Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 14 Nollaig 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 2,126 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 13 Nollaig, cuireadh 264 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 76,449 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 2pm inniu tá 215 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 33 díobh sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 17 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 13 Nollaig 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 13 Noll 2020) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 13 Noll 2020) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 13 Noll 2020) |
Éire | 264 | 83.4 | 3,973 |
Dún na nGall | 24 | 225.5 | 359 |
Cill Chainnigh | 10 | 199.5 | 198 |
Lú | 9 | 175.4 | 226 |
Ceatharlach | 9 | 166.9 | 95 |
Longfort | <5 | 134.6 | 55 |
Luimneach | 18 | 126.2 | 246 |
Muineachán | 0 | 117.3 | 72 |
An Cabhán | <5 | 111.6 | 85 |
Maigh Eo | 9 | 106.5 | 139 |
Laois | 8 | 99.2 | 84 |
Cill Mhantáin | 7 | 99 | 141 |
Baile Átha Cliath | 79 | 91.9 | 1,238 |
Tiobraid Árann | 5 | 80.9 | 129 |
Port Láirge | 8 | 77.5 | 90 |
Uíbh Fhailí | <5 | 64.1 | 50 |
An Mhí | 7 | 61.0 | 119 |
Cill Dara | 14 | 58.9 | 131 |
Gaillimh | 5 | 53.5 | 138 |
Sligeach | <5 | 47.3 | 31 |
Loch Garman | 14 | 45.4 | 68 |
Ros Comáin | 0 | 44.9 | 29 |
Ciarraí | 19 | 30.5 | 45 |
An Iarmhí | <5 | 29.3 | 26 |
An Clár | 0 | 27.8 | 33 |
Corcaigh | 10 | 25.4 | 138 |
Liatroim | 0 | 25 | 8 |