nua agus láidre, agus ar chur chun cinn tosaíochtaí uaillmhianacha uile-Rialtais, táim muiníneach gurb í an cheannaireacht seo atá ag teastáil ó Cuan, ina luathbhlianta."
Dúirt an tAire O'Gorman:
"Agus muid ag feidhmiú mar Rialtas, cuireadh béim shoiléir ar fhadhb an fhoréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe. Tá sprioc thábhachtach bainte amach againn inniu agus Éire ag iarraidh dul i ngleic le FBGI agus cuirfidh Cuan gníomhaireacht thiomnaithe ar fáil chun beartas a bhrú chun cinn agus chun a chinntiú gur féidir le haon duine atá i mbaol ó fhoréigean baile nó a bhfuil foréigean baile á dhéanamh orthu rochtain a fháil ar an tacaíocht is gá. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an Dr. Stephanie O'Keeffe, agus ar a foireann, agus iad ag cur tús lena gcuid oibre".
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt Séamus de Brún:
"Cuireadh béim ar thábhacht agus ar thráthúlacht na Gníomhaireachta nua seo mar gheall ar an tacaíocht traspháirtí a fuarthas i leith na reachtaíochta atá mar bhonn fúithi agus í ag dul tríd an Oireachtas. Sprioc shuntasach eile is ea bunú Cuan, chun tacú le híospartaigh an fhoréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe – rud a bhí lárnach sna beartais agus sa reachtaíocht a d'achtaigh an Roinn le blianta beaga anuas.
"Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an Dr. Stephanie O'Keeffe agus í ag tabhairt faoi ról mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Cuan agus táim muiníneach go mbeidh ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht agus muid ag obair i dtreo neamhfhulaingt a chinntiú i leith foréigean baile, gnéasaigh agus inscnebhunaithe in Éirinn."
Dúirt an Dr O'Keeffe:
"Tá mé ag súil leis an dúshlán a bhaineann le Cuan a threorú agus an straitéis Neamhfhulaingthe a chur i gcrích. Beimid inár gceann feadhna, ag obair ar fud an Rialtais, leis an earnáil agus leis na páirtithe leasmhara go léir, chun gluaiseacht náisiúnta i dtreo Neamhfhulaingthe a fhorbairt i dtaca le FBGI in Éirinn.
"Tá mé ag obair faoi láthair ar fhoireann agus ar fheidhmeanna na Gníomhaireachta nua a bhunú, idir chomhordú taighde agus beartais, mhúscailt feasachta agus sheachadadh seirbhísí tacaíochta sábháilte agus inrochtana, lena n-áirítear cóiríocht dídine.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Nic an tSaoi as muinín a bheith aici ionam oibriú ar thasc a bhfuil an-tábhacht ag baint leis, agus táim ag tnúth le bheith ag obair lena Roinn, leis na Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais go léir agus lenár ndlúth-chomhpháirtithe agus lenár bpáirtithe leasmhara in earnáil na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus FBGI."
Ba phríomhthosaíocht ag an Aire Nic an tSaoi é bunú Ghníomhaireacht reachtúil tiomnaithe FBGI agus is riachtanas lárnach é chun gealltanais faoi Neamhfhulaingt, an Tríú Straitéis Náisiúnta maidir le foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe (FBGI) a chomhlíonadh. Déanfaidh Cuan comhordú agus tuairisciú ar sheachadadh straitéisí Neamhfhulaingthe agus straitéisí Rialtais amach anseo a bhaineann le FBGI.
Beidh an Ghníomhaireacht i gceannas freisin ar thaighde chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt beartais FBGI amach anseo, agus muid ag obair le daoine eile ar nós na Príomh-Oifige Staidrimh.
Cuirfidh Cuan dlús le cóiríocht tearmainn a sholáthar atá sábháilte agus inrochtana, atá le méadú faoi dhó go 280 aonad ar fud na tíre faoi dheireadh 2026. Oibreoimid freisin chun feasacht a ardú, agus chun minicíochtaí FBGI a chosc, as a dtiocfaidh feachtais atá dírithe ar na hathruithe ar dhearcadh sochaíoch is gá a sheachadadh chun 'Neamhfhulaingt' a bhaint amach, agus minicíocht FBGI a laghdú mar atá beartaithe ag Straitéis iomlán an Rialtais.
Cuirfidh an obair seo leis na feachtais tionchair a chuir an Roinn Dlí agus Cirt ar fáil le déanaí, lena n-áirítear Mí-Úsáid Íomhánna Dlúthphearsanta, an feachtas 'No Excuses' agus an feachtas Toilithe a seoladh le déanaí [Bíodh an Comhrá faoi Thoiliú ann]. Is é aidhm na bhfeachtas sin meon na sochaí a athrú ach freisin íospartaigh agus marthanóirí a spreagadh chun cabhair a lorg ó na tacaíochtaí atá ar fáil.
Beidh an Ghníomhaireacht dírithe freisin ar éifeachtacht na dtacaíochtaí agus na seirbhísí d'íospartaigh agus do mharthanóirí FBGI ar fud na tíre a mhéadú. Beidh sé freagrach as seirbhísí sonracha FBGI a mhaoiniú go díreach agus as monatóireacht agus tacaíocht a thabhairt do na seirbhísí sin chun cloí le caighdeáin láidre a forbraíodh i gcomhar leis an earnáil féin.
Tugann Cuan baill foirne ó Tusla, ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus ón Roinn Dlí agus Cirt le chéile chun oibriú ar bhealach níos comhleanúnaí agus béim ar leith ar sholáthar tacaíochtaí agus seirbhísí FBGI.
Dála an chuir chuige comhpháirtíochta a glacadh chun an Straitéis Neamhfhulaingthe a fhorbairt, rinneadh príomhfheidhmeanna Cuan a leagan amach i gcomhar leis an earnáil. Rinneadh é seo chun a chinntiú go bhfuil an sainordú, na freagrachtaí agus na tacaíochtaí is gá ag an nGníomhaireacht chun cur i bhfeidhm na straitéisí uile-Rialtais um fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a bhrú chun cinn.