Dúirt an tAire freisin “Glacaim leis na torthaí agus na moltaí sa tuarascáil agus táim ag iarraidh deimhniú a thabhairt do na teaghlaigh, do chairde agus do chomhghleacaithe an bheirt shaighdiúra óg seo, go bhfuil ceachtanna tábhachtacha foghlamtha don todhchaí. Ní fhéadfar earráidí a rinneadh nuair a tharla an eachtra agus, freisin, an bealach ar cuireadh na himscrúduithe ina dhiaidh sin i gcrích agus in iúl, nó go deimhin, nár cuireadh in iúl iad, a dhéanamh arís go deo. Chuige sin, deimhníodh dom go ndeachthas i ngleic le cuid mhaith de na saincheisteanna a hardaíodh sa tuarascáil sna blianta ó tharla an méid a tharla”.