Fógraíonn an tAire Foley ceapadh Phríomhfheidhmeannach nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley, TD inniu go bhfuil Jacqueline Ní Fhearghusa ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).
Tá an t-oideachas lárnach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tá ról an tábhachtach i ndul chun cinn rathúil na Staitéise ag COGG maidir le comhairle a chur ar an Aire faoi mhúineadh na Gaeilge agus trí Ghaeilge. Tá ról lárnach ag an bPríomhfheidhmeannach maidir le gníomhaíochtaí COGG a threorú agus a stiúradh agus treoir straitéiseach a sholáthar.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil Jacqueline Ní Fhearghusa ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach nua ar COGG. Tá obair COGG lárnach maidir le comhlíonadh na ngealltanas oideachais sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Braitheann éifeachtacht agus feidhmiú rathúil COGG go mór ar an gceannaireacht a sholáthraíonn an Príomhfheidhmeannach.”
Dúirt an tAire:
“Ba mhaith linn go mothódh cainteoirí Gaeilge go bhfuil siad cumasaithe mar shaoránaigh ghníomhacha, agus go mothódh daoine eile muiníneach go leor chun an Ghaeilge a úsáid ar bhonn rialta sa saol laethúil, san ionad oibre, agus sa phobal. Faoi cheannaireacht Jacqueline, tá ról tábhachtach ag COGG maidir leis seo a bhaint amach laistigh den earnáil oideachais.”
Ghabh an tAire buíochas freisin leis an bPríomhfheidhmeannach Muireann Ní Mhóráin atá ag éirí as, as a seirbhís thiomanta don Ghaeilge thar thréimhse fhada ama, laistigh de Chigireacht na Roinne agus ina ról mar Phríomhfheidhmeannach ar COGG araon. Ghuigh sí scor fada sona sásta ar Mhuireann.
CRÍOCH
Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais, 1998 agus tá na feidhmeanna seo a leanas aici:
• Soláthar téacsleabhar agus acmhainní do theagasc trí Ghaeilge a phleanáil agus a chomhordú; Comhairle a thabhairt don Aire maidir le soláthar agus cur chun cinn an oideachais trí mheán na Gaeilge;
• Seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do na scoileanna sin trí mheán na Gaeilge;
• Taighde a dhéanamh ar ábhair a bhaineann lena fhreagrachtaí;
• Pleanáil agus comhordú a dhéanamh ar sholáthar téacsleabhar agus áiseanna don fhoghlaim agus do theagasc na Gaeilge;
• Comhairle a thabhairt don Aire maidir le straitéisí a bhfuil sé mar chuspóir acu éifeachtacht theagasc na Gaeilge a fheabhsú;
• agus
• Comhairle a chur ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoi chúrsaí a bhaineann le múineadh na Gaeilge, le soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge agus le riachtanais oideachais daoine atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta.
Feidhmíonn COGG faoi choimirce na Roinne Oideachais agus is í an Roinn a fhostaíonn an Príomhfheidhmeannach a théann ar iasacht do COGG i gcomhair an téarma sheasta.
Tuairiscíonn Príomhfheidhmeannach COGG do Chathaoirleach agus Bord COGG. Tá dáréag ball ar an mbord, ionadaithe ó scoileanna, tuismitheoirí, an Roinn Oideachais agus gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile.
Tá foireann lánaimseartha de naonúr ag COGG. Oibríonn COGG freisin le líon mór soláthraithe seirbhíse ar conradh ar bhonn leanúnach. Tá an phríomhoifig i mBaile Átha Cliath agus tá an dara hoifig sna Forbacha, Contae na Gaillimhe.
Tá buiséad leithdháilte de €2.753M ag COGG do 2021. Feidhmíonn COGG trí mheán na Gaeilge.