An tAire McConalogue agus an tAire Heydon i mbun stiúir ar Mhisean Trádála Fíorúil chuig an mBreatain Mhór
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air as Margaí Nua a Fhorbairt, Martin Heydon T.D. i mbun stiúir ar Dhian-Mhisean Trádála dhá lá chuig an mBreatain Mhór. Beidh cruinnithe le príomhchustaiméirí seirbhísí miondíola agus bia mar chuid den Mhisean Trádála seo i gcomhar le Bord Bia.
Is éard a dúirt an tAire McConalogue,
"Is í an Bhreatain fós an ceann scríbe is tábhachtaí ag Éirinn i ndáil le honnmhairiú agraibhia, agus vice versa. Tiocfaidh athrú faraor ar an gcaidreamh éasca trádála sin an 1 Eanáir, ach beidh earnáil bia agus dí na hÉireann fós tiomanta don mhargadh luachmhar seo a chothabháil. Tá áthas orm mar sin stiúir a ghlacadh ar chéad Mhisean Trádála fíorúil na seachtaine seo chuig an mBreatain Mhór, i dteannta Bord Bia, le dul i mbun rannpháirtíochta le mórchuideachtaí miondíolacháin agus seirbhísí bia na Breataine maidir leis na hearraí ardchaighdeáin agus inbhuanaithe a chuirimid ar fáil."
Beidh sraith de chruinnithe straitéiseacha le príomhchustaiméirí mar chuid den Mhisean Trádála. Anuas air sin, bhí na hAirí páirteach [inné] sa chéad Fháiltiú Fíorúil Trádála, arna óstáil ag Ambasadóir na hÉireann chun na Ríochta Aontaithe, Adrian O'Neill Uasal.
Dúirt an tAire Heydon,
"Tá a fhios agam gur bhuaicphointe i bhféilire thionscal bia Londan é Fáiltiú Trádála bliantúil na hAmbasáide le blianta fada. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Ambasadóir O'Neill, le foireann na hAmbasáide agus le Bord Bia Londan, as imeacht spreagúil ar líne a dhéanamh den ócáid. Cuireann na hócáidí seo deis thráthúil ar fáil chun eolas a chur ar a thuilleadh daoine agus cur le léargais i bhformáid fhíorúil.
Is éard a dúirt Tara McCarthy, Príomhfheidhmeannach Bord Bia
"Tá sé léirithe ag taighde a rinneamar le gairid ar thomhaltóirí sa RA go bhfuil imní ar beagnach gach beirt as triúr de shiopadóirí sa RA (67%) go mbeidh tionchar diúltach ag cás an Bhreatimeachta ar chostas an bhia agus na ndeochanna a cheannaíonn siad dá dteaghlaigh féin, agus tá imní ar leath díobh faoin gcaighdeán agus faoin bhfáil a bheidh ar an mbia agus ar na deochanna a cheannóidh siad amach anseo. Taispeánann an taighde freisin áfach, go bhfuil an ráta is airde muiníne i measc bhallstáit an AE ag Éirinn. Meastar gurb iad bia agus deochanna na hÉireann an rogha eile is fearr i ndáil le táirgí ón RA agus ní bheadh aon drogall ar níos mó ná 8 as 10 (85%) siopadóirí sa RA bia agus deochanna as Éirinn a roghnú. Tá sin níos airde ná aon tír thionscnaimh eile lasmuigh den RA. Cé go dtugann na torthaí sin misneach dúinn, is maith a thuigimid an timpeallacht trádála chostasach agus chasta atá romhainn sa Bhreatain tar éis an Bhreatimeachta. Tá ardán tráthúil curtha ar fáil ag misean trádála RA na seachtaine seo chun dúshláin atá roimh an tír seo agus an Ríocht Aontaithe, dhá mhargadh onnmhairithe atá ag brath chomh mór céanna ar a chéile, agus mar is féidir linn leanúint den obair i gcomhar chun aghaidh a thabhairt ar ábhar imní coitianta a phlé."
CRÍOCH