Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 8 Feabhra 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil seisear le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh cúigear díobh sin i mí Feabhra agus bhásaigh duine díobh i mí Eanáir.
84 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 75-95 an raon aoise.
3,687* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 7 Feabhra, cuireadh 829 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 204,397* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 8am inniu tá 1,212 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 176 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 39 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 5 Feabhra, bhí 230,776 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 07 Feabhra 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 07 Feabh 2021) | Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 07 Feabh 2021) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (25 Ean 2021 go 07 Feabh 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (25 Ean 2021 go 07 Feabh 2021) | |
Éire | 829 | 1,008 | 326.9 | 15,566 | |
Muineachán | 12 | 27 | 692.3 | 425 | |
Ceatharlach | 30 | 21 | 505.9 | 288 | |
Port Láirge | 9 | 29 | 446.7 | 519 | |
Lú | 32 | 30 | 444.6 | 573 | |
Loch Garman | 11 | 37 | 404.8 | 606 | |
Baile Átha Cliath | 386 | 356 | 403.8 | 5,440 | |
Maigh Eo | 17 | 27 | 364 | 475 | |
An Mhí | 39 | 50 | 348.1 | 679 | |
Gaillimh | 28 | 53 | 336.7 | 869 | |
Uíbh Fháilí | 12 | 15 | 320.7 | 250 | |
Luimneach | 32 | 44 | 316.1 | 616 | |
Dún na nGall | 9 | 29 | 308.4 | 491 | |
Cill Dara | 35 | 49 | 298.4 | 664 | |
An Longfort | 7 | 9 | 293.6 | 120 | |
An Cabhán | 32 | 19 | 283.6 | 216 | |
Laois | 11 | 18 | 281 | 238 | |
Corcaigh | 36 | 83 | 249.6 | 1,355 | |
An Iarmhí | 15 | 18 | 249 | 221 | |
Sligeach | <5 | 10 | 241.1 | 158 | |
Cill Mhantáin | 10 | 19 | 221.2 | 315 | |
Tiobraid Árann | 27 | 17 | 213.1 | 340 | |
An Clár | 10 | 13 | 173.4 | 206 | |
Liatroim | 0 | 4 | 156 | 50 | |
Cill Chainnigh | 14 | 11 | 151.2 | 150 | |
Ciarraí | 5 | 14 | 146.9 | 217 | |
Ros Comáin | 6 | 7 | 131.7 | 85 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.