Sainaithnítear i dtuarascáil nua ón Rialtas na bacainní ar ghníomhú ar son na haeráide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I dtuarascáil nua ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, tarraingítear aird ar na bacainní a bhaineann do dhaoine agus iad ag gníomhú ar son na haeráide, agus tugtar léargais luachmhara ar an "mbearna idir dearcadh agus iompraíocht" lenar féidir cabhrú le múnlú a dhéanamh ar an mbeartas aeráide agus ar chaidreamh poiblí a théann i bhfeidhm ar dhaoine go díreach.
Sa tuarascáil dar teideal ' 'Comhráite faoin Aeráid 2023 – Ó Ghníomhú an Duine Aonair go Rannpháirtíocht Chomhchoiteann', cuirtear leis an staidéar dar teideal ‘Climate Change in the Irish Mind’ ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, agus cuirtear in iúl gurb ard atá an fheasacht ar an athrú aeráide. Luaitear inti, freisin, áfach, go bhfuil dúshlán ag baint go fóill le braistint práinne agus tuisceana ar thionchar an duine aonair a chothú.
Sa tuarascáil, baintear leas as comhairliúcháin fhairsinge le saoránaigh, le geallsealbhóirí (lena n-áirítear an earnáil pobail agus dheonach, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, institiúidí oideachais, ionadaithe gnó, gníomhaireachtaí stáit, líonraí rannpháirtíochta poiblí, agus an lucht déanta beartas) agus leis an óige, agus tuiscint chuimsitheach á tabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le haistriú chuig sochaí ísealcharbóin. Sainaithnítear sa tuarascáil freisin a thábhachtaí atá aistriú cóir ar fud na n-earnálacha uile maidir lena chinntiú go bhfreagraímid don dúshlán aeráide ar bhealach cothromasach cuimsitheach.
Léirítear sa tuarascáil cé na réimsí ina mbíonn daoine agus pobail ar fud na hÉireann ag gníomhú ar son na haeráide, agus cé na réimsí ina bhfuil faisnéis, eolas, acmhainní nó cumas in easnamh ar dhaoine chun é sin a dhéanamh. Léirítear inti go mbíonn gníomhartha atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ag dul i méid, agus formhór na bhfreagraithe á rá go mbíonn siad ag úsáid iompar poiblí ar bhonn níos minice anois nó go mbíonn siad ag iarraidh a n-úsáid fuinnimh a bhainistiú ar bhealach níos fearr ina dteach. Léirítear go soiléir sa tuarascáil freisin go bhfuil sé mar rún ag formhór na ndaoine níos mó a dhéanamh, amhail athrú go feithicil leictreach nó infheistiú i ngrianphainéil. Cé go dtugann an rún sin le fios go bhfuil daoine réidh le tabhairt faoi ghníomhú méadaithe ar son na haeráide, léirítear sa staidéar freisin go bhfuil imní ar dhaoine faoi chostas agus raon na bhfeithiclí leictreacha atá ar fáil agus faoin toradh ar a n-infheistíocht i ngrianphainéil agus nach bhfuil a fhios acu cén áit ar cheart dóibh tosú ar a n-aistear iarfheistithe. Níl a fhios ag daoine ach oiread cé na gníomhartha a dhéanann an difear is mó. Mar shampla, ní aithníonn daoine gurb é ceann amháin de na bealaí is fearr chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú ná feithicil leictreach a thiomáint.
Tarraingítear aird sa tuarascáil freisin ar na nósanna a bhfuil sé níos deacra iad a athrú agus ar na príomhchúiseanna leis sin. Mar shampla, tá drogall ar a lán daoine déanamh gan an carr, agus tá amhras orthu faoi na tairbhí a bhaineann le teaschaidéil a ghlacadh. Níl sé beartaithe ag a lán fear an méid feola a itheann siad a laghdú ach oiread. Is féidir le gníomhaíochtaí ar cosúil go bhfuil siad "dírithe ar Bhaile Átha Cliath" daoine a chónaíonn i limistéir réigiúnacha agus thuaithe a choimhthiú freisin. Ar fud na nglún, is breá le daoine óga an tsaoirse chun eitiltí a thógáil, agus níl siad i bhfách leis an líon eitiltí a thógann siad a laghdú. An tráth céanna, is breá le daoine scothaosta na cineálacha traidisiúnta téimh, agus níl siad i bhfách lena dteach a théamh gan tine oscailte.
