Foilsíonn an tAire O’Gorman Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Ráthaíocht Leanaí an AE
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann do Ráthaíocht Leanaí an AE.
I 2019, d’fhógair an Coimisiún Eorpach go gcruthófaí Ráthaíocht Eorpach do Leanaí d’fhonn a chinntiú go mbeadh rochtain ag gach leanbh san Eoraip atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta ar na cearta is búnúsaí amhail cúram sláinte agus oideachas. Is é is cuspóir don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, a ghlac an Chomhairle i mí an Mheithimh 2021, eisiamh sóisialta a chosc agus troid ina choinne trí rochtain leanaí i ngátar ar thacar seirbhísí riachtanacha a ráthú:
• oideachas agus cúram luath-óige
• oideachas (gníomhaíochtaí scoilbhunaithe san áireamh)
• cúram sláinte
• cothú
• tithíocht
Chomhaontaigh an rialtas an 31 Bealtaine le foilsiú an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta agus lena chur faoi bhráid Choimisiún an AE.
Is céim thábhachtach tosaigh é foilsiú an Phlean i gcur i bhfeidhm Ráthaíocht Leanaí an AE.
Dúirt an tAire O’Gorman:
“Comhordóidh mo Roinn gníomhaíochtaí ar fud an Rialtais chomh maith le freagracht a bheith uirthi as seachadadh na ngníomhartha atá sa Phlean seo a bhaineann le hOideachas agus Cúram Luath-Óige, agus déanfaidh an mháthair-Roinn a bhfuil polasaí agus freagracht oibriúcháin aici seachadadh na bpríomhghníomhartha eile sa phlean a bhainistiú.
“Tríd is tríd, déanann an Plean tagairt do bheartais, do chláir agus d’idirghabhálacha atá maoinithe ag an Stát cheana féin agus atá ag feidhmiú. Is díol suntais go háirithe go gcaitear maoiniú Státchiste, ar fiú €7.8 billiún é, go bliantúil i réimsí atá ailínithe le Ráthaíocht Leanaí an AE. Níl anseo ach an chéad chéim.
“Beidh fócas ar leith dár gcuid oibre sna míonna atá amach romhainn ar na struchtúir is oiriúnaí agus is éifeachtaí a aithint chun tabhairt faoi na hathchóirithe atá riachtanach chun torthaí a fheabhsú dár leanaí agus dár ndaoine óga is mó atá faoi mhíbhuntáiste, d’fhonn cúrsaí a chur chun cinn.
“Mar fhocal scoir, cé nach bhfuil tagairt shonrach sa Phlean do na géarchéimeanna san Úcráin agus don tionchar dá réir ar leanaí, scríobh mé chuig Coimisiún an AE ina leith seo – ag lua go measaimid go gcuimsítear leanaí den sórt sin i Ráthaíocht Leanaí an AE agus go ngníomhóimid dá réir.”
CRÍOCH