Cruinniú na nÓg 2023 – lá lán le gníomhaíochtaí spleodracha, cruthaitheacha agus saor in aisce do na mílte daoine óga
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, sonraí faoi Chruinniú na nÓg 2023, lá lán le gníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce do dhaoine óga sa Ghairdín Pobail ar bhruach Abhainn na Tulchann i mBaile Átha Cliath. Comhfhiontar idir Clár Éire Ildánach, údaráis áitiúla agus RTÉ atá i gCruinniú na nÓg 2023 agus is é an t-aon imeacht den chineál seo ar domhan.
Agus Cruinniú na nÓg 2023 á fhógairt aici, dúirt an tAire Martin:
"Gach bliain éiríonn Cruinniú na nÓg níos daingne i saol daoine óga ar fud na hÉireann. Tá clár ollmhór de ghníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce ann don 10 Meitheamh a chuirfidh go mór le samhlaíocht na ndaoine óga go léir. Is deis iontach é Cruinniú na nÓg 2023 d’aos óg na hÉireann triail a bhaint as gníomhaíocht chruthaitheach nua, cairde nua a dhéanamh agus ceangal a dhéanamh lena bpobail. Cuirfear gach imeacht ar fáil saor in aisce."
D’fhorbair Clár Éire Ildánach agus a chomhpháirtithe straitéiseacha roinnt tionscadail chruthaitheacha, agus beidh siad ar siúl Dé Sathairn, an 10 Meitheamh 2023.
Ta na tionscadail seo a leanas ina measc:
Reáchtálfaidh Líonra Ealaíona Sráide agus Líonra Sorcais agus Seó na hÉireann laethanta oscailte do dhaoine óga ar mhaith leo triail a bhaint as scileanna sorcais agus seónna sráide ina n-ionaid thiomnaithe i gCloch Shiurdáin, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Dóibh siúd nach mbeidh in ann freastal ar an imeacht, beidh réimse leathan ranganna teagaisc ar líne ar fáil agus tabharfar 5,000 pláta rince amach ionas gur féidir le daoine óga a scileanna sorcais a fhorbairt sa bhaile.
Oileán na Ríme - I mbliana tá Éire Ildánach ag obair i gcomhar le The Kabin Studio chun gach duine óg in Éirinn a spreagadh chun triail a bhaint as rapáil. Mar ullmhúchán tá foireann Oileán Ríme ag taisteal ar fud na tíre ag reáchtáil sraith ceardlann rap ar líne agus ar an láthair a chuirfear bailchríoch air ar lá ollmhór rap i nDún Eilíse i gCorcaigh a tógadh sa 17ú hAois.
Ealaín is ea í 2023 – tá comórtas iontach ealaíne Éire Ildánach agus RTÉ do dhaoine óga ar ais, agus fógrófar na hiontrálacha a bhuaigh ar an 10 Meitheamh 2023 mar aon le gailearaí digiteach náisiúnta ar líne de na hiontrálacha go léir.
Tacóidh TG4 le tacaíocht ó Rannán na Gaeltachta sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le ‘Ár nDomhan’/‘Mo Dhomhan’ le roinnt grúpaí tionscadail Chruinniú na nÓg lena n-áirítear tionscadail ealaíne gainimh sna ceithre chúige.
Ambasadóirí Chruinniú na nÓg 2023: I mbliana, d’iarr Éire Ildánach ar chuigear daoine óga iontacha ionadaíocht a dhéanamh ar Chruinniú na nÓg 2023 chun daoine eile a spreagadh lena gcuid fuinnimh agus scileanna cruthaitheacha.
Caterina Chiu Paone (8) Anuraidh bhuaigh Caterina catagóir 7 mbliana agus níos óige Ealaín is ea í lena colláis cat. Ní hamháin go ndéanann Caterina ealaín ach is breá léi damhsa Gaelach, an giotár a sheinm agus a cuid amhrán féin a scríobh agus a chanadh.
Is breá le Sibéal de Spáinn (8) a bheith ag snámh, ag déanamh ealaíne agus ag taifeadadh seónna raidió. Rinne sí a céad seó raidió in 2022 ar Raidió Rí-Rá. Nuair a dhéanann sí ealaín, mothaíonn sí iontach agus go bhfuil sí ag cabhrú leis an domhan mór. Creideann Sibéal go gciallaíonn a bheith cruthaitheach gur féidir leat do shamhlaíocht a úsáid chun rudaí éagsúla a dhéanamh.
Tá Jamie (an Rí) Forde (17) ag rapáil in The Kabin i gCnoc na Rí i gCorcaigh ó bhí sé 10 mbliana d’aois. In éineacht lena chara MC Tiny (Darren Stewart) thaifead Jamie ‘Yeah Boy’ a chan siad ar fud Chorcaí agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. In 2021 chuir Jamie Ed Sheeran i láthair ar The Late Late Toy Show.
Is ball í Jodie Byrne (14) de Chlub Sorcais Bhaile Átha Cliath ó 2022 i leith. I dtréimhse réasúnta gairid bhí sí ag siúl ar chosa croise i bparáid Lá Fhéile Pádraig. Do Chruinniú na nÓg i mbliana beidh sí i gClub Sorcais Bhaile Átha Cliath ag cur lena scileanna sorcais trí fhoghlaim conas plátaí a chasadh.
Tá Archie Evans (15) ina bhall de Chlub Sorcais Bhaile Átha Cliath le breis agus bliain agus taitníonn sé go mór leis! Uair sa tseachtain téann sé lena chairde sa chlub chun gach rud a fhoghlaim ó shiúl ar chosa croise go traipéis agus lámhchleasaíocht. Tríd an sorcas bhuail sé le déagóirí sorcais eile ó gach cearn den tír nuair a bhuail siad le haghaidh oiliúna níos déine. Is breá le Archie pionsóireacht, cluichíocht agus léamh freisin.
I 2023, lá uile-oileáin a bheidh i gCruinniú na nÓg le comhoibriú cruthaitheach saor in aisce trí imeachtaí trasphobail, ag nascadh daoine óga ó dhá thaobh na teorann, tríd an imeacht Circus Explored agus Rhyme Island.
Chun liosta iomlán de na gníomhaíochtaí ar fad agus eolas a fháil faoi conas páirt a ghlacadh i gCruinniú na nÓg – téigh chuig www.cruinniu.creativeireland.gov.ie agus www.rte.ie .
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is tionscnamh uile-rialtais, cultúr-bhunaithe é Clár Éire Ildánach, faoi stiúir na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ina leagtar béim ar thábhacht na cruthaitheachta daonna d’fholláine an duine aonair, an phobail agus na sochaí.
Tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach is ea Cruinniú na nÓg a fhaigheann tacaíocht ó na hÚdaráis Áitiúla agus RTÉ. Tá sé ar cheann de phríomhbheart Óige Ildánach – plean chun cumas cruthaitheach gach páiste agus duine óg a chumasú. Reachtáladh chéad Chruinniú na nÓg, a raibh 500 gníomhaíocht chruthaitheach shaor in aisce mar chuid de, Dé Sathairn, an 23 Meitheamh 2018.