Léirítear go soiléir sa tuarascáil freisin, áfach, an dóigh a mbíonn daoine agus pobail ag sárú na mbacainní sin. Faightear amach inti go bhfuil gníomhú ar son na haeráide agus fíorathruithe ar bun trí ghníomhartha pobail ar fud na hÉireann. Is é a tháinig as an obair sin ná tionscnamh nua 'Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide'.
Chuir Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fáilte roimh an tuarascáil, agus é ag rá:
"Tarraingítear aird sa tuarascáil seo ar an ról ríthábhachtach atá á imirt ag daoine agus ag pobail cheana féin maidir le gníomhú ar son na haeráide a bhrú chun cinn. Tá nithe dearfacha ar siúl ar fud na tíre. Fianaise air sin is ea an líon grianphainéal a bhíonn á suiteáil ar dhíonta ar fud na tíre gach seachtain, rud a léiríonn go nglacfaidh daoine bealaí nua níos glaise go díograiseach, go háirithe má fheiceann siad an dóigh a dtéann siad chun tairbhe dóibh féin agus dá bpobal.
"Tugtar sa tuarascáil freisin léargas soiléir dúinn ar cad is gá dúinn a dhéanamh chun ceangal le daoine ar bhealach níos fearr, ar mhaithe le tuilleadh daoine a mhealladh chun dul i bpáirt linn san aistriú seo chuig tithe níos teo, pobail níos fearr, poist ghlasa agus talmhaíocht ghlas. Is é an tsaincheist is suntasaí sa tuarascáil ná gur gá aistriú cóir a chur san áireamh i ngach gné de ghníomhú ar son na haeráide. Mura ndéanaimid aistriú cóir, ní bheidh sé tapa, agus mura ndéanaimid aistriú tapa, ní bheidh sé cóir d’aon duine."
Bhí an obair atá pléite sa tuarascáil seo ar cheann amháin de na príomhnithe a bhí taobh thiar den chlár ‘Éiríonn le Gníomhartha ar son na hAeráide’, rud ar sheol an tAire Ryan é i mí an Mhárta. Tá sé mar aidhm leis an gclár uaillmhianach sin rannpháirtíocht an phobail a shainaithint, a chothú agus a mhéadú i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide ar fud na tíre.
CRÍOCH
Is é an tIdirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide clár náisiúnta na hÉireann chun caidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí agus le saoránaigh ar fud na sochaí agus chun iad a chumasú agus a chumhachtú chun gníomhú ar son na haeráide. Tríd an Idirphlé Náisiúnta, ghlac breis agus 12,000 duine páirt sna 'Comhráite faoin Aeráid' a reáchtáiltear gach bliain agus chuathas i dteagmháil le 1,000 geallsealbhóir trí chúig cinn d’imeachtaí de chuid an Fhóraim Náisiúnta Geallsealbhóirí Aeráide, trí thrí Thionól Óige Náisiúnta um an Aeráid, agus trí chaidreamh gníomhach leis na pobail a n-imríonn an t-aistriú chuig todhchaí atá neodrach ó thaobh carbóin de an tionchar is mó orthu.
Bhí Comhráite faoin Aeráid 2023 ar siúl ar feadh ocht seachtaine ó mhí an Mheithimh go mí Mheán Fómhair. Ba é IPSOS B&A a chuir an tuarascáil ar an imeacht le chéile thar ceann an Idirphlé Náisiúnta. Ghlac breis agus 4,000 duine páirt sa suirbhé ar líne. Reáchtáladh 12 cheardlann le grúpaí atá leochaileach i leith an aistrithe chuig an neodracht carbóin agus le grúpaí nach bhfuil páirteach sa díospóireacht aeráide go fóill. Rinneadh 18 n-agallamh dhoimhne le daoine ar fud na sochaí a thug faoi thionscadail nua éifeachtacha um ghníomhú ar son na haeráide. Rinneadh na léargais cháilíochtúla, chainníochtúla agus iompraíocha a thiomsú, a thriantánú agus a anailísiú, agus leas á bhaint as modhanna taighde dea-chleachtais.
Thriail Tionscadal Foraoise Feirme Illaun de chuid Hometree cur chuige nua i leith feirmeoirí Éireannacha a chur i mbun coillearnach a chruthú, rud atá ríthábhachtach maidir le spriocanna aeráide na hÉireann a chomhlíonadh. Tá ról lárnach ag feirmeoirí san iarracht sin, toisc gur leosan an chuid is mó de thalamh na hÉireann. Ba é a bhí i gceist leis an tionscadal, ar chuid de chlár de chuid na Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí é, ná rannpháirtíocht bhríoch ar leibhéal feirme, comhairle oibiachtúil, agus rannpháirtíocht an phobail. Beag beann ar na dúshláin stairiúla a bhaineann le ceadúnú agus íocaíochtaí foraoiseachta, d’éirigh leis an tionscadal breis agus 100 acra d’fhoraoiseacht a chur, agus chruthaigh gach feirmeoir rannpháirteach coillearnach bheag (3,000 crann) agus coillearnach mhór (suas le 30,000 crann).
Sárshampla de chur chuige pobal-lárnach i leith gníomhú ar son na haeráide agus cuimsiú sóisialta is ea an Mheitheal Mhachnaimh um Ghníomhú ar son Athruithe Sóisialta , ar comharchumann iarfheistithe é i mBaile Phib, Baile Átha Cliath. Trí leas a bhaint as an tsamhail um Aistriú na nDaoine, d’éascaigh an comharchumann comhoibriú i measc institiúidí áitiúla chun dul i ngleic le tithe faoi bhun caighdeáin agus chun deiseanna printíseachta a chruthú. Agus é faoi úinéireacht agus faoi oibriú ag an bpobal, féachann an comharchumann le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus le poist a sholáthar do dhaoine aonair imeallaithe, á chinntiú gur sa limistéar áitiúil a choinnítear na tairbhí a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide agus go bhfuil na tairbhí sin cuimsitheach ón taobh sóisialta de.
Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide do Chathair Chorcaí , cuirtear béim ar chomhoibriú i measc geallsealbhóirí. Faigheann an Plean tacaíocht ón Aontas Eorpach, a sholáthraíonn treoir, cistiú agus dea-chleachtais. I measc na bpríomhghnéithe tá staidéir bhonnlíne chun dul chun cinn a thomhas, caidreamh cuimsitheach le geallsealbhóirí chun tacaíocht leathan a ghnóthú, agus rannpháirtíocht shuntasach an lucht gnó. Tá sa Phlean freisin deich gcinn de Phleananna áitiúla um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide atá saincheaptha chun freastal ar na riachtanais shonracha atá ag pobail dhifriúla laistigh den chathair.
Is é is Corca Dhuibhne 2030 ann tionscnamh comhtháite a bhfuil mar aidhm leis Corca Dhuibhne a aistriú ina sochaí inbhuanaithe ísealcharbóin faoin mbliain 2030. Agus é ag comhoibriú le heintitis amhail Mol Cruthaitheachta agus Nuálaíochta Dhaingean Uí Chúis, Líonraí BSL, Forbairt Chiarraí Thuaidh, Thoir agus Thiar, agus an tIonad um Fhuinneamh Muirí agus In-athnuaite, díríonn an tionscnamh ar fhuinneamh in-athnuaite, ar an iompar inbhuanaithe, agus ar thomhaltas freagrach. I measc na bpríomhthionscadal tá Máistirphlean Fuinnimh, teicneolaíochtaí nuálacha le haghaidh líonra leictreach athléimneach, agus caidreamh fairsing leis an bpobal. Tá an cur chuige pobalbhunaithe sin ag teacht le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, agus é ina shamhail le haghaidh forbairt inbhuanaithe in Éirinn agus thar lear.