Áirithíonn an tAire Nic an tSaoi Buiséad €3.9bn, an ceann is mó riamh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Eiléana Nic an tSaoi TD, an tAire Dlí agus Cirt, cistiú €3.61 billiún do chaiteachas reatha agus cistiú €310 milliún d’infheistíocht chaipitil san earnáil Ceartais, agus iad sin ar na figiúirí is airde riamh. Úsáidfear an buiséad gan fasach seo chun sábháilteacht pobail a mhéadú, chun cosc na coireachta a fheabhsú, chun príosúin shábháilte a chinntiú, agus chun nuachóiriú ó cheann ceann a bhrú chun cinn ar fud chórais inimirce na hÉireann.
A bhuí leis an infheistíocht mhór €4 billiún, beagnach, ar fud na hEarnála Ceartais, tabharfar do Ghardaí túslíne na huirlisí agus na hacmhainní is gá chun cosc agus brath na coireachta a neartú, tacófar le 36 Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail a chur i bhfeidhm ar fud na tíre; agus treiseofar leis na hiarrachtaí atá ar bun faoin Straitéis Zero Tolerance chun foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe a chomhrac. Tá cistiú suntasach curtha i leataobh freisin do thionscnaimh spriocdhírithe um shábháilteacht ar bhóithre, chun baill foirne príosúin sa bhreis a earcú agus chun géarbhrúnna an phlódaithe a mhaolú laistigh dár bpríosúin.
Ceann amháin de na príomhnithe a ndírítear orthu sa Bhuiséad ón Aire Nic an tSaoi is ea an dlí teaghlaigh a athchóiriú. Leithdháileadh níos mó ná €11m chun ár Seirbhís Chúirteanna a fheabhsú agus chun an líon foirne atá aici a mhéadú. Fágfaidh an cistiú breise €3m go mbeifear in ann leas a bhaint as tuarascálacha saineolacha mar atá leagtha amach sa Straitéis Ceartais Teaghlaigh chun a chinntiú gur féidir guth gach linbh a ndéanann cliseadh teaghlaigh difear dóibh a chluinstin agus chun riachtanais na leanaí sin a choimirciú laistigh den chóras ceartais. Tar éis achtú Bhille na gCúirteanna Teaghlaigh, gníomhóidh an tAire chun an Chúirt Dúiche Teaghlaigh, an Chúirt Chuarda Teaghlaigh agus an Ard-Chúirt Teaghlaigh a bhunú, ar mhaithe lenár gcóras ceartais teaghlaigh a bhunathrú chun feabhais agus é a dhéanamh níos áisiúla do theaghlaigh.
Buaicphointí an Bhuiséid
An Garda Síochána
• Tháinig méadú os cionn €500m ar chistiú an Gharda Síochána (méadú 27% ó bhí an bhliain 2020 ann), agus buiséad iomlán €2.48 billiún aige anois.
• Mar thoradh air sin, beidh cistiú ar fáil chun 800 duine go 1,000 duine de Ghardaí nua agus 150 comhalta d’fhoireann an Gharda Síochána a earcú agus chun bogadh i dtreo 1,000 Garda cúltaca a bhaint amach.
• Méadaíodh leithdháileadh ragoibre an Gharda Síochána faoi 13%, agus é ag ardú go €150 milliún, chun iarrachtaí póilíneachta ard-infheictheachta agus imscrúduithe coireachta tromchúisí a fheabhsú.
• Tháinig méadú faoi dhó, beagnach, ar an liúntas do Ghardaí faoi oiliúint, agus é ag méadú go €354 in aghaidh na seachtaine, le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2024 (suas ó €184 sa bhliain 2023).
• Leithdháileadh €1.5 milliún ar bhearta folláine fhórsa saothair an Gharda Síochána, lena n-áirítear costais liachta.
• Soláthrófar €5m d’Aonaid Oird Phoiblí, lena n-áireofar dhá chanóin nua uisce, bacainní slua-rialaithe, leathnú ar an aonad madraí, agus tuilleadh armúr coirp do Ghardaí túslíne.
• Cistiú breise €9 milliún chun feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre.
Infheistíochtaí Caipitil:
• Cistiú €100m le haghaidh TFC chun na huirlisí is gá a thabhairt do Ghardaí chun feabhas a chur ar chosc agus brath na coireachta, lena n-áirítear ceamaraí coirp, agus chun córas bainistíochta fianaise digití a fhorbairt lena n-éascófar ceamaraí coirp a chur i bhfeidhm ar fud na tíre agus teicneolaíocht aghaidh-aitheanta a thabhairt isteach.
• Infheistíocht €62m in eastát an Gharda Síochána ar fud na tíre. Beidh tionscadail i bPort Laoise, i Maigh Chromtha, i gCluain Meala agus ar an gCaisleán Nua i measc na mórthionscadal a chuirfear ar aghaidh sa bhliain 2025.
• Uasghráduithe flít, lena n-áirítear feithiclí nua oird phoiblí agus infheistíocht i raon sainfheithiclí chun tacú leis an bpóilíneacht nua-aimseartha.
• Héileacaptar nua a sheachadadh sa chéad ráithe den bhliain 2025 ar mhaithe leis an obair thábhachtach a dhéanann Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána.
Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe agus Sábháilteacht Pobail
• Méadófar cistiú do sheirbhísí foréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe go €70m. Tháinig níos mó ná méadú faoi thrí ar an gcistiú do sheirbhísí foréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe ó tháinig an tAire Nic an tSaoi chun bheith ina hAire Dlí agus Cirt, agus beidh méadú suntasach eile ann sa bhliain 2025.
• Cistiú méadaithe do Cuan, agus é ag ardú go €67m. Áireofar leis sin acmhainní breise chun tacú le cur chun feidhme na straitéise Zero Tolerance, agus cistiú ar fáil do 80 spás tearmainn sa bhreis.
• Úsáidfear €800,000 den chistiú a thabharfar do Cuan chun tabhairt faoi thaighde agus anailísíocht sonraí ar mhaithe le cur chuige tioncharthreoraithe a cheapadh i leith fianaise agus eolas a fhorbairt chun gur féidir cosc, cosaint, ionchúiseamh agus comhordú beartas éifeachtach a bhaint amach ó thaobh foréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe de.
• Seolfar glao oscailte spriocdhírithe eile sa bhliain 2025 chun tograí a fháil ó sheirbhísí.
• Tá €9.5 milliún curtha i leataobh do Chomhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail ar fud na tíre agus chun Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail agus an Ciste um Shábháilteacht Pobail a bhunú.
• Méadú €3.2m, nó méadú 10.8%, ar chistiú chun an Straitéis um Cheartas i leith an Aosa Óig a leathnú, agus é cothrom le €33 mhilliún san iomlán anois.
Príosúin agus Promhadh
• Áirithíodh cistiú €525m, an figiúr is airde riamh, chun acmhainn príosúin a mhéadú agus chun dul i ngleic le plódú. Tá sé sin cothrom le méadú €79 milliún, nó méadú 18%.
• Earcófar 150 Oifigeach Príosúin, i dteannta an 240 Oifigeach Príosúin a earcaíodh sa bhliain 2024.
• €6.2 milliún eile chun 130,000 uair foirne sa bhreis a chistiú inár bpríosúin.
• Cistiú Caipitil €53m, lena ndéanfar soláthar do 155 spás nua príosúin a chur ar fáil faoi dheireadh na bliana 2024 mar chuid de chlár oibreacha.
• Agus buiséad iomlán os cionn €60m aici, gheobhaidh an tSeirbhís Phromhaidh €4 mhilliún eile chun cláir chun daoine a athstiúradh ón gcoireacht a leathnú agus chun tacú le saoráidí céim síos, leis an gceartas aisiríoch, agus le roghanna eile pobalbhunaithe ar an bpríosúnacht.
Seirbhísí Inimirce a Nuachóiriú
• Pacáiste €25m le haghaidh infheistíocht ó cheann ceann sa chóras inimirce, lena n-áirítear Soláthar Seirbhíse, an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta, an Binse um Achomhairc i dtaobh Cosaint Idirnáisiúnta, agus an Bord um Chúnamh Dlíthiúil. Tá €2m curtha i leataobh do chaiteachas caipitil TFC.
• Díreofar acmhainní suntasacha breise chun an próiseas cosanta idirnáisiúnta a chuíchóiriú, agus thart ar 400 ball foirne eile le hearcú. Déanfaidh sé sin soláthar do bhreis agus 25,000 cinneadh ón Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta, i gcomparáid le breis agus 14,000 cás sa bhliain 2024.
• Áirítear leis an bpacáiste infheistíocht bhreise €5m i gcórais dhigiteacha chun córais inimirce a nuachóiriú, chun amanna próiseála a laghdú, chun an líon aistrithe a mhéadú (lena n-áirítear seirbhís nua eitleáin chairtfhostaithe), agus chun slándáil teorann a neartú.
• Cistiú chun ullmhú do thabhairt isteach cheanglais Chomhshocrú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann sa bhliain 2026.
Cúirteanna
• Cistiú €11.1m don tSeirbhís Chúirteanna, agus buiséad os cionn €195m san iomlán aici. Áirítear leis sin 50 ball foirne eile a earcú chun tacú leis an méadú ar na Breithiúna.
• Leis an gcistiú seo, cabhrófar le riaráistí a laghdú agus cinnteofar riaradh níos tapa an cheartais.
• Áirítear leis €2m chun tacú le bearta nuachóirithe, lena n-áirítear maoirseacht giúiréithe a sheachfhoinsiú chun na mílte uaireanta Gardaí a shaoradh lena n-úsáid do sheirbhísí póilíneachta túslíne.
• Ar leithligh uaidh sin, tá cistiú breise €3m le húsáid chun treoirthionscadal a sholáthar chun tacú le guth an linbh le linn imeachtaí ceartais teaghlaigh, lena n-áirítear ochtar ball foirne a earcú agus seirbhísí eile a sholáthar chun cabhair a thabhairt le linn na n-imeachtaí sin.
• Tiocfaidh méadú os cionn €9m ar an mbuiséad do chúnamh dlíthiúil coiriúil sa bhliain 2025. Áireofar leis sin méadú 8% ar tháillí ón 1 Eanáir 2025. Tá sé sin sa bhreis ar an méadú 10% ar tháillí a áirithíodh i mBuiséad 2024. Tá rún daingean ag an Aire cur leis an dul chun cinn a rinneadh ina leith sin.
An Bunathrú a Thiocfaidh as an Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, a Chistiú
• Soláthrófar pacáiste iomlán cistiúcháin €28m do chomhlachtaí nua, lena n-áirítear Fiosrú (a ghlacfaidh áit Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána), an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail, agus Oifig an Scrúdaitheora Neamhspleách.
• In éineacht le 36 Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail ar fud na tíre agus leis an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail, neartófar oibriú éifeachtach trasghníomhaireachta i gcomhpháirt le pobail áitiúla i réimse na sábháilteachta pobail.
Ráitis ón Aire Nic an tSaoi
“Tá sé mar thosaíocht agam pobail níos láidre agus níos sábháilte a thógáil, agus tá an buiséad seo, an cúigiú ceann ó chuaigh mé i mbun oifige mar Aire, mar fhianaise shoiléir ar thiomantas an Rialtais don sprioc sin a ghnóthú. Ó bhí an bhliain 2020 ann, mhéadaigh mé cistiú an Gharda Síochána faoi níos mó ná leathbhilliún euro.
“Leis an mbuiséad seo, soláthraítear infheistíocht ar fud an chórais ceartais choiriúil ar fad, lena n-áirítear na cúirteanna agus na príosúin, agus cuirtear le clár láidir um dhlíthe nua agus um sholáthar beartas, agus déantar infheistíochtaí suntasacha caipitil sa teicneolaíocht, i dtrealamh agus i bhfoirgnimh. Is féidir é sin a dhéanamh trí leanúint le daoine tiomnaithe a earcú chun obair i dtreo an misean comhroinnte atá againn a bhaint amach, is é sin: Éire atá sábháilte, cóir agus cuimsitheach.
“Leanfaimid leis an bpóilíneacht túslíne a neartú sa bhliain 2025, ar lena linn a bheidh idir 800 duine agus 1,000 duine de Ghardaí nua le tús a chur lena gcuid oiliúna ar an Teampall Mór. Bhí áthas orm méadú a áirithiú ar an liúntas do Ghardaí faoi oiliúint, agus é ag ardú go €354 in aghaidh na seachtaine. Anuas air sin, sholáthair mé na milliúin euro le haghaidh trealamh oird phoiblí, lena n-áirítear armúr coirp, leathnú ar an aonad madraí, agus dhá chanóin nua uisce.
“Leanfaidh mé le cistiú a sholáthar chun Gardaí a shaoradh le haghaidh obair póilíneachta túslíne. A bhuí leis an gcistiú nua, cinnteofar go mbeidh an tSeirbhís Chúirteanna in ann maoirseacht giúiréithe a sheachfhoinsiú. Saorfaidh sé sin na mílte uaireanta Gardaí lena n-úsáid do sheirbhísí póilíneachta túslíne.
“Is é an toradh a bheidh ar thuilleadh Gardaí a bheith ar na sráideanna ná go mbeidh póilíneacht níos infheicthe againn ar fud na hÉireann. Mar thoradh ar an mbuiséad méadaithe do ragobair an Gharda Síochána, cinnteofar go leanfaidh cathracha, bailte agus pobail tuaithe le tairbhe a bhaint as an méadú ar infheictheacht agus ar shábháilteacht pobail.
“Ceann amháin de na príomhthosaíochtaí atá agam is ea a chinntiú go dtabharfar Ceamaraí Coirp do Ghardaí túslíne. Tá sé sin mar chuid den phlean atá agam chun a chinntiú go mbeidh an Garda Síochána ina sheirbhís cheannródaíoch nua-aimseartha póilíneachta atá oiriúnach don ré dhigiteach. Mar thoradh ar an gcistiú €100 milliún atá leithdháilte ar TFC an Gharda Síochána, tacófar le córais bhainistíochta fianaise digití a fhorbairt lena n-éascófar athbhreithniú níos tapa ar fhianaise agus lena dtacófar le cionta a bhrath agus a ionchúiseamh ar bhealach níos tapa. Toradh eile a bheidh air is ea go mbeifear in ann ceamaraí coirp a chur i bhfeidhm ar fud na tíre agus teicneolaíocht aghaidh-aitheanta a thabhairt isteach den chéad uair riamh.
“Tá ríthábhacht ag baint le rannpháirtíocht an phobail maidir le braistint sábháilteachta a chothú i measc daoine agus maidir le sábháilteacht a bhaint amach i ndáiríre. Dá réir sin, sa bhliain 2025, infheisteoimid €5.5 milliún chun 36 Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail a chur i bhfeidhm ar fud na tíre, le tacaíocht ón Oifig Náisiúnta nua a sheolfar go luath. Méadófar go €4 mhilliún luach an Chiste um Shábháilteacht Pobail, a athinfheistíonn na fáltais a n-urghabhann an Biúró um Shócmhainní Coiriúla iad.
“Mhéadaigh mé an cistiú do sheirbhísí foréigin baile, ghnéasaigh agus inscnebhunaithe faoi thrí le linn mo chuid ama mar Aire Dlí agus Cirt, agus d’áirithigh mé méadú suntasach eile i mBuiséad 2025 chun ár straitéis Zero Tolerance a chistiú, chun seirbhísí a fheabhsú, chun cosaint níos fearr a thabhairt d’íospartaigh, agus chun sinn a choinneáil ar an mbóthar ceart i dtreo an líon spásanna tearmainn a dhúbailt."
Maidir leis an infheistíocht a dhéanfar chun feabhas a chur ar na gnéithe uile den chóras inimirce, dúirt an tAire:
“Tá sé mar thosaíocht agam próiseáil níos tapa, córas níos éifeachtúla um fhilleadh agus slándáil níos láidre teorann a sholáthar. Bainfear an méid sin amach leis an mBuiséad seo. Nuachóireofar córas inimirce na hÉireann ó cheann ceann mar gheall ar an infheistíocht €25 mhilliún. Déanfaidh an infheistíocht sin soláthar d’amanna próiseála iarratais a laghdú tríd an líon foirne a mhéadú go suntasach agus trí úsáid mhéadaithe a bhaint as an teicneolaíocht. A bhuí leis na bearta sin, cumasófar dul chun cinn i dtreo ár n-oibleagáidí faoi Chomhshocrú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann a chomhlíonadh, rud a thiocfaidh i bhfeidhm sa bhliain 2026.
“Aithnítear sa Straitéis Ceartais Teaghlaigh an tábhacht a bhaineann le guth gach linbh a ndéanann díospóidí dlí teaghlaigh difear dóibh. Is cúis bróid dom gur éirigh liom €3m a áirithiú le haghaidh clár oibre a sheoladh sa bhliain 2025 chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtuarascálacha saineolacha in imeachtaí dlí teaghlaigh agus chun cleachtais a chaighdeánú maidir leis an dóigh a gcoimisiúnaítear na tuarascálacha sin agus maidir le cé a choimisiúnaíonn iad. Cabhróidh sé sin lenár leanaí a chosaint agus lena leas a chur chun cinn.”
Ina theannta sin, leag an tAire Nic an tSaoi béim ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le brúnna laistigh den chóras príosúin: Dúirt an tAire Nic an tSaoi:
“Tá sé ríthábhachtach go méadóimis an acmhainn fhoriomlán laistigh de sheirbhís phríosúin na hÉireann agus go leanfaimis leis an líon foirne a mhéadú. Mar thoradh ar an leithdháileadh €53m i gcistiú caipitil sa bhliain 2025, cabhrófar linn níos mó ná 1,100 spás nua príosúin a sholáthar sna blianta atá le teacht. Tá ár bpríosúin faoi ghéarbhrú, agus is é sin an fáth a bhfuil lúcháir orm gur áirithíodh cistiú breise €4 mhilliún don tSeirbhís Phromhaidh, a thairgfidh roghanna eile cost-éifeachtúla ar an bpríosún, a éascóidh filleadh méadaithe ar an bpobal agus a laghdóidh an líon moilleanna agus atráthanna ar fud na gcúirteanna coiriúla.”
Agus í ag déanamh machnaimh, dúirt an tAire:
“Táim thar a bheith bródúil go mbeidh an bhliain seo chugainn ar an gcéad bhliain iomlán ina mbeidh roinnt Comhlachtaí Reachtúla nua i mbun feidhme, agus iad ag déanamh formhaoirseacht ar an bpóilíneacht, ar shlándáil agus ar shábháilteacht pobail. Freagairt nuachóirithe láidir do dhúshláin na póilíneachta agus na slándála san 21ú haois agus cur chuige uile-Rialtais i leith sábháilteacht pobail is ea seo.
“Sa bhliain 2025, leanfaimid lena chinntiú go sealbhóidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí na hacmhainní is gá chun cearta príobháideachta ár saoránach a chosaint."
Ráitis ón Aire de Brún, an tAire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt
D’fháiltigh Séamas de Brún, an tAire Stáit, roimh an gcistiú breise buiséid €3.2m, rud a fhágann go mbeidh €33* mhilliún san iomlán ar fáil chun tacú leis an Straitéis um Cheartas i leith an Aosa Óig, lena n-áireofar dhá Chlár nua um Athstiúradh Óige.
Dúirt an tAire de Brún:
“Tá a fhios againn go laghdaíonn cláir um athstiúradh óige a mhéid a ghabhann daoine óga don choireacht agus don iompraíocht fhrithshóisialta. D’áirithigh mé infheistíocht is fiú €33m san iomlán don athstiúradh an-éifeachtach fianaisebhunaithe seo, agus í cothrom le méadú 162% ar an méid a tugadh sa bhliain 2020”.
“Ceann amháin de na príomhthosaíochtaí atá agam is ea an reachtaíocht cearrbhachais a chur ar aghaidh, agus díriú á leagan ar shábháilteacht agus folláine pobail ó thaobh cearrbhachais ar líne de agus ó thaobh cearrbhachais i bpearsa de araon. Gheobhaidh an Rialálaí Cearrbhachais €9.1m don chéad bhliain dá chuid oibre sa bhliain 2025, lena n-áireofar infheistíocht chaipitil €4m in TFC. Mar thoradh ar an gcistiú sin, beifear in ann creat a thabhairt isteach go tapa le haghaidh córas láidir rialála agus ceadúnúcháin don earnáil cearrbhachais in Éirinn.
Nótaí
Is fiú €3.9 billiún san iomlán iad na buiséid ollchaiteachais do na seacht Vóta i nGrúpa an Vóta Dlí agus Cirt, agus cuimsíonn siad na Vótaí seo a leanas:
Vóta an Gharda Síochána (€2.48 billiún), an Vóta Príosún (€525 mhilliún), an Vóta Cúirteanna (€196 mhilliún), an Vóta Dlí agus Cirt (€661 mhilliún), Vóta an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (€29 milliún), Vóta an Údaráis Póilíneachta (€4.8 milliún), agus Vóta Fiosrú (€21.1m)
Léirítear leis na buiséid sin an t-ollchaiteachas reatha agus caipitil, ach ní áirítear leithreasaí-i-gcabhair leo. Tríd is tríd, tá aon mhéaduithe ina léiriú ar an difríocht a bhí ann ó eisíodh Buiséad 2024. Áirítear leis na buiséid soláthar do na costais bhliana iomláine a bhaineann le coigeartuithe ar bhearta Pá na hEarnála Poiblí.
Bunófar Vóta Fiosrú, an 7ú vóta, tráth thosach feidhme an Achta um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024.
-*Tabhair faoi deara nach n-áirítear cistiú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin leis an bhfigiúr seo. Leithdháilfear an cistiú sin tráth níos déanaí